Na Ciarraígh Anois…

Áth Cliath 1-15 Dún na nGall 1-10

Páirc an Chrócaigh, 6 Iúil, 2016

Slua 82,300

Beidh idir shásamh is fhaoiseamh ar mhuintir Bhaile Átha Cliath théis an bhua seo ar Dhún na nGall – an tríú bua ag fir na hardchathrach ar na Conallaigh le cúig mhí anuas. Ba é seo an chéad chluiche deacair a bhí ag na Dubs sa gCraobhchomórtas i mbliana. D’éirigh go maith leo in ainneoin gur cruthaíodh roinnt mhaith deacrachtaí dóibh sa dara leath. Réiteoidh an cluiche foireann Jim Gavin do na Ciarraígh sa gcluiche leathcheannais i gceann trí seachtaine.

GG1 Molly

Na Dubs

Caithfidh Diarmuid Connolly smacht a choinneáil air féin. Chuaigh imreoirí Dhún na nGall amach le cur isteach air agus d’éirigh leo. Bronnadh cárta buí air nuair a tarraingíodh isteach i scliúchas é le Ryan McHugh go luath sa gcluiche. Ba cheart go mbeadh réiteoirí agus fir taobhlíne ag faire amach do leithéidí seo. Ba cheart go mbeadh cosaint ag imreoirí ón sledgeáil seo. Ábhar eile do lá eile! Cuireadh Eoghan O’Gara den pháirc, freisin, gar do dheireadh an chluiche, ach, de réir gach tuairisce ní raibh an cárta dearg tuillte aige. Beidh Jim Gavin ag déanamh achomhairc ar chinneadh an réiteora.

Nuair a tháinig am an ghátair sheas na Dubs suas agus Ciarán Kilkenny ach go háirithe. Nuair a cuireadh Connolly den pháirc is nuair a d’aimsigh McHugh cúl na gConallach leis an mbearna a laghdú dho 3 chúilín, sheas Kilkenny suas agus rug greim daingean ar an gcluiche. Ón am sin ar aghaidh bhí imreoirí Átha Cliath cliste agus ‘speáin siad dúinn go bhfuil siad réidh do na dúshláin atá amach rompu.

Beidh Gavin an-sásta, freisin, leis na scóranna iontacha a d’aimsigh a fhoireann. D’aimsigh Diarmuid Connolly agus Paddy Andrews cúilíní gleoite sa gcéad leath mar a rinne Kevin McManamon agus Paul Mannion sa dara leath.

GG2 Téamh Suas

Go dtí bhí amhras faoi John Small agus Davie Byrne atá théis teacht isteach in áit Rory O’Carroll agus Jack McCaffrey. Bunaithe ar an taispeántas a thug an bheirt inné, áfach, níl aon ghá leis an amhras sin. Bhí siad thar cionn.

Bhí sé aisteach is íorónta na Conallaigh a chloisteáil ag faíreach agus ag caitheamh anuas ar imreoirí Átha Cliath sa dara leath, agus seilbh na liathróide a coinneáil acu i lár na páirce. Ba iad na Dubs a bhí chun tosaigh agus faoi na Conallaigh a bhí sé teacht amach leis an liathróid a fháil ar ais. Choinnigh siad neart fear siar sna cúlaithe in ainneoin gurbh iad na Dubs a bhí ag buachan agus gan acu ach 14 ar an bpáirc, don chuid is mó den dara leath! Céard eile a dhéanfadh na Dubs?

GG4 Coinnigh an liathróid

Dún na nGall

Tháinig deireadh le ré orga Dhún na nGall leis an gcluiche seo. D’fhógair Colm McFadden, Rory Kavanagh agus Éamon McGee go raibh siad ag éirí as go gairid théis an chluiche. Beidh roinnt eile ag éirí as, freisin, déarfainn. Foireann iontach a bhí iontu. Tá áit i stair Chumann Lúthchleas Gael tuillte go maith acu. Gach rath orthu uilig.

Beidh deis ag Rory Gallagher a mhachnamh a dhéanamh ar an stíl imeartha a bheidh in úsaid ag na Conallaigh amach anseo. Ní leor na teaicticí a bhí in úsaid ag Dún na nGall idir 2012 agus 2014 le Craobh na hÉireann a bhuachan a thuilleadh, mar a chonaic muid Dé Sathairn. Tá imreoirí iontacha ag Dún na nGall agus tá mé cinnte go bhfanfaidh siad i Roinn 1 go ceann i bhfad. Tá sárimreoirí acu – Odhrán Mac Niallais, Michael Murphy, Ryan McHugh, agus Paddy McBreaty ina measc.

