Connolly ar Fheabhas do na Dubs

Áth Cliath 0-21 An Mhí 0-11

Páirc an Chrócaigh, 26 Meitheamh, 2016

Bhí bua ‘ró-éasca’ ag na Dubs in aghaidh na Mí sa gcluiche seo a imríodh i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite, 26 Meitheamh, 2016. Léiriú a bhí sa mbua seo ar an éascaíocht a bhaineann le buanna na Dubs i gCraobh Laighean na laethanta seo. Bheadh go leor den tuairim gurb iad an Mhí an dara foireann is láidre sa gcúige agus insíonn sin a scéal féin. Ní raibh na Dubs ach ag bogsodar sa gcluiche seo agus ní fhaca muid faoi lán an tseoil iad ar chor ar bith. Bhuaigh siad go héasca mar sin féin.

BÁCvANMHÍ

Chruthaigh Laois go leor deacrachtaí do chúlaithe Jim Gavin sa gcluiche deireanach ach beidh Gavin sásta leis an gcaoi ar imir siad sa gcluiche seo. Ó thús an chluiche bhí sé soiléir go raibh plean ag Mick O’Dowd díriú ar line lánchúil Átha Cliath. Cuireadh go leor liathróidí arda isteach i dtreo imeall na cearnóige. Bhí Jonny Cooper, Davy Byrne agus Philly McMahon an-chompordach leo an uair seo, áfach, agus níor éirigh le fir na Mí móran deacrachtaí a chruthú dóibh. Beidh Gavin sásta leis sin.

Choinnigh an Mhí go leor imreoirí siar idir an line cúil is an líne leathchúil agus ghéill siad do chiceanna amach Cluxton. Dá bharr sin, ba ag na Dubs a bhí seilbh na liathróide den chuid is mó agus bhog siad an liathróid go deas réidh timpeall na páirce agus iad ag iarraidh bearnaí a aimsiú i measc chúlaithe na Mí. Bhí na Dubs chun tosaigh ar chlár na scór agus thuig siad go rímhaith gur faoin Mí a bhí sé teacht amach agus an liathróid a bhuachan ar ais. Mar sin, ní raibh aon mhórphráinn ag baint lena gcuid imeartha.

DUBvAnMHí

Ní bheadh Gavin ná a fhoireann bainistíochta tar éis mórán a fhoghlaim ón gcluiche seo agus bheifeá ag súil go mbeadh níos mó díocais le feiceáil ag seisiúin traenála dá gcuid féin. D’fhéadfadh an easpa dúshlán seo atá ag foireann Átha Cliath i gCúige Laighean gabháil ina n-éadan níos faide anonn sa rása le haghaidh SAM. Beidh orthu a bheith réidh don ardú mór iomaíochta a thiocfas ó mhí Lúnasa ar aghaidh.

An Mhí

Beidh Mick O’Dowd sásta leis an gcaoi ar imir a fhoireann sa gcéad leath ach ní bheidh sé sásta leis na seansanna a chuir a chuid tosaithe amú sa dara leath. Is cosúil go raibh sé d’aidhm acu scór na Dubs a choinneáil síos agus d’fhéadfadh bearna beagáinín níos lú a bheith ann dá dtógfaí na scóranna.

Mar a luadh cheana ghéill a fhoireann do chiceanna amach Stephen Cluxton agus is rud é seo nach féidir a dhéanamh in aghaidh na Dubs. D’fhéadfadh rudaí a bheith i bhfad níos measa dóibh, freisin, dá gcuirfí Burke den pháirc tar éis dó Ciarán Kilkenny a bhualadh – agus díreach os comhair an fhir taobhlíne.

Tá turas go Doire rompu anois sna cluichí cáilithe ar 9 Iúil agus is cluiche é seo a chaithfidh siad a bhuachan má tá sé i gceist acu aon dul chun cinn a dhéanamh i mbliana.

An Chéad Leath

Thosaigh an Mhí go láidir agus tar éis 9 nóiméad bhí siad chun tosaigh ar scór 0-03 go dtí 0-01 a bhuíochas do scóranna ó Graham Reilly (0-02) agus ó Chillian O’Sullivan. Bernard Brogan a d’aimsigh cúilín Átha Cliath. Dhúisigh sé sin na Dubs agus tar éis dóibh cúpla iarracht a chur ar fóraoil, d’eirigh leo an chéad trí scór eile a aimsiú ó Dean Rock, Paul Flynn is ó Brian Fenton.

