Amhras faoi James McCarthy

Tuairiscíodh sna nuachtáin náisiúnta chlóite le cúpla lá anuas go bhfuil gortú James McCarthy níos measa ná mar a ceapadh an tseachtain seo caite. Thug Jim Gavin le fios, théis chluiche ceannais Laighean, Dé Domhnaigh, go mbeadh McCarthy ar ais in am don chéad chluiche eile. De réir tuairiscí áirithe sna meáin, áfach, ní bheidh.

James McCartrhy

Bhí Gavin den tuairim gur gortú ceathairchéips, nó quad muscle, a bhí ann ach táthar den tuairim anois go ndearnadh damáiste de na ballnaisc (ligaments) ina ghlúin. Go hiondúil, tógann sé suas le sé seachtaine teacht slán ó ghortú den chineál sin. Ciallaíonn sé sin go bhféadfadh sé a bheith amuigh go dtí Mí Mheán Fómhair.

Drochscéal é seo a thagann sna sála ar Jack McCaffrey agus Rory O’Carroll a bheith imithe ón bpainéal. Triúr de na cúlaithe is fearr sa tír iad McCaffrey, O’Carroll agus McCarthy agus chuirfeadh a leithéid de chaillteanas isteach ar fhoireann ar bith. Mar sin féin, is é ceann de na buanna is mó atá ag na Dubs ná go bhfuil iomaíocht ghéar ann do gach áit ar an bpáirc i measc an phainéil. Mar sin, beidh seans ag leithéidí Darren Daly, Eric Lowndes, Mick Fitzsimons, John Small agus Davie Byrne áit a bhaint amach ar an gcéad 15, agus na cluichí móra cinniúnacha amach romhainn.

Aireoidh muid uainn James McCarthy go mór, más fíor na tuairiscí, ach leanann an saol ar aghaidh. Na Dubs abú.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s