Slán leis an gCraobh agus le 2016

Corcaigh 1-26 Áth Cliath 1-23

Páirc Uí Rinn, 2 Iúil, 2016

Bhí sé deacair toradh an chluiche seo a thógáil mar Bh’leá Cliathach. Thug na himreoirí a raibh acu le tabhairt ach, fós féin, ní raibh said sách maith. Bhí seans acu an ceann is fearr a fháil ar na Corcaígh sa gCraobh don chéad uair ó 1927 ach beidh orthu fanacht go dtí an chéad la eile, anois, leis an staitistic sin a chur ina ceart.

Corcaigh v Dubs 2

Ní fhéadfá locht a chur ar iarrachtaí na foirne. Thaispeáin siad an spiorad céanna is a thaispeáin siad sa gcéad leath in aghaidh Chill Chainnigh, ach, bhí na Corcaígh beagáinín beag níos fearr. Foghlaimeoidh foireann óg Ger Cunnaingham go leor ón gcluiche seo agus tiocfaidh siad ar ais níos láidre dá bharr.

Beidh roinnt ceisteanna á gcur sa bpríomhchathair, áfach. An mbeadh toradh difriúil ann marach gur cuireadh Chris Crummey den pháirc. An mbeadh toradh difriúil ann dá n-éireodh le David Treacy cúpla poc saor eile a aimsiú sa gcéad leath? Dá mbeadh Conal Keaney, Joey Boland agus Danny Suttcliffe fós ar an bpainéal? Neart ceisteanna agus is cinnte go ndéanfaí athbhreithniú agus dianmhacnamh ar na ceisteanna seo amach anseo agus an bealach chun tosaigh á phleanáil amach.

Corcaigh

Tá dhá chluiche buaite ag foireann Kieran Kingston i mbliana – an cluiche seo agus an cluiche in aghaidh na Gaillimhe le fanacht i Roinn 1a den tSraith Náisiúnta. Nuair a thiteann an crú ar an tairne déanann siad an beart. Dhá chluiche chinniúnacha buait acu. In ainneoin go bhfuil go leor laigí ag foireann seo Chorcaí ní chuirfeadh sé puinn iontais orm dá n-éireodh leo gabháil cúpla céim níos faide sa rása le haghaidh Chorn Liam Mhic Cárthaigh. Bheifeá ag súil go mbuafadh siad an chéad chluiche eile in aghaidh Loch Garman Dé Sathairn ach d’fhéadfaidís gabháil níos faide fós.

Bhí Alan Cadogan damanta do Chorcaigh. Tá tallann nádúrtha aige agus déanann sé gach rud ar luas lasrach. Tá sé an-deacair imreoir den chineál seo a mharcáil. Rinne sé scrios de na Dubs. Chríochnaigh sé an lá le 1-05 agus iad uilig díreach ón imirt.

Corcaigh v Dubs 3

Ní bheidh Kingston róshásta leis an méid seansanna a chuir na Reibilúnaigh ar fóraoil. Beidh sé an-sásta, áfach, leis an gcaoi ar bhrúigh a fhoireann ar aghaidh nuair a tháinig na Dubs ar ais sa gcluiche sa dara leath. Díreach nuair a bhí an fuinneamh agus an móiminteam leis na Dubs sheas imreoirí Chorcaí suas agus bhrúigh siad ar aghaidh.

Seachain na Corcaígh!

An Chéad Leath

Chuir an dá fhoireann go leor seansanna amú ag tús an chluiche seo, ach go háirithe. Léiriú é seo ar an teannas agus ar an mbrú a bhí ar an dá fhoireann an cluiche seo a bhuachan. Bhí Corcaigh ag iarraidh scóranna a aimsiú a luaithe a fuair siad an sliotar agus chuir David Treacy roinnt seansanna amú do na Dubs ó shaorphocanna. Mar sin féin, ba iad na Dubs a bhí chun tosaigh 0-05 go dtí 0-03 ar chlár na scór tar éis 15 nóiméad.

