O’Gara ar fáil do na Dubs

a-dejected-eoghan-oogara-752x501Dea-scéal do Jim Gavin, agus do lucht leanta pheileadóirí Átha Cliath, go mbeidh Eoghan O’Gara ar fáil don chluiche in aghaidh Chiarraí i gcluiche leathcheannais peile na hÉireann, Dé Domhnaigh seo chugainn, 28 Lúnasa. D’éirigh leis an achomharc a rinne sé in aghaidh an chárta dheirg a bhronn Ciarán Branagan air sa gcluiche ceathrú ceannais in aghaidh na gConallach. Is ball fíorthábhachtach é O’Gara de chuid an phainéil agus níl aon amhras ann ach go mbeidh ról éigin le himirt aige in aghaidh na gCiarraíoch.

Chuaigh fear CLG Theach Mealóg – Sráid Singe, O’Gara, os comhair an Lárchoiste Éisteachta Déardaoin seo caite, 18 Lúnasa, agus athraíodh an cárta dearg a bronnadh air go cárta buí. Tugadh an cárta dearg dó, bunaithe ar fhocal duine de na maoir cúil, nuair a thug sé buille boise sa mbolg do Éamon McGee théis do McGee a gheansaí a tharraingt. Glacadh leis go forleathan go n-éireodh lena achomharc.

Beidh Gavin in ann réiteach do na Ciarraígh anois le cinnteacht maidir leis na himreoirí a bheidh ar fáil dó. Thug sé le fios le cúpla lá anuas nach raibh aon amhras ann maidir le James McCarthy a bheith ar fáil Dé Domhnaigh, ach an oiread.

Na Dubs abú!

Advertisements

One thought on “O’Gara ar fáil do na Dubs

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s