Gavin Idir Dhá Thine Bhealtaine

Deirtear go minic gurb í an fhadhb is fearr a d’fhéadfadh a bheith ag aon bhainitseoir ná géariomaíocht le haghaidh an 15 áit tosaigh ar an bhfoireann. Nuair a bhíonn an ghéariomaíocht sin ann bíonn air nó uirthi imreoirí iontacha a fhágáil ar an mbinse. Níl aon amhras faoi, mar sin, ach go bhfuil imreoirí Átha Cliath ag cruthú go leor fadhbanna maithe do Jim Gavin! D’fhéadfadh go mbeidh cúpla cinneadh fíordheacair le déanamh ag Gavin Dé Domhnaigh seo chugainn maidir leis an gcúigear déag a thosóidh an cluiche, go mór mór má tá James McCarthy le filleadh ar an líne leathchúil.

GG2 Téamh Suas

Imreoir agus cinnire róthábhachtach do na Dubs is ea McCarthy. Má tá sé réidh tosóidh sé. Má thosaíonn sé, fillfidh Ciarán Kilkenny ar an líne leatosaigh agus is as seo a thiocfas fadhb Gavin. Níl ach sé spás sna tosaithe agus tá ochtar – ar a laghad – ag troid don sé áit sin. Tosóidh Dean Rock sa gcoirnéal de bharr a chuid saorchiceanna. Tosóidh Bernard Brogan istigh ar imeall na cearnóige agus tosóidh Kilkenny, Diarmuid Connolly agus Paul Flynn ar an líne leatosaigh.

Fágann sé seo áit amháin, sa gcoirnéal ar dheis idir Kevin McManamon, Paul Mannion agus Paddy Andrews. Bhí McManamon damanta maith in aghaidh Dhún na nGall agus is é seo a fhágann Gavin idir dhá thine Bhealtaine. Cé acu a thosóidh sé? Níl tada déanta mícheart ag Andrews le cúpla bliain anuas agus bhí an-chluiche ag Mannion an lá faoi dheireadh nuair a tháinig sé isteach ón mbinse. Beidh cinneadh fíordheacair le déanamh ag an mbainisteoir.

Chuirfinn féin Andrews isteach ón tús agus thabharfainn McManamon isteach ón mbinse níos deireanaí sa gcluiche. D’fhéadfadh sé seo a bheith míréasúnta ar McManamon ach ní feidir luach a chur ar an tionchar a imríonn sé ar chluichí nuair a thagann sé isteach ón mbinse agus go mór mór in am an ghátair. D’fhágfainn Mannion ar an mbinse, freisin, ag súil go mbeadh an tionchar céanna aige ar an gcluiche is a bhí in aghaidh na gConallach.

Teastóidh ardú mór díocais agus fuinnimh sa dara leath má tá Áth Cliath chun an ceann is fearr a fháil ar Chiarraí. Tá ceathrar nó cúigear de imreoirí Chiarraí go maith sna tríochaidí anois. Teastóidh an fuinneamh ard seo má bhíonn na Dubs taobh thiar, nó, má bhíonn orthu brú ar aghaidh sa gceathrú deireanach den chluiche seo.

Beidh le feiceáil céard a thitfeas amach agus céard a dhéanfas Jim! Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s