Áth Cliath 2-21 Laois 2-10

Páirc Uí Nualláin, 4 Meitheamh, 2017

Tuigfidh Jim Gavin go bhfuil go leor oibre le déanamh ag a fhoireann tar éis an bhua seo ar Laois. Ní haon dochar é sin, áfach. Ag an bpointe seo den chraobh b’fhearr i bhfad go mbeadh gnéithe áirithe dá gcuid imeartha le feabhsú acu seachas a bheith ag buachan ar 20 cúilín. Níor aimsigh siad ach 7 gcúilín sa dara leath agus scaoil siad isteach dhá chúl bhoga taobh istigh de 5 nóiméad, nó mar sin, sa dara leath. An bhfuil cúis imní ag Gavin?

CC4

Bhí drochlá ag cúlaithe na Dubs sa dara leath den chluiche. Is caillteanas an-mhór Rory O’Carroll agus Jack McCaffrey don phainéal agus bhí sé sin le feiceáil i bPáirc Uí Nualláin Dé Sathairn. Nuair a bhí McCaffrey agus O’Carroll ar an bhfoireann, d’fhéadfadh duine nó beirt de na cúlaithe drochlá a bheith acu gan cur isteach rómhór ar an toradh. Caithfidh na cúlaithe uilig a bheith ag imirt go maith anois, áfach. Thug muid dhá chúl bhoga do Laois de bharr nach raibh muid in ann déileáil leis an liathróid ard fhada a bhí á cur isteach i dtreo Donie Kingston ar imeall na cearnóige. Chruthaigh Kingston go leor fadhbanna dúinn.

Is imreoirí iontacha iad John Small agus Davie Byrne ach tá siad ag seasamh isteach sa bhearna bhaoil do bheirt de na himreoirí is fearr a bhí ag na Dubs riamh. Cinnte, tá siad maith a ndóthain an beart a dhéanamh ach dúshlán an-mhór a bheidh rompu más iad a bheidh ag imirt. As an seisear cúlaithe a chríochnaigh an cluiche níor thosaigh ach duine amháin acu – James McCarthy – in aghaidh Chiarraí i mí Mhean Fómhair 2016. Ábhar machnaimh!

Tháinig Con O’Callaghan isteach i lár an dara leath. Beidh Gavin an-sásta leis. Bhí tionchar an-mhór aige ar an gcluiche a fhad a bhí sé ar an bpairc. Tá mé ag súil go mór le tuilleadh de O’Callaghan a fheiceáil amach anseo.

CC 3

Ní thosóidh an chraobh i gceart go dtí mí Lúnasa agus is cinnte go dtuigeann an lucht bainistíochta gurb é an dúshlán is mó atá roimh fhoireann Átha Cliath i mbliana ná a bheith réidh don ardú caighdeáin is don ardú céime ó mhí Lúnasa ar aghaidh. Ní haon dochar é go bhfuil go leor rudaí le feabhsú acu.

Laois

Bhí drochthús ag Laois ach beidh bainisteoir na foirne, Mick Lillis, sásta leis an gcaoi ar imir a fhoireann sa dara leath. Ní bheidh sé sásta le John O’Loughlin, áfach. Cuireadh den pháirc é tar éis dó smacht a chailleadh air féin nuair a bhuail sé Michael Darragh Macauley.

Is an-imreoir é Donie Kingston agus thug sé go leor fadhbanna do chúlaithe Átha Cliath. Ard Mhacha atá acu sa gcéad chluiche agus ní chuirfeadh sé puinn iontais orm dá bhfaigheadh siad an ceann is fearr ar fhoireann Kieran McGeeney. Ni fheicfidh muid i mí Lúnasa iad, áfach!

Is léir go ndearna lucht leanta Laoise baghchat ar an gcluiche seo lena gcuid míshástachta a léiriú nuair nár cuireadh an cluiche ar siúl i bPáirc Uí Mhórdha, Port Laoise. Ní raibh ach dornán beag bídeach de mhuintir Laoise i measc an 16,764 a bhí ann.

