Na Dubs faoi Bhois an Chait!

Cill Chainnigh 1-25 Áth Cliath 0-16

Páirc Uí Mhórdha, Port Laoise, 11 Meitheamh, 2016

Bhí na Dubs iontach sa gcéad leath ach ní raibh siad sách maith nuair a d’ardaigh Cill Chainnigh an díocas agus luas na himeartha sa dara leath. Bun agus barr an scéil. Beidh go leor le foghlaim ag foireann óg Ger Cunningham ón gcluiche seo ach beidh orthu foghlaim go sciobthaí nó beidh siad ag fágáil na Craoibhe go luath.

Na Cait 1

D’aimsigh na Cait 1-08 gan aon fhreagra ó na Dubs ag tús an dara leath. Caithfidh foireann Cunningham a bheith réidh amach anseo nuair a théann siad chun páirce don dara leath. Mara bhfuil siad réidh tarlóidh an rud céanna arís. Nuair a theip ar phocanna amach gairide Conor Dooley sa tréimhse áirithe seo den chluiche bhí an chuma ar an scéal nach raibh aon phlean B acu.

Bíonn tréimhsí iontacha scórála ag gach foireann le linn cluichí. Caithfidh na Dubs rudaí a mhoilliú síos nuair a bhíonn na tréimhsí seo ag gabháil ina n-aghaidh. D’fhéadfaidís duine nó beirt a tharraingt siar, nó, am a chur amú trí fhanacht ar an talamh nuair a stoptar an imirt.

Dá bhféadfaidís tabhairt faoi ionsaí fíochmhar seo na gCat, ag tús an dara leath, taobh istigh de chúpla nóiméad d’fhéadfadh cluiche an-difriúil a bheith ann. Bhí an obair mhaith uilig a rinne na Dubs sa gcéad leath imithe le sruth agus bhí an cluiche thart. Sin a dhéanann Cill Chainnigh do fhoirne agus ba cheart do na Dubs a bheith réidh dóibh.

Cill Chainnigh

Bhí go leor ag tuar go dtiocfadh deireadh le réimeas fhoireann Brian Cody i mbliana ach mholfainn athmhacnamh a dhéanamh air sin. In ainneoin go bhfuil iomaíocht ghéar anois acu ón gClár agus ó na Déise ach go háirithe, bheadh siad fós mar rogha na coitiantachta agamsa. Bí cinnte de, níl Cill Chainnigh imithe – agus ná heist le duine ar bith a deireann go bhfuil!

Cody

An Chéad Leath

Ní raibh móran idir na foirne ó thús go deireadh an chéad leath in ainneoin gur éirigh le Cill Chainnigh gabháil ceithre chúilín chun tosaigh faoi dhó. Ba iad saorphocanna TJ Reid (0-06) a choinnigh na Cait beagáinín beag chun tosaigh agus ba iad saorphocanna saor David Treacy (0-08) a choinnigh na Dubs ar a sála. I measc na scórálaithe eile do Chill Chainnigh sa gcéad leath sin bhí Colin Fennelly, John Joe Farrell, Cillian Buckley agus Walter Walsh. D’aimsigh Dotsie O’Callaghan, Daire Plunkett agus Eamonn Dillon na scóranna eile do Áth Cliath. Scór leathama – Cill Chainnigh 0-12 Áth Cliath 0-11.

An Dara Leath

Tháinig Cill Chainnigh amach ag tús an dara leath agus rinne siad scrios ar na Dubs. D’aimsigh said 1-08 idir sin agus an 50ú nóiméad gan aon fhreagra ó na Dubs. Bhí John Joe Farrell damanta agus rinne sé féin agus TJ Reid damáiste aisteach do fhoireann na hardchathrach. Uaidh sin go deireadh an chluiche rinne na Dubs go leor iarrachtaí an sliotar a chur isteach i dtreo na cearnóige le go bhféadaidís cúil aimsiú ach bhí chuile rud faoi smacht glan ag cúlaithe Chill Chainnigh.

Níor éirigh le hÁth Cliath ach cúig chúilín a aimsiú sa dara leath – trí cinn ó David Treacy agus ceann an duine ó Paul Ryan agus ó Dotsie O’Callaghan. I measc na scórálaithe do Chill Chainnigh sa dara leath bhí John Joe Farrell le 1-03, TJ Reid le 0-04, Walter Walsh le 0-02, agus ceann an duine ó Chillian Buckley, Lester Ryan, Colin Fennelly agus Conor Fogarty. Imríodh an cluiche os comhair 10,419. An scór deiridh – Cill Chainnigh 1-25 Áth Cliath 0-16.

Amach Anseo

Is foireann óg nua í foireann seo Átha Cliath agus tógfaidh sé am plean agus stíl imeartha a chur i bhfeidhm. Caitear seans a thabhairt dóibh. D’imir siad le díocas sa gcéad leath agus níor ghéill siad do Chill Chainnigh nuair a d’éirigh leo gabháil ceithre chúilín chun tosaigh. Caithfidh an fhoireann bainistíochta béim a leagan air seo. Caithfidh said a bheith dearfach agus aghaidh á tabhairt acu ar na cluichí cáilithe. Tá siad fós sa rása agus beidh seans acu réiteach don chuid eile den Chraobh gan mórán brú orthu.

4

Tabharfaidh an bealach ar imir siad sa gcéad leath den chluiche seo muinín, misneach is mórtas do na himreoirí. Bímis dóchasach. Na Dubs abú.

Áth Cliath: C Dooley, E O’Donnell, C O’Callaghan, O Gough, S Barrett, L Rushe, C Crummey, D O’Connell, J McCaffrey, D Plunkett (0-01), N McMorrow, R O’Dwyer, E Dillon (0-01), D O’Callaghan (0-02), D Treacy (0-11)

Ionadaithe: P Ryan (0-01) do R O’Dwyer, O O’Rorke do N McMorrow, N Corcoran do O Gough, S Treacy do S Barrett, C Bennett do D O’Callaghan

Advertisements

One thought on “Na Dubs faoi Bhois an Chait!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s