20 Ceist Eile CLG Átha Cliath oraibh!

Seo chugaibh 20 ceist eile ar chúrsaí CLG Átha Cliath. Cuirfear na freagraí ar fáil anseo Dé Sathairn seo chugainn, 25 Meitheamh. Bainigí taitneamh astu agus coinnigí amach ó Google!!

untitled

1. Tá Craobh Iomána Laighean de Chraobh na gClubanna buaite ag foireann amháin as Baile Átha Cliath. Ainmnigh an club sin?

2. Cé a bhí mar bhainisteoir ar fhoireann peile Átha Cliath nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann sa mbliain 1995?

3. Cén club lena n-imríonn Eamon Dillon?

4. Ainmnigh an dá chontae lenar imir Declan Darcy peil?

5. Cá mhéad uair ar bhuaigh Conal Keaney Craobh Iomána Átha Cliath le Baile Buadáin Naomh Éanna?

6. Cá mhéad uair a bhfuil Craobh na hÉireann buaite ag peileadóirí sinsearacha Chrócaigh Chill Mochuda?

7. Cé a bhí mar bhainisteoir ar iománaithe Átha Cliath sular tháinig Anthony Daly ag deireadh 2008 ?

8.Cén bhliain inar bhuaigh foireann iománaíochta Átha Cliath Craobh Laighean go deireanach?

9. Tá dhá sheit deartháireacha, a imríonn le Cuala, ar phainéal iomána Átha Cliath. Ainmnigh iad.

10. Cérbh iad an fhoireann dheireanach le buachan ar pheileadóirí Átha Cliath (gach comórtas san áireamh)?

11. Cá mhéad gradam ollréalta atá buaite ag Liam Rushe?

12. Tá 7 gclub tar éis Craobh Shinsearach Peile Átha Cliath a bhuachan ó 2000 i leith. Ainmnigh iad.

13. Ainmnigh an bheirt imreoirí ó Bhaile Átha Cliath a cuireadh den pháirc i gCath na hÓmaí in aghaidh Thír Eoghain sa mbliain 2006?

14. Cá mhéad uair ar bhuaigh Áth Cliath Craobh Shinsearach Peile na hÉireann?

15. Cén contae lenar imir Darragh O’Connell sular tógadh isteach ar phainéal Átha Cliath é i mbliana?

16. Cé a d’aimsigh na cúil do Áth Cliath nuair a bhuaigh siad Craobh Peile na hÉireann in aghaidh Mhaigh Eo i 2013 ar scór 2-12 go dtí 1-14?

17. Cé a bhuaigh Craobh Iomána Átha Cliath sa mbliain 2014?

18. Cá mhéad uair ar bhuaigh Kevin Heffernan Craobh Peile na hÉireann mar imreoir?

19. Cé a d’ardaigh Corn an Bhreathnaigh thar ceann iománaithe Átha Cliath nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Loch Garman sa gcluiche ceannais i mbliana?

20. Cé a bhí mar chaptaen ar fhoireann peile Átha Cliath nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann sa mbliain 1983?

Advertisements

One thought on “20 Ceist Eile CLG Átha Cliath oraibh!

  1. 1. Tá Craobh Laighean de Chraobh na gClubanna buaite ag foireann amháin as Baile Átha Cliath. Ainmnigh an club sin? Croimghlinn
    2. Cé a bhí mar bhainisteoir ar fhoireann peile Átha Cliath nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann sa mbliain 1995? An Dr. Pat O’Neill
    3. Cén club lena n-imríonn Eamon Dillon? Naomh Fionnbarra
    4. Ainmnigh an dá chontae lenar imir Declan Darcy peil? Áth Cliath agus Liatroim
    5. Cá mhéad uair ar bhuaigh Conal Keaney Craobh Iomána Átha Cliath le Baile Buadáin Naomh Éanna? 5 huaire
    6. Cá mhéad uair a bhfuil Craobh na hÉireann buaite ag peileadóirí sinsearacha Chrócaigh Chill Mochuda? Dhá uair
    7. Cé a bhí mar bhainisteoir ar iománaithe Átha Cliath sular tháinig Anthony Daly ag deireadh 2008 ? Tommy Naughton
    8.Cén bhliain inar bhuaigh foireann iománaíochta Átha Cliath Craobh Laighean go deireanach? 2013
    9. Tá dhá sheit deartháireacha, a imríonn le Cuala, ar phainéal iomána Átha Cliath? Ainmnigh iad. Seán agus David Treacy, Paul agus Mark Schutte
    10. Cérbh iad an fhoireann dheireanach le buachan ar pheileadóirí Átha Cliath (gach comórtas san áireamh)? An Longfort
    11. Cá mhéad gradam ollréalta atá buaite ag Liam Rushe? 2
    12. Tá 7 gclub tar éis Craobh Shinsearach Peile Átha Cliath a bhuachan ó 2000 i leith. Ainmnigh iad. Naomh Uinsionn, Ciceam Bhaile Munna, Crócaigh Chill Mochuda, Baile Buadáin Naomh Éanna, Naomh Bríd, Na Fianna, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath
    13. Ainmnigh na himreoirí ó Bhaile Átha Cliath a cuireadh den pháirc i gCath na hÓmaí in aghaidh Thír Eoghain sa mbliain 2006? Alan Brogan agus Denis Bastick
    14. Cá mhéad uair ar bhuaigh Áth Cliath Craobh Shinsearach Peile na hÉireann? 25
    15. Cén contae lenar imir Darragh O’Connell sular tógadh isteach ar phainéal Átha Cliath é i mbliana? Ciarraí
    16. Cé a d’aimsigh na cúil do Áth Cliath nuair a bhuaigh siad Craobh Peile na hÉireann in aghaidh Mhaigh Eo i 2013 ar scór 2-12 go dtí 1-14? Bernard Brogan
    17. Cé a bhuaigh Craobh Iomána Átha Cliath sa mbliain 2014? Crócaigh Chill Mochuda
    18. Cá mhéad uair ar bhuaigh Kevin Heffernan Craobh Peile na hÉireann mar imreoir? Uair amháin
    19. Cé a d’ardaigh Corn an Bhreathnaigh thar ceann iománaithe Átha Cliath nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Loch Garman sa gcluiche ceannais i mbliana? Liam Rushe
    20. Cé a bhí mar chaptaen ar fhoireann peile Átha Cliath nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann sa mbliain 1983? Tommy Drumm

    Moladh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s