Diúltaímis don Diúltachas

Tá ‘saineolaithe’ agus lucht anailíse ar pheil Ghaelach ag inseacht dúinn go bhfuil cruachás againn i gcaighdeán na peile le roinnt blianta anuas. Tá deireadh leis an gcluiche á thuar ag cuid acu. Deirtear linn nach bhfuil an cluiche á imirt i gceart agus go bhfuil dochar á dhéanamh de. Úsáidtear caint an-diúltach agus cur síos á dhéanamh acu ar an gcluiche. Puke Football, bás, cacamas, srl… Tháinig sé seo chun buaice, feictear dom féin, nuair a chríochnaigh cluiche sraithe Roinn 1, i nDún na nGall, idir Gleann Súilí agus Naomh Adhamhnáin ar scór 0-03 go dtí 0-02 le gairid.

GG 2 Tactaicí

Tá leibhéal agus méid an diúltachais a d’eascair as an toradh sin, i dtaca leis an gcluiche i gcoitinne, thar fóir.Mar a dúirt Jim Gavin le gairid níl aon bhealach ceart nó mícheart le peil a imirt. Tá rialacha ann agus is faoi gach foireann imirt taobh istigh de na rialacha sin. Go dtí le ríghairid imríodh an cluiche gan an oiread béime ar theaicticí. Tá an lá sin imithe anois agus níl sé ag teacht ar ais.

Tá ré nua ann don pheil ina bhfuil béim mhór ar sheilbh na liathróide a choinneáil. Ní raibh teaicticí chomh coitianta céanna sna ‘laethanta iontacha’ nuair a bhí na saineolaithe agus an lucht anailíse diúltach seo ag imirt. An drochrud é sin?

Faoi chuile imreoir a bhí sé a chath féin a bhuachan fud fad na páirce an t-am sin. Bhí an cluiche i bhfad níos simplí ná mar atá inniu. Cinnte, bhíodh plean ag na foirne agus iad ag gabháil chun páirce ach tá an phleanáil agus na teaicticí ar leibhéal i bhfad Éireann níos airde anois. Céard tá cearr leis sin?

GG 3 Stíl Imeartha na gConallach

Mar atá amhlaidh faoi gach cluiche eile ar domhan tá an pheil Ghaelach ag athrú de shíor. Is ar an bhfoireann eile a stopadh ag scórail atá an bhéim ag cuid mhaith foirne faoi láthair. Is faoi fhoirne eile atá sé teacht ar bhealaí chun an bhéim a chur ar scóráil in athuair agus an ceann is fearr a fháil ar na teaicticí cosanta seo. Ar deireadh thiar is iad na foirne leis an líon is mó scóranna a bhuann cluichí!!

sweepers in úsáid ag lucht sacair le blianta fada agus is rómhinic a chríochnaíonn cluichí gan aon scór. Tugann a lucht anailíse ‘The Beautiful Game’ ar shacar, mar sin féin! Ní ag tuar dheireadh a gcluiche agus ag moladh athruithe rialacha a bhíonn siad nuair a chríochnaíonn cluichí ar scór íseal, nó, gan aon scór. Dírítear ar an scil, ar an obair eagrúcháin agus ar na fáthanna eile a gcríochnaíonn na cluichí ar scór íseal.

Ó thaobh an rugbaí de, ó rinneadh cluiche proifisiúnta de ní bhíonn an oiread céanna úd ann agus a bhíodh agus, ó am go chéile, ní bhíonn aon úd ar chor ar bith ann. In áit deireadh an chluiche a thuar, áfach, pléann a lucht anailíse na ‘hits’ móra agus an chosaint mhaith a stop an fhoireann eile ag scóráil.

GG 3 Imirt

Tháinig teaicticí Dhún na nGall, le linn ré órga Jim McGuinness, aniar aduaidh ar lucht CLG. Bhí an cluiche ag gabháil i dtreo cosantach le linn bhlianta tosaigh Micky Harte ach thóg na Conallaigh céim níos faide é faoi réimeas McGuinness. Tá sé de rogha agus de cheart ag foirne béim a leagan ar chosaint.

