Áth Cliath v Dún na nGall

Áth Cliath v Dún na nGall

Páirc an Chrócaigh, Dé Sathairn, 6 Lúnasa, 2016

Ar deireadh thiar thall tá an chraobh faoi lánseol! Níl fágtha sa rása le haghaidh SAM anois ach na boic mhóra agus imreoidh dhá cheann acu – Áth Cliath agus Dún na nGall – os comhair lán an tí i bPáirc an Chrócaigh, Dé Sathairn. Seo é an tríú huair a thabharfaidh siad aghaidh ar a chéile i mbliana. Bhuaigh Áth Cliath faoi dhó orthu sa tsraith go compordach (1-10 go dtí 0-07 agus 1-20 go dtí 0-13) ach níl aon amhras ach go dtabharfaidh na Conallaigh dúshlán do na Dubs an iarraidh seo.

GG 4 Imirt

Seo é an tríú huair le cúig bliana anuas do na foirne aghaidh a thabhairt ar a chéile. Chríochnaigh an chéad chluiche i 2011 ar scór 0-8 go dtí 0-6 i bhfabhar na Dubs. Ba le linn an chluiche sin a chonaic muid teaicticí cosantacha réabhlóideacha Jimmy McGuinness i gceart den chéad uair. Sa dara cluiche, sa mbliain 2014, fuair na Conallaigh an ceann is fearr ar na Dubs. Níor thug aoinne seans do Dhún na nGall an lá sin ach bhí foireann McGuinness an-ghlic agus d’éirigh leo. Bhuail siad fir hardchathrach ar an bhfrithionsaí. Tháinig an bua sin aniar aduaidh ar mhórphobal Chumann Lúthchleas Gael. Níl aon amhras ann ach gur de bharr an bhua sin a d’athraigh Jim Gavin teaicticí agus cur chuig a fhoirne.

Dún na nGall

Tabharfaidh an bua sin i 2014 dóchas do na Conallaigh ar an Satharn. Beidh plean acu mar a bhí an lá sin agus is cinnte nach mbeidh aon fhaitíos orthu roimh na Dubs. Ta Paddy McBrearty agus Ryan McHugh ag imirt go hiontach faoi láthair. D’aimsigh McBrearty 0-11 in aghaidh Chorcaí an tseachtain seo caite – rud a thabharfas muinín is misneach dhó. Beidh Michael Murphy agus Odhrán Mac Niallais an-chontúirteach, freisin, agus níl aon amhras ach go mbeidh cúlaithe agus cosaint na gConallach an-eagraithe.

Davie Byrne v Michael Murphy

Tá go leor ceisteanna á gcur maidir leis an áit a n-imreoidh Murphy ach imreoidh sé ar imeall na cearnóige. Bí cinnte de sin! Ó d’fhág Rory O’Carroll tá chuile fhoireann ag díriú ar líne lánchúil na Dubs mar laige. Laois le Donie Kingston, an Mhí le Michael Newman agus an Iarmhí le John Heslin. Beidh Rory Gallagher ag súil go mbeidh ar bheirt Murphy a phiocadh suas ar imeall na cearnóige, rud a chruthóidh neart spáis do McBrearty. D’fhéadfadh a leithéid seo an-chuid deacrachtaí a chruthú do Áth Cliath. Cuirfidh sé seo go leor brú ar Davie Byrne ach go háirithe, ar an líne lánchúil. Tuigfidh muid níos fearr, théis an chluiche seo, a thábhachtaí is a bhí Rory O’Carroll agus Jack McCaffrey don phainéal. Ainmníodh James McCarthy ar fhoireann Átha Cliath ach beidh le feiceáil an mbeidh sé ag imirt. Tá súil le Dia go mbeidh!!

Áth Cliath

Is iad foireann Jim Gavin atá mar rogha na coitiantachta. Mar sin féin, tá Laois, an Mhí an Iarmhí imrithe acu sa gCraobh go dtí seo. Níl aon cheann de na foirne sin sách maith do Roinn 1 den tSraith Náisiúnta. D’imir Dún na nGall in aghaidh Mhuineacháin faoi dhó, Thír Eoghain agus Chorcaí go dtí seo agus is foirne iad sin uilig atá sách maith do Roinn 1. An mbeidh Áth Cliath réidh don ardú díocais is díograise? Is cinnte go mbeidh Dún na nGall.

Is cinnte go n-imreoidh na Conallaigh le go leor fear sna cúlaithe ach tá na Dubs i bhfad níos compordaí ag imirt in aghaidh teaicticí den chineál seo anois ná mar a bhíodh. Má tá siad chun tosaigh ar chlár na scór imreoidh siad go deas foighneach ar líne leathchúil na gConallach. Beidh siad ag iarraidh cúlaithe Dhún na nGall a mhealladh amach leis an liathróid a bhuachan ar ais. Má thagann siad amach beidh neart spáis ag Áth Cliath le scóranna a aimsiú.

4

Áth Cliath nó Dún na nGall

Áth Cliath le cúig chúilín nó níos mó. Ní bheidh ach oiread na fríde idir na foirne ag leatham ach de réir mar a thagann ionadaithe Átha Cliath chun páirce sa dara leath gheobhaidh said an lámh in uachtar ar na Conallaigh. Tá go leor de imreoirí Dhún na nGall go maith sna tríochaidí anois agus gheobhaidh siad deacair é fuinneamh agus práinn ionadaithe Átha Cliath a láimhseáil. Má bhuann na Dubs réiteoidh an cluiche seo go maith iad don chuid eile den Chraobh.

Na Dubs Abú!

An Fhoireann

1 Stephen Cluxton                               CLG Parnell

2. Philly McMahon                              Baile Munna

3. Jonny Cooper                                    Na Fianna

4. David Byrne                                      Naomh Olaf

5. James McCarthy                               Baile Munna

6. Cian O’Sullivan                                Crócaigh Chill Mochuda

7. John Small                                         Baile Munna

8. Michael Darragh Macauley          Baile Buadáin Naomh Éanna

9. Brian Fenton                                    Rath Eanaigh

10. Paul Flynn                                       Fine Ghallainn

11. Kevin McManamon                       Naomh Jude

12. Ciarán Kilkenny                             Caisleán Cnucha

13. Dean Rock                                        Baile Munna

14. Diarmuid Connolly                       Naomh Uinsionn

15. Bernard Brogan                              Naomh Oilibhéir Pluincéid Eoghan Ruadh

Advertisements

3 thoughts on “Áth Cliath v Dún na nGall

  1. Tá BÁC chomh maith sin go bhfuil siad ar nós inneal d’ardchaighdeáin. An t-aon fhadhb le sin ná nuair a bhíonn fadhb ag an gcineál sin inneall, teipeann air go hiomlán.
    Tá mé fós amhrasach faoin líne lán taca. Samhlaím go mbainfidh DnaG úsáid as Route 1, tríd liathroidí fada a chiceáil isteach chuig an líne lán tosaigh, don chéad 20 noim ar a lagjad.
    Ach go ginearálta ba chóir go mbeidh na Dubs ró láidir inniu.

    Molta ag 1 person

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s