D’aimsigh laoch na himeartha, Eoin Cadogan, cúl do na Corcaígh sa 24ú nóiméad a d’fhág Corcaigh chun tosaigh ar scór 1-06 go dtí 0-07. Ansin, sa 29ú nóiméad cuireadh Chris Crummey den pháirc nuair a bhronn an réiteoir an dara cárta buí air. Ní fhéadfadh aon ghearán a bheith ag Crummey agus bhí tionchar mór ag cinneadh seo an réiteora ar an gcluiche. D’aimsigh an dá fhoireann cúpla scór eile uaidh sin go leatham agus chuaigh Corcaigh isteach chun tosaigh ar scór 1-10 go dtí 0-11.

I measc na scórálaithe do na Dubs sa gcéad leath bhí Paul Ryan le 0-04, David Treacy le 0-03, Chris Bennett le 0-02, agus ceann an duine ó Chris Crummey agus Johnny McCaffrey. Alan Cadogan (1-03), Pat Horgan (0-06), agus Luke O’Farrell (0-01) a d’aimsigh na scóranna do Chorcaigh.

An Dara Leath

In ainneoin go raibh fear sa mbreis ag na Corcaígh d’imir na Dubs le spiorad sa dara leath agus níor ghéill siad do na Reibiliúnaigh. Mar sin féin, nuair a d’éirigh leis na Dubs gabháil cúilín chun tosaigh sa 51ú nóiméad théis do Eamonn Dillon cúl a aimsiú dá fhoireann, bhrúigh na Corcaígh ar aghaidh arís. Tharla sé seo arís eile nuair a chuir Treacy na foirne cothrom arís sa 65ú nóiméad. Bhí sé ar nós go raibh Corcaigh in ann brú ar aghaidh céim eile nuair ba ghá leo, de bharr an fear breise a bheith acu.

Corcaigh v Dubs 1

Ba iad David Treacy (0-06), Eamonn Dillon (1-00), Chris Bennett (0-02), Niall McMorrow (0-02) agus Shane Barrett (0-01) a fuair scóranna na Dubs sa dara leath. Ba iad Pat Horgan (0-06), Conor Lehane (0-03), Daniel Kearney (0-02), Alan Cadogan (0-02), Bill Cooper (0-01), William Egan (0-01) agus Brian Lawton (0-01) a fuair scóranna na gCorcaíoch. An scór deiridh – Corcaigh 1-26 Áth Cliath 1-23.

Amach Anseo

Beidh athbhreithniú agus dianmhachnamh le déanamh ag na Dubs théis na Craoibhe seo. Níor imríodh cluiche ceannais Laighean fós agus tá siad imithe ón gCraobh. Is cinnte nach raibh súil ag an bhfoireann bainistíochta ná ag na himreoirí gur mar seo a bheadh nuair a thosaigh siad amach ag tús mhí Eanáir. Tá gá le hathbhreithniú agus féinmheasúnú ionraic oscailte a dhéanamh ar chúrsaí mar atá faoi láthair, ach, níor cheart go ndéanfaí aon chinneadh scriobthaí maidir le cúrsaí bainistíochta nó eile.

Tá todhchaí bhreá in ann do na Dubs. Tá muid théis Craobh f21 agus Craobh Mionúir Chúige Laighean a bhuachan le seachtain anuas. Tógadh isteach go leor imreoirí óga i mblaina agus tógann atógáil ar fhoireann ar bith roinnt mhaith ama. Tuilleann foighid fortún!

Samhlaigh dá mbeadh Joey Boland, Conal Keaney agus Danny Sutcliffe siad ag imirt Dé Domhnaigh seo caite. Tá go leor ceisteanna le freagairt ach caitear a bheith stuama. Mí Mheán Fómhair an t-am le haghaidh plé.

Na Dubs abú.

Áth Cliath: G Maguire, E O’Donnell, C O’Callaghan, J Madden, C Crummey (0-01), L Rushe, S Barrett (0-02), J McCaffrey (0-01), N McMorrow (0-02), D Treacy (0-09), R O’Dwyer, E Dillon (1-00), P Ryan (0-04), C Bennett (0-04), M Schutte

Ionadaithe: N Corcoran do J Madden, S Treacy do P Ryan, D O’Connell do J McCaffrey, F McGibb do M Schutte, D Plunkett do C Bennett

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s