Bhí níos mó i gceist ag Jim McGuinness ná foirne a stopadh ag aimsiú scóranna, áfach. Nuair a bhí fir bhreise á gcur suas sna tosaithe ag foirne eile, rinneadh frithionsaí orthu. Bhí na Conallaigh ag brath ar a gcuid imreoirí a bheith an-aclaí agus bhí siad an-aclaí. Nuair a bhíonn daoine ag caitheamh anuas ar Dhún na nGall ba cheart dóibh breathnú ar thaispeántas Ryan McHugh in aghaidh na Dubs sa mbliain 2014. Ní rud diúltach a bhí ansin ach rud álainn. Daithí in aghaidh Goliath agus bhuaigh Daithí de bharr go raibh plean acu a cuireadh i bhfeidhm le McHugh ag tús cadhnaíochta sa bplean.

Nuair a imríonn dhá fhoireann in éadan a chéile leis na teaicticí céanna seo ní oibríonn siad, áfach, agus bíonn cluichí againn ar scóranna ísle mar thoradh air sin. Áth Cliath in aghaidh Dhún na nGall sa mbliain 2011 mar shampla. Is faoi gach foireann atá sé teacht aníos le plean leis an gcluiche a bhogadh ar aghaidh, áfach, agus cinnte dearfa tiocfar aníos lena leithéid de phlean. Ní bhíonn na fadhbanna céanna ag na Dubs ná ag Ciarraí imirt in aghaidh na dteaicticí sin a thuilleadh, mar shampla.

Is fiú go mór breathnú ar chúl Bernard Brogan in aghaidh na hIarmhí i gcluiche ceannais Chraobh Laighean i mbliana. Thosaigh an cúl seo le liathróid ghiortach a chuaigh isteach i lámha Stephen Cluxton agus a chríochnaigh suas i líontán na hIarmhí sula raibh deis ag na sweepers nó na‘’scuabadóirí’’ mar a thugtar orthu, gabháil ar ais le gabháil i mbun scuabtha! Cúl chomh deas leis ní fheicfeá in aon ré. Ba cheart go ndíreodh na saineolaithe ar a leithéid sin, in áit a bheith ag díriú ar na cúlaithe breise a bhí ag an Iarmhí an lá sin.

B’fhearr liom i bhfad cluiche oscailte a fheiceáil thar chluiche cosantach. Mar sin féin, céard eile a dhéanfadh foireann as Roinn 2, 3 nó 4 dá mbeadh orthu imirt in aghaidh Átha Cliath, Chiarraí nó Mhaigh Eo ach iarracht a dhéanamh rudaí a dhéanamh deacair dóibh agus an scór a choinneáil síos. Arbh fhearr leis na ‘saineolaithe’ dá mbeadh bua 25 cúilín le feiceáil go rialta? Tá mé cinnte go mbeadh ábhar eile gearáin acu faoin gcluiche da dtarlódh a leithéid. Bíonn na foirne seo buailte roimh ghabháil chun páirce agus tuigeann siad féin é sin. B’fhéidir gur cheart díriú ar struchtúr na gcomórtas sa gcás sin seachas ar stíl imeartha na bhfoirne.

Ba cheart don lucht anailíse agus do na saineolaithe a d’imir i réanna éagsúla glacadh leis na hathruithe seo atá tagtha ar an bpeil. Athróidh stíleanna imeartha arís is arís eile. Sin an nádúr a bhaineann le spórt. Sa mbliain 1993 nuair a bhuaigh Doire Craobh Uladh, agus Joe Brolly i measc na dtosaithe, bhuaigh siad ar Dhún na nGall ar scór 0-08 go dtí 0-06 sa gcluiche ceannais – agus deirtear linn go raibh cluiche oscailte againn an t-am sin!

Ní ag rá nach bhfuil cead ag lucht anailíse anailís a dhéanamh ar staid reatha an chluiche atá mé, ach, níl aon ghá leis an histéire. Ná cuirimis lucht CLG ó dhoras na peile Gaelaí. Tá cluiche iontach againn. Tugaimis aitheantas don scil, don díocas, don chlisteacht, don aclaíocht, don dea-chosaint is don luas a bhaineann léi, faoi mar a imrítear faoi láthair í. Ligimis di forbairt go nádúrtha. Peil Ghaelach abú!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s