Achomharc O’Gara

images

Thug Jim Gavin le fios le cúpla lá anuas go mbeadh achomharc á dhéanamh in aghaidh an chárta dheirg a bhronn an réireoir Ciarán Brannagan ar Eoghan O’Gara, sa gcluiche in aghaidh Dhún na nGall, Dé Sathairn seo caite i bPáirc an Chrócaigh. Má éiríonn leis an achomharc beidh O’Gara saor le himirt i gcluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh Chiarraí ar 28 Lúnasa.

Is léir go bhfuil cás láidir ag Eoghan O’Gara. Tharraing sé buille boise ar bholg Eamon McGee de bharr go raibh McGee ag tarraingt a gheansaí. Ní raibh móran dochair ann, mar sin féin, agus rinne sé é le ‘speáint do McGee nach ligfeadh sé dó a gheansaí a tharraingt. Tarlaíonn a leithéid go rímhinic i gcluichí gan aon phionós ón réiteoir. Ní fhaca an réiteoir an eachtra áirithe seo ach chuir sé O’Gara den pháirc bunaithe ar fhocal duine de na maoir chúil.

Níl aon chinnteacht go dtosóidh O’Gara in aghaidh Chiarraí ach is ball fíorthábhachtach de phainéal Átha Cliath é agus is cinnte go mbeadh ról éigin aige sa gcluiche má tá sé ar fáil. Beidh Gavin ag iarraidh go ndéanfaí an t-achomharc a luaithe agus is féidir le go bhféadfadh O’Gara réiteach i gceart don chluiche.

Advertisements

One thought on “Achomharc O’Gara

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s