Curaidh Laighean Abú

Áth Cliath 2-19 An Iarmhí 0-10

Páirc an Chrócaigh, 17 Iúil, 2016

Bhí lá stairiúil eile ag foireann Jim Gavin, Dé Domhnaigh seo caite, nuair a bhuaigh said Craobh Laighean don séú huair i ndiaidh a chéile in aghaidh na hIarmhí. Níl aon cheist faoi ach go bhfuil foireann seo na Dubs i bhfad chun tosaigh ar na foirne eile sa gcúige faoi láthair, ach ní leithscéal é sin gan buanna mar seo a cheiliúradh. Tá éacht déanta acu.

BÁC3

Níor éirigh ach le foireann amháin eile ón bpríomhchathair a leithéid a dhéanamh agus b’in an fhoireann iontach a bhí faoi stiúir Heffo. Bhuaigh siadsan Craobh Laighean sé huaire, idir 1974 agus 1979. Tá a fhios againn uilig cé chomh maith is a bhí an fhoireann áirithe sin. Éacht é seo atá déanta ag foireann Jim Gavin agus is ceart agus is cóir é a cheiliúradh. Ni mhairfidh na laethanta móra maithe seo go deo. Caithfidh muid an fhoireann seo a cheiliúradh.

Áth Cliath

Maidir leis an gcluiche féin bhí na Dubs go maith sa dara leath ach ní bheidh siad sásta leis an gcaoi ar imir siad sa gcéad leath. Bhí go leor fear coinnithe siar i measc na gcúlaithe ag an Iarmhí agus bhí deacrachtaí móra ag tosaithe Átha Cliath bearnaí agus spás a aimsiú le seansanna a chruthú. Ní raibh said chomh foighneach céanna is a bhíonn go hiondúil. Chuir siad go leor pasanna simplí ar strae, freisin, agus ní raibh siad an-chruinn os comhair na gcuaillí.

Foireann an-difriúil a bhí iontu sa dara leath, áfach, agus tháinig siad amach réidh le damáiste a dhéanamh. Cibé rud a dúradh leo ag leatham d’oibrigh sé. Bhí an fathach dúisithe in athuair! Cuireadh Paddy Andrews isteach in áit Eric Lowndes agus cuireadh Ciarán Kilkenny siar go dtí an line leathchúil. De bharr go raibh an Iarmhí leagtha amach go cosantach bhí se chomh maith ag Gavin tosach breise a chur isteach. Tháinig ardú mór ar dhíocas is ar luas imirt Átha Cliath agus bhuaigh siad an cluiche go compordach sa deireadh.

BÁC2

Bhris scliúchas amach sa gcéad leath idir roinnt mhaith imreoirí agus a thosaigh le Diarmuid Connolly agus James Dolan. Tháinig sé chun solais théis an chluiche go raibh sé de aidhm ag imreoirí na hIarmhí a dhúshlán a thabhairt do Connolly le go gcuirfí den pháirc é. D’admhaigh bainisteoir na hIarmhí, Tom Cribbin, a leithéid théis an chluiche. Níor thaitin an méid a bhí le rá aige le Gavin agus an ceart ar fad aige. Beidh ar Connolly a bheith cúramach amach anseo agus beidh air foghlaim cén chaoi déileáil lena leithéid. Is ar an bpáirc imeartha atá sé ag teastáil uainn ní sa seomra feistis.

An Iarmhí

Luaigh Cribbin sna meáin an tseachtain seo caite go dtabharfadh siad cluiche oscailte do na Dubs agus nach raibh aon fhaitíos orthu rompu. Ní mar sin a tharla, áfach. Díreach mar a rinne Laois agus an Mhí rompu choinnigh siad go leor fear siar agus rinne said iarracht, nuair a bhí an liathróid ina seilbh acu, liathróidí arda a chur isteach i dtreo John Heslin ar imeall na cearnóige. D’éirigh leis na teaicticí seo sa gcéad leath sa mhéid is gur cruthaíodh fadhbanna do Davie Byrne sa líne lánchúil. Níor éirigh leis na Dubs ach 7 gcúilín ar fad a aimsiú sa gcéad leath.

D’éirigh leis an Iarmhí frustrachas a chur ar imreoirí Átha Cliath sa gcéad leath agus rinne siad iarracht an imirt a mhoilliú síos gach seans a fuair siad. Imríodh 8 nóiméad am cúitimh gortaithe sa gcéad leath agus 6 nóiméad sa dara leath. Stopadh an cluiche ar feadh píosa réasúnta fada nuair a bhris Ray Connellan a chos le linn an chéad leath.

Beidh Cribbin sásta le hiarrachtaí a fhoirne sa gcéad leath agus beidh siad ag súil go mór leis an gcéad chluiche eile in aghaidh Mhaigh Eo sna cluichí cáilithe. Tá imreoirí acu a thabharfadh cluiche maith do fhoireann ar bith – John Heslin, Kieran Martin agus Paul Sharry ach go háirithe.

An Chéad Leath

Bhí an Iarmhí an-mhaith sa gcéad leath den chluiche seo agus d’éirigh leo cur isteach ar rithim na Dubs. Níor chruthaigh ceachtar den dá fhoireann mórán seansanna. Mar sin féin, d’éirigh le hÁth Cliath gabháil dhá chúilín chun tosaigh théis 10 nóiméad ar scór 0-03 go dtí 0-01. Paul Flynn (0-01) agus Dean Rock (0-02) a d’aimsigh na scóranna do na Dubs agus John Heslin a fuair scór na hIarmhí.

