Cill Chainnigh v Áth Cliath

Páirc Uí Mhórdha, 11 Meitheamh 2016

Tabharfaidh foireann iománaíochta Átha Cliath aghaidh ar Chill Chainnigh anocht, Dé Sathairn, 11 Meitheamh, i gcluiche leathcheannais Chúige Laighean i bPáirc Uí Mhórdha, Port Laoise.

4

Cluiche é seo a thaispeánfaidh dúinn cén áit go díreach a bhfuil foireann seo Ger Cunningham. In ainneoin gur éirigh go réasúnta maith leo sa tSraith tá sé deacair a dhéanamh amach an bhfuil siad sách maith dúshlán ceart a thabhairt do na boic mhóra ar na laethanta móra. Beidh a fhios againn théis an chluiche seo. Beidh an fhoireann chéanna ag gabháil chun páirce is a chuaigh in aghaidh Loch Garman.

Maidir le Cill Chainnigh tá go leor sna meáin ag tuar go bhfuil an ré órga seo na gCat ag teacht chun deiridh. Tá an rud céanna á thuar le cúig bliana anuas! Níl aon amhras ach go mbeidh foireann Brian Cody san iomaíocht do Chorn Liam Mhic Cárthaigh arís i mbliana. Úsáidfidh Cody an diúltachas seo sna meáin chun a leasa.

Is iad Cill Chainnigh rogha na coitiantachta don chluiche seo. Tá mé dóchasach go mbeidh na Dubs in ann fanacht leo, áfach, agus an bhearna a choinneáil taobh istigh de 6 chúilín. Dá n-éireodh leo é sin a dhéanamh bheadh dul chun cinn an-mhór déanta acu.

Na Dubs abú!

An Fhoireann

Conor Dooley              Baile Buadáin

Eoghan O’Donnell       Fionnbhrú Cholmcille

Cian O’Callaghan        Cuala

Oisín Gough                Cuala

Shane Barrett              Na Fianna

Liam Rushe                 Naomh Pádraig

Chris Crummey            Sáirséalaigh Leamhcáin

Darragh O’Connell      Cuala

Johnny McCaffrey       Sáirséalaigh Leamhcáin

Daire Plunkett             Naomh Bríd

Niall McMorrow          Baile Buadáin

David Treacy               Cuala

Mark Schutte               Cuala

David O’Callaghan      Baile Buadáin

Eamonn Dillon             Naomh Fionnbarra

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s