An Chéad Leath

Bhí tús spleodrach ag na Dubs agus tar éis 10 nóiméad bhí siad 2-04 go dtí 0-01 chun tosaigh. Ba iad Dean Rock agus Diarmuid Connolly a d’aimsigh na cúil do na Dubs. Bhí smacht iomlán acu ar an gcéad leath agus bhí siad 2-12 go dtí 0-07 chun tosaigh ag leatham, a bhuíochas do scóranna ó Rock, Connolly agus ó Chiarán Kilkenny. Sa 27ú nóiméad tugadh buille eile do Laois nuair a cuireadh John O’Loughlin den pháirc théis dó Michael Darragh Macauley a bhualadh. Lig fear Chumann Peile Naomh Bríd síos é féin agus beidh díomá air.

CC1

An Dara Leath

Thit an tóin as cosaint na Dubs go luath sa dara leath agus d’éirigh le Laois dhá chúl a aimsiú taobh istigh de chúpla nóiméad. Chuir sé seo cruth níos fearr ar chlár na scór do mhuintir Laoise. D’aimsigh Paul Cahillane an chéad chúl ó chic éirice agus d’aimsigh Stephen Attride an dara ceann cúpla nóiméad ina dhiaidh sin.

D’fheabhsaigh na Dubs ina dhiaidh sin, áfach, agus a bhuíochas do scóranna ó Connolly, Rock agus Kilkenny, i measc daoine eile, bhí na Dubs compordach. Chuaigh Con O’Callaghan i bhfeidhm go mór ar lucht leanta na hardchathrach nuair a tháinig sé isteach agus bhí an lucht leanta céanna an-sásta Eoghan O’Gara a fheiceáil ar ais ag imirt sa gCraobh arís. Cuireadh an fháilte roimhe – an cineál fáilte a mbíodh á cur roimh Vinnie Murphy nuair a bhí sé i mbarr a réime! An scór deiridh – Átha Cliath 2-21 Laois 2-10.

Laoch na hImeartha

Bhí an-chluiche ag Diarmuid Connolly agus d’aimsigh sé 1-04 ón imirt. Bhí Dean Rock damanta maith, áfach, agus an-chruinn lena chuid scóranna. Chríocnaigh sé féin an lá le 1-10 agus 1-06 acu sin ón imirt. Is ag Dean Rock atá Laoch na hImeartha.

Amach Anseo

An dúshlán is mó atá roimh na Dubs ná an caighdeán a choinneáil chomh hard agus is féidir. Ní thosóidh an Chraobh i gceart go dtí mí Lúnasa. De bharr go bhfuil Craobh Laighean chomh lag is atá faoi láthair ní bheifeá ag súil le cluiche deacair go dtí sin. Beidh seans ag imreoirí atá ar imeall an phainéil gabháil i bhfeidhm ar an bhfoireann bainistíochta idir an dá linn.

CC 2

Tabharfaidh na Dubs aghaidh ar bhuaiteoirí an chluiche idir an Mhí agus an Lú, a imreofar i bPáirc Pharnell Dé Domhnaigh, ar 26 Meitheamh.

Bhí sé iontach go raibh deis againn taisteal don chluiche seo. Bíonn atmaisféar iontach i gcónaí ann nuair a scaoiltear na Dubs amach as Baile Átha Cliath. Ba i gcomhluadar mhuintir Bhaile Buadáin, Naomh Éanna, a bhí mé. Thug muintir Pháirc Uí Nualláin an-aire dúinn ach mholfainn go mór don té a bhí i mbun na bhfógraí ainmneacha na n-imreoirí a fhoghlaim!! Bhain a raibh i láthair an-chraic as a chuid botún.

Na Dubs abú

Áth Cliath: S Cluxton, D Byrne (0-01), J Cooper, P McMahon, J McCarthy, C O’Sullivan, J Small, B Fenton, MD Macauley, C Kilkenny (0-04), K McManamon (0-01), D Connolly (1-04), P Mannion, D Rock (1-10), B Brogan

Ionadaithe: M Fitzsimons do P McMahon, C Costello do B Brogan, C O’Callaghan (0-01) do P Mannion, D Daly do C O’Sullivan, E Lowndes do J Cooper, E O’Gara do D Rock

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s