Chloígh imreoirí na hIarmhí go docht daingin lena bplean ina dhiaidh sin, áfach, agus d’éirigh leo coinneáil suas leis na Dubs don chuid eile den leath. Ní raibh siad ach cúilín amháin taobh thiar ag an mbriseadh. Ba iad Rock (0-02), Bernard Brogan (0-01) agus Kevin McManamon (0-01) a fuair na cúilíní eile do na Dubs agus ba iad Heslin (0-02), Ger Egan (0-02) agus Coroon a d’aimsigh scóranna na hIarmhí. Scór leathama – Áth Cliath 0-07 An Iarmhí 0-06.

An Dara Leath

Tháinig na Dubs amach sa dara leath agus rinne scríos agus slad den Iarmhí. D’aimsigh siad 10 gcinn den chéad 11 scór eile rud a d’fhág go raibh siad chun tosaigh ar scór 0-17 go dtí 0-07 théis 55 nóiméad. Ní raibh ar iarraidh ón gcluiche ag an bpointe sin ach cúl nó dhó!

BÁC1

Tháinig na cúil go gairid ina dhiaidh sin, áfach. Tháinig an chéad chúl sa 57ú nóiméad agus thosaigh sé le Cluxton nuair a rug sé ar an liathróid ar line a chúil féin. Thug sé pas álainn amach go dtí an líne 45 méadar. Tar éis roinnt pasanna láimhe ansin idir Jonny Cooper, Brian Fenton agus Bernard Brogan phasáil Brogan an liathróid isteach san eangach don chúl. An-chúl go deo. Tháinig an dara cúl sa 68ú nóiméad ó chos McManamon. Bhí neart spáis aige thart ar líne 21 na hIarmhí agus phasáil sé an liathróid isteach ard agus ar thaobh na láimhe deise thar an gcúl báire agus isteach sa gcúl.

I measc na scórálaithe eile do Áth Cliath bhí Diarmuid Connolly, John Small agus Paddy Andrews. D’aimsigh Heslin 3 chúilín don Iarmhí sa dara leath agus d’éirigh le McCormack ceann a aimsiú, freisin. An scór deiridh – Áth Cliath 2-19 An Iarmhí 0-10. Slua – 38,855.

Laoch na hImeartha

Bhí Dean Rock an-chruinn lena chuid saorchiceanna arís ar an Domhnach. Tá ról an-tábhachtach aige ar fhoireann Átha Cliath sa rása le haghaidh Sam. Bhí Ciarán Kilkenny iontach, freisin. Deir an seanfhocal nach féidir cloigeann críonna a chur ar cholainn óg ach tá cloigeann críonna ar cholainn óg Kilkenny. Níl sé ach 23 bliain d’aois ach tá an chinnireacht a thugann sé ar an bpáirc dochreidte agus tá tuiscint iontach aige ar an gcluiche.

Mar sin féin, is ag Bernard Brogan atá Laoch na hImeartha an iarraidh seo. Chríochnaigh sé an lá le 1-04 agus bhí sé lárnach in aiséirí na Dubs sa dara leath. Comhartha mór dóchais don chuid eile den bhliain ab ea an taispeántas dara leath a thug sé Dé Domhnaigh.

Amach Anseo

Beidh Dún na nGall, Corcaigh nó Maigh Eo againn sa gcéad chluiche eile. Tosaíonn an fhíorchraic anois mar sin. Beidh na Dubs ag gabháil isteach chuig an gcluiche seo gan oiread is dianchluiche amháin faighte acu i gCraobh Laighean. D’fhéadfadh tionchar a bheith aige seo ar an gcuid eile den bhliain agus tuigfidh na himreoirí é sin.

Tuairiscíodh inniu, freisin, go bhfuil gortú James McCarthy níos measa ná mar a ceapadh an chéad lá agus go bhféadfadh sé bheith sínte ar an taobhlíne go dtí mí Mheán Fómhair. Sin Rory O’Carroll, Jack McCaffrey agus McCarthy imithe ó na cúlaithe. Bheadh sé fíordheacair ar aon fhoireann eile dá gcaillfí triúr dá leithéid ach tá seans fós ag na Dubs. Is imreoirí iontacha iad John Small, Eric Lowndes, Darren Daly agus Mick Fitzsimons agus gheobhaidh siad a seans in aghaidh na mboc mór anois. Beidh muid ag brath orthu.

BÁC 5

Ar ábhar eile ar fad, rith streaker amach ar an bPáirc Dé Domhnaigh – rud a chuir ar bhóithre na smaointe mé. Ní go rómhinic a fheictear streakers na laethanta seo ach is cuimhin liom go maith iad a fheiceáil go rialta thart ar thús na mílaoise nuair a bhí muid ag cailleadh cluichí i gCraobh Laighean. Ba cheart dúinn meas a bheith againn ar éachtaí fhoireann iontach Jim Gavin. 6 Chraobh Laighean i ndiaidh a chéile. Na Dubs abú!

Áth Cliath: S Cluxton, J Cooper, D Byrne, P McMahon, J Small (0-01), C O’Sullivan, E Lowndes, B Fenton, MD Macauley, P Flynn (0-01), C Kilkenny, D Connolly (0-01), K McManamon (1-02), D Rock (0-08), B Brogan (1-04)

Ionadaithe: P Andrews (0-02) do E Lowndes, C O’Callaghan so MD Macauley, D Bastick do D Connolly, D Daly do J Small, M Fitzsimons do C O’Sullivan, P Mannion do D Rock

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s