Am na Cinniúna

Corcaigh v Áth Cliath

Páirc Uí Rinn, 2 Iúil, 2016

Tá am na cinniúna tagtha do fhoirne iománaíochta Átha Cliath agus Chorcaí. Tabharfaidh siad aghaidh ar a chéile amárach, Dé Sathairn, 2 Iúil i bPairc Uí Rinn agus gabhfaidh na buaiteoirí ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile de na cluichí cáilithe. Dúshlán mór a bheidh anseo don dá fhoireann.

Iomanaíocht 3

Áth Cliath

Níor bhuaigh iománaithe Átha Cliath ar Chorcaigh ó 1927 i leith. Sa mbliain sin, fuair siad an ceann is fearr ar na Reibiliúnaigh i gcluiche ceannais na hÉireann ar scór 4-08 go dtí 1-03. In ainneoin nach raibh siad thar mholadh beirte go dtí seo i mbliana, tá seans mór ag na Dubs an fhíric sin a chur ina cheart Dé Sathairn. Beidh a chuid obair baile déanta ag Ger Cunningham, iarimreoir de chuid Chorcaí agus fear a bhfuil saineolas aige ar iománaíocht Chorcaí, ar imreoirí Chorcaí. Ba cheart go mbeadh siad réidh don chath atá amach rompu.

Beidh ar na Dubs a bheith i bhfad níos fearr ná mar a bhí sa dara leath in aghaidh na gCat. Mar sin féin, tabharfaidh an taispeántas a thug siad sa gcéad leath den chluiche céanna misneach, mórtas is muinín dóibh. Bheinn ag súil le cluiche mór ó thosaithe Átha Cliath – ó Paul Ryan, Éamonn Dillon is ó Mark Schutte sa líne lántosach, ach go háirithe.

Corcaigh

Tá go leor cainte ar chruachás i gCorcaigh faoi láthair agus níl aon amhras ann ach go bhfuil brú mór ar bhainisteoir nua Chorcaí, Kieran Kingston. Chaill foirne mionúir is f21 Chorcaí i gCraobh na Mumhan an tseachtain seo, cheana féin, agus bheadh sé an-dona don chontae dá gcaillfí an ceann seo, freisin.

Mar sin féin, beidh Kingston dóchasach go bhféadfaidís an ceann is fearr a fháil ar na Dubs. Bhuaigh siad an cluiche cinniúnach a d’imir a fhoireann in aghaidh na Gaillimhe le fanacht i Roinn 1a níos túisce sa mbliain. Is é sin an t-aon chluiche atá buaite acu go dtí seo i mbliana, ach, is é an t-aon chluiche a raibh orthu a bhuachan. Nuair a thit an crú ar an tairne d’éirigh leo!

An Fhoireann

Tá trí athrú déanta ag Cunningham ón bhfoireann a ainmníodh in aghaidh Chill Chainnigh trí seachtaine ó shin. Tosóidh Gary Maguire sa gcúl in áit Conor Dooley agus roghnaíodh Ryan O’Dwyer agus Paul Ryan in áit Darragh O’Connell agus David O’Callaghan.

  1. Gary Maguire Baile Buadáin Naomh Éanna
  2. Eoghan O’Donnell Fionnbhrú Cholmcille
  3. Cian O’Callaghan Cuala
  4. Oisín Gough Cuala
  5. Shane Barrett Na Fianna
  6. Liam Rushe Naomh Pádraig
  7. Chris Crummey Sáirséalaigh Leamhcáin
  8. Johnny McCaffrey Sáirséalaigh Leamhcáin
  9. Daire Plunkett Naomh Bríd
  10. Ryan O’Dwyer Crócaigh Chill Mochuda
  11. Niall McMorrow Baile Buadáin
  12. David Treacy Cuala
  13. Paul Ryan Baile Buadáin Naomh Éanna
  14. Eamonn Dillon Naomh Fionnbarra
  15. Mark Schutte Cuala

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s