Ba uaidh sin amach a fuair na Dubs an lámh in uachtar ar an Mí agus in ainneoin go raibh siad cothrom ar scór 0-04 go dtí 0-04 tar éis 17 nóiméad d’éirigh leo seacht gcinn den chéad 11 scór eile sa gcéad leath a aimsiú. I measc na scórálaithe sin do Áth Cliath bhí Diarmuid Connolly, Dean Rock agus Paul Flynn le péire an duine agus cúilín amháin ó Bernard Brogan. D’aimsigh Michael Newman (0-02), Eamonn Wallace agus Cillian O’Sullivan na scóranna don Mhí. Scór leathama – Áth Cliath 0-11 An Mhí 0-08.

An Dara Leath

Dub vAnMhí 2

Bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh an Mhí ag iarraidh an scór a choinneáil síos sa dara leath agus dá mbeadh siad théis a gcuid seansanna féin a thógáil bheadh níos lú de fharasbarr ag fir Átha Cliath. D’aimsigh an Mhí trí chúilín sa dara leath ó Newman, Reilly agus ó Ronan Jones agus thainig scóranna na Dubs ó Rock (0-06), Connolly (0-02), Brogan (0-01) is ó Mannion (0-01).

Ba é an rud ba mhó a tharraing aird an lucht féachana sa dara leath ná nuair a fógraíodh go raibh Alan Brogan ag fágáil na páirce seachas Bernard. Nach mbeadh sé iontach dá mbeadh Alan fós ag imirt linn! Scór deiridh – Áth Cliath 0-21 An Mhí 0-11.

Laoch na hImeartha

Léirigh Jonny Cooper spiorad agus cinnireacht dúinn arís eile i measc na gcúlaithe agus thaispeáin Dean Rock dúinn an fáth a bhfuil sé ag tosú na gcluichí do na Dubs arís i mbliana leis an 10 gcúilín a d’aimsigh sé. Mar sin féin, bheadh sé an-deacair gan an t-atheantas cuí a thabhairt do Dhiarmuid Connolly a bhí iontach don dara cluiche i ndiaidh a chéile. Ní féidir é a chloí nuair a imríonn sé mar a d’imir Dé Domhnaigh. Tá Laoch na hImeartha tuillte go maith aige.

Amach Anseo

Beidh cluichí níos deacra roimh na Dubs an samhradh seo agus is é an dúshlán is mó atá rompu ná go gcaithfidh siad a bheith réidh don ardú mór díocais a bheidh ag teastáil i mí Lúnasa. Tabharfaidh siad aghaidh ar an Iarmhí i gcluiche ceannais Laighean ar 17 Iúil agus cé a chuirfeadh airgead orthu gan an séú craobh i ndiaidh a chéile a bhuachan?

Beidh Gavin sásta leis an gcaoi ar láimhseáladh tosaithe na Mí ach beidh tuilleadh oibre le déanamh acu. Beidh sé sásta, freisin, gur aimsigh seisear ar fad na scóranna do na Dubs agus nár eirigh leis an Mí aon chúl a aimsiú.

Todhchaí na Mí

Bhíodh Áth Cliath v An Mhí ar cheann de na cluichí is mó ar fhéilire Chumann Lúthchleas Gael agus rinneadh ceiliúradh ar chluichí stairiúla 1991 sna seachtainí díreach roimh an gcluiche seo. Tá faitíos ar go leor go bhfuil deireadh feicthe againn leis na cluichí iontacha seo idir na foirne ach níl faitíos ar bith ormsa. Tagann foirne agus imíonn foirne. Tiocfaidh an Mhí arís. Tá siad ag fulaingt go mór faoi láthair ach tá daoine maithe i gcontae na Mí a dhéanfaidh cinnte go mbeidh siad ar ais.

DUB vRoyal

Na Dubs abú!

Áth Cliath: S Cluxton, P McMahon, J Cooper, D Byrne, J McCarthy, C O’Sullivan, J Small, B Fenton (0-01), D Bastick, P Flynn (0-02), K McManamon, C Kilkenny, D Rock (0-10), D Connolly (0-04), B Brogan (0-03)

Ionadaithe: MD Macauley do D Bastick, P Mannion (0-01) do B Brogan, P Andrews do K McManamon, E Lowndes do J Small, M Fitzsimons do C O’Sullivan, C O’Callaghan do P Flynn

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s