Áth Cliath v An Mhí

Cluiche Leathcheannais Peile Chúige Laighean

Páirc an Chrócaigh, 26 Meitheamh, 2016

Go stairiúil tá an cluiche seo ar cheann de na cluichí is géire ó thaobh iomaíochta i bhféilire Chumann Luthchleas Gael. Le blianta beaga anuas, áfach, tá an lámh in uachtar faighte go mór ag na Dubs sna cluichí seo. Riamh anall, chabhraigh foireann láidir de chuid na Mí leis na Dubs a ghríosadh agus le barr feabhais a chur ar a gcuid imeartha agus chabhraigh foireann láidir de chuid na hardchathrach leis an Mí. Tá muintir na Mí i mbun tréimhse atógála faoi láthair, áfach, agus dá bharr sin bheifeá ag súil go mbeadh bua réasúnta éasca ag na Dubs amárach.

ACvAnMh1

An Mhí

Tá roinnt mhaith athruithe déanta ag Mick O’Dowd ar fhoireann na Mí i mbliana agus imreoirí ar nós Cillian O’Sullivan ag déanamh an-dul chun cinn. Beidh ar Jim Gavin súil ghéar a chonneáil ar leithéidí Graham Reilly, Dónal Keogan agus Michael Newman amárach. D’fhéadfaidís roinnt mhaith deacrachtaí a chruthú do na Dubs má ligtear dóibh.

Na Dubs

Beidh an fhoireann chéanna ag gabháil chun páirce do na Dubs is a chuaigh chun páirce don chluiche in aghaidh Laoise. Bímis cinnte go mbeidh roinnt de na cúlaithe, ach go háirithe, ag iarraidh feabhsú ón lá deiridh. Is féidir linn a bheith ag súil le cluiche mór ó Bernard Brogan, freisin. Níor éirigh leis aon scór a aimsiú i bPáirc Uí Nualláin in aghaidh Laoise – rud nach dtarlaíonn rómhinic.

Beidh bua éasca ag foireann Jim Gavin ach éireoidh leis an Mí fanacht sa gcluiche go dtí tús an dara leath. Nuair a thiocfas ionadaithe na Dubs ar an bpáirc de réir a chéile, ní bheidh an Mhí in ann iad a láimhseáil. Is féidir linn a bheith ag súil le Con O’Callaghan, Eoghan O’Gara agus le Paddy Andrews a fheiceáil ag pointe áirithe freisin.

Na Dubs le 10+ cúilín.

An Fhoireann

1. Stephen Cluxton                               CLG Parnell

2. Philly McMahon                              Baille Munna

3. Jonny Cooper                                    Na Fianna

4. David Byrne                                      Naomh Olaf

5. James McCarthy                              Baile Munna

6. Cian O’Sullivan                               Crócaigh Chill Mochuda

7. John Small                                        Baile Munna

8. Brian Fenton                                    Rath Eanaigh

9. Michael Darragh Macauley         Baile Buadáin Naomh Éanna

10. Dean Rock                                      Baile Munna

11. Kevin McManamon                      Naomh Jude

12. Ciarán Kilkenny                            Caisleán Cnucha

13. Paul Mannion                                Crócaigh Chill Mochuda

14. Diarmuid Connolly                      Naomh Uinsionn

15. Bernard Brogan Naomh             Oilibhéir Pluincéid Eoghan Ruadh

 

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s