An Chéad Leath

Bhí smacht ag Áth Cliath ar an gcéad leath den chluiche seo. D’fhéadfaidís gabháil isteach níos faide chun tosaigh ag leatham marach gur chuir Diarmuid Connolly dhá sheans ar chúl amú, taobh istigh den chéad 15 nóiméad. Chuir scóranna ó Dean Rock (0-03), Diarmuid Connolly (0-02) agus ceann an duine ó Philly McMahon, Paddy Andrews, Kevin McManamon agus ó Chiarán Kilkenny na Dubs chun tosaigh ag leatham ar scór 0-09 go dtí 0-04. Ba iad Michael Murphy le trí chúilín agus Anthony Thompson le cúilín amháin a fuair scóranna Dhún na nGall.

GG3 Teaicticí

An Dara Leath

Bhí tús maith ag Áth Cliath leis an dara leath agus d’aimsigh McManamon agus Rock cúilíní dóibh a chuir 0-11 go dtí 0-04 chun tosaigh iad. Athraíodh an cluiche ina dhiaidh sin, áfach, nuair a d’aimsigh Ryan McHugh cúl do na Conallaigh sa 43ú nóiméad, théis do Chian O’Sullivan pas simplí a chur amú. An rud is annamh is iontach!! D’fhág an scór sin na Conallaigh trí chúilín taobh thiar agus nuair a cuireadh Diarmuid Connolly den pháirc cúpla nóiméad ina dhiaidh sin, cheap siad go raibh seans acu.

Dhúisigh sé sin na Dubs, áfach, agus d’imir siad go hiontach ina dhiaidh sin. Choinnigh siad an liathróid go héifeachtach agus nuair a tháinig cúlathe breise na gConallach amach d’ionsaigh na Dubs go fíochmhar iad.

Cuireadh Eoghan O’Gara den pháirc 71ú nóiméad ach d’aimsigh Paul Mannion cúl cinniúnach do Áth Cliath sa 75ú nóiméad. I measc na scórálaithe do na Dubs sa dara leath bhí Mannion le 1-01, McManamon agus Rock le 0-02 agus Jonny Cooper le cúilín amháin. Ba iad Murphy agus McBrearty le 0-03 an duine agus McHugh le cúl a fuair scóranna Dhún na nGall. An scór deiridh – Áth Cliath 1-15 Dún na nGall 1-10.

Laoch na hImeartha

Taispeántas maith foirne a chonaic muid Dé Sathairn ach ní raibh aoinne chomh maith le Ciarán Kilkenny. Níl Kilkenny ach 23 ach mar atá luaite agam le roinnt seachtaine anuas is cinnire, é Kilkenny. Tá cloigeann iontach air! Feiceann sé rudaí ar an bpáirc imeartha sula dtarlaíonn siad. Bhí an liathróid ina sheilbh aige 52 uair le linn an chluiche. Nuair a thagann am an ghátair bíonn Kilkenny le feiceáil. Gaiscíoch, Laoch, Taoiseach.

Bhí Paul Mannion iontach nuair a tháinig sé isteach agus bhí cluiche iontach ag Kevin McManamon, freisin. Mar sin féin, is ag Ciarán Kilkenny atá Laoch na hImeartha arís.

Amach Anseo

Ciarraí anois ar an Domhnach, 28 Lúnasa! Tá muintir na Ríochta théis cailleadh in aghaidh na Dubs faoi dhó cheana i mbliana agus beidh cluiche ceannais na hÉireann 2015 fós ag dó na geirbe acu. Beidh siad ag iarradh díoltas a bhaint amach ar na Dubs agus seans maith gurb é seo an uair dheireanach a imreoidh leithéidí Marc Ó Sé, Aidan O’Mahony, Bryan Sheehan, Gooch Cooper agus Kieran Donaghy in aghaidh ar na Dubs. Beidh siad réidh dúinn.

GG3 An Cnoc

Caithfidh Gavin agus a fhoireann neamhaird a thabhairt ar na nuachtáin is ar na rudaí atá á rá faoi na Dubs. Cheapfá ón mbealach a bhfuil go leor ag caint (na Ciarraígh ach go háirithe) go mbeidh bua éasca ag muintir na hardchathrach. Ní bheidh. Caithfidh siad réiteach i gceart don chluiche seo. Beidh Ciarraí contúirteach.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: S Cluxton, P McMahon (0-01), J Cooper (0-01), D Byrne, C Kilkenny (0-01), C O’Sullivan, J Small, B Fenton, MD Macauley, P Flynn, K McManamon (0-03), D Connolly (0-02), D Rock (0-05), P Andrews (0-01), B Brogan

Ionadaithe: D Daly do B Brogan, D Bastick do MD Macauley, P Mannion (1-01) do P Andrews, E O’Gara do K McManamon, E Lowndes do D Rock, M Fitzsimons do B Fenton

Advertisements

One thought on “Na Ciarraígh Anois…

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s