Áth Cliath v Ciarraí

Seo é an ceann mór! Áth Cliath in aghaidh Chiarraí os comhair 82,300 i bPáirc an Chrócaigh agus áit i gcluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Mhaigh Eo ag fanacht ar na buaiteoirí. Seo iad an dá fhoireann is fearr sa tír le roinnt blianta anuas cé go mbeadh go leor le rá ag muintir Mhaigh Eo faoi sin! 62 Craobh uile-Éireann idir an dá chontae. 37 ag Ciarraí agus 25 ag na Dubs. Buaiteoirí 2014 in aghaidh bhuaiteoirí 2015 Tá cath mór fíochmhar amach romhainn!

1231260_10151665375984226_1127079083_n

Ciarraí

D’admhaigh Eamonn Fitzmaurice le cúpla lá anuas go raibh siad ag díriú ar an gcluiche seo ó thús na bliana agus níl aon amhras ach go mbeidh plean aige. Is bainisteoir an-ghlic é Fitzmaurice. Ní maith le Ciarraí cailleadh in aghaidh na Dubs agus beidh siad réidh don dúshlán a bheidh rompu amach Dé Domnhnaigh. Is míbhuntáiste é do na Ciarraígh nár tugadh dúshlán ceart dóibh go dtí seo, áfach. Bhí buanna éasca acu in aghaidh an Chláir faoi dhó agus in aghaidh Thiobraid Árann i gcluiche ceannais na Mumhan, go dtí seo.

Tá cuid mhaith imreoirí ar phainéal Chiarraí ar an taobh mícheart de thríocha anois agus seans maith nach mbeidh deis ag cuid acu an ceann is fearr a fháil ar na Dubs arís. Beidh siad réidh don chath seo. Marc Ó Sé, Aidan O’Mahony, Bryan Sheehan, Kieran Donaghy, Gooch Cooper, Donnchadh Walsh. Tá ré órga na n-imreoirí iontacha seo uilig ag teacht chun deiridh agus beidh siad uilig ag iarraidh an stáitse a fhágáil le bonn uile-Éireann sa bpóca acu – bíodh siad istigh ón tús nó ar an mbinse. Spreagfaidh sé seo Ciarraí.

Cluiche an-mhór é seo do Thadhg Morley agus do Bhrian Ó Beaglaoich. Níor imir siad raimh ag leibhéal chomh hard leis seo agus ma bhíonn cluichí maithe acu seasfaidh sé dóibh amach anseo. Maidir le Bryan Sheehan, is féidir linn a bheith lánchinnte nach mbeidh sé ag imirt sna cúil. Cute hoorism, a mhac!

GG 3

Seo an cheathrú huair do na foirne seo aghaidh a thabhairt ar a chéile sa gCraobh ó 2011 i leith agus tá trí bhua ag na Dubs go dtí seo. Ní raibh ach oiread na fríde idir na foirne sna cluichí sin, áfach. Ní bheidh sé seo éasca.

Na Dubs

Beidh Jim Gavin is a fhoireann réidh, freisin. Is cinnte gur chabhraigh an cluiche crua a fuair siad ó Dhún na nGall go mór leo. Má bhí aon amhras maidir le Davy Byrne agus John Small ní bheidh anois. Rinne an bheirt an beart in aghaidh na gConallach. Tabharfaidh an cluiche sin muinín is misneach dóibh. Ní bheidh aon easpa díocais ar na Dubs. Tá siad ag iarraidh dhá Chraobh i ndiaidh a chéile a bhuachan agus tá siad dírithe go hiomlán ar an sprioc sin ag tosú le Ciarraí, Dé Domhnaigh.

Beidh an-tionchar ag ciceanna amach Cluxton ar an gcluiche. Má ghéilleann Ciarraí dóibh beidh siad i dtrioblóid ach má bhrúnn siad suas orthu beidh orthu a bheith an-aclaí. Mara bhfuil siad sách aclaí tabharfaidh Jonny Cooper agus Philly McMahon faoi deara é agus gabhfaidh siad ag taistil ag iarraidh scóranna dá gcuid féin a aimsiú! Beidh an dá fhoireann ag brath ar an mbinse, freisin. Beidh roinnt imreoirí le taithí na mblianta ar an mbinse ag Ciarraí agus beidh ionadaithe Átha Cliath ag iarraidh a chuthú do Gavin gur cheart go mbeadh siad i measc an 15 tosaigh.

Áth Cliath nó Ciarraí?

Áth Cliath le trí chúilín nó níos mó ach beidh cath crua ann. Na Dubs abú!

IMG_0449

An Fhoireann

1 Stephen Cluxton                               CLG Parnell

2. philly McMahon                              Baille Munna

3. Jonny Cooper                                    Na Fianna

4.David Byrne                                       Naomh Olaf

5. James McCarthy                              Baile Munna

6. Cian O’Sullivan                               Crócaigh Chill Mochuda

7. John Small                                         Baile Munna

8. Brian Fenton                                    Rath Eanaigh

9. Denis Bastick                                   Teach Mealóg-Sraid Singe

10. Paul Flynn                                       Fine Ghallainn

11. Paul Mannion                                 Crócaigh Chill Mochuda

12. Ciarán Kilkenny                            Caisleán Cnucha

13. Dean Rock                                       Baile Munna

14. Diarmuid Connolly                       Naomh Uinsionn

15. Bernard Brogan                              Naomh Oilibhéir Pluincéid Eoghan Ruadh

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s