Deano an Laoch do na Dubs!

Áth Cliath 0-22 Ciarraí 2-14

Páirc an Chrócaigh, 28 Meán Fómhair, 2016

Is iomaí féasta peile a thug an dá fhoireann seo dúinn thar na blianta agus níl aon amhras ach go raibh an ceann seo ar cheann de na cinn is fearr fós. Bhí níos mó ná áit i gcluiche ceannais na hÉireann mar dhuais ag buaiteoirí an chluiche seo. Bhí cearta maímh ann, freisin! Beirt fhathach mór na peile Gaelaí in aghaidh a chéile agus mórtas pobail ag croílar an chatha.

Leirsiú

Bhí atmaisféar dochreidte ann. Bhí an dá lucht leanta chomh paiseanta céanna agus rinneadar ceiliúradh ar chuile scór ar nós mar a bheadh scór buacach ann. Ba ag na Dubs a bhí an focal deireanach, áfach, ach ba ar éigean é!

An Cluiche

Bhí na Dubs níos fearr ná Ciarraí don chéad 28 nóiméad den chluiche seo agus an chuma ar an scéal go mbeadh bua compordach acu. D’athraigh sé sin ina iomláine idir an 29ú nóiméad agus leatham, áfach. Rinne Ciarraí scrios ar chúl Stephen Cluxton le linn an ocht nóiméad sin a chinntigh go mbeadh dara leath lán le teannas againn. Bhí go leor ceisteanna deacra le freagairt ag na Dubs sa dara leath sin!

An hoodle

Léirigh an taispeántas a thug na Dubs théis an bhriseadh leathama go bhfuil siad tiomanta go huile is go hiomlán do Chorn Sam Maguire a chonneáil sa bpríomhchathair. Thosaigh siad an leath cúig chúilín taobh thiar ach léirigh siad spiorad, foighid agus muinín a tharraing ar ais sa gcluiche iad. Choinnigh siad leis an bplean agus bhuaigh siad le dhá chúilín.

Ciarraí

D’imir Ciarraí le paisean is le díocas. Bhí plean oibrithe amach acu do chiceanna amach Cluxton agus d’oibrigh sé nuair a thriáil siad an plean sin a chur i bhfeidhm. Nuair a ghnóthaigh Gooch saorchic éasca os comhair na gcuaillí bhrúigh siad suas ar línte leatosaigh agus lántosaigh na Dubs. Chuaigh siad sa tseans. Chroith siad a lámha san aer. Ní raibh aon am ag Cluxton cic amach sciobthaí a thógáil. Bhí mearbhall air. Ní raibh aon rogha éasca aige agus rinne sé botúin dá bharr. D’aimsigh Ciarraí 2-03 idir an 29ú nóiméad agus an 37ú nóiméad. D’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Cluxton.

Níl aon amhras ach gur cheart cic saor a bheith bronnta ar Chiarraí sa 70ú nóiméad chun an cluiche a chothromú nuair a rinne Kevin McManamon calaois ar Peter Crowley. Is léir ón áit a raibh an réiteoir, áfach, nach raibh radharc cheart aige ar an gcalaois. Bhí go leor a cheap fud fad Pháirc an Chrócaigh gur gualainn fhéarailte a thug McManamon dó ag an am. Tríd is tríd, bhí cluiche maith ag David Gough. Scaoil se leis an imirt agus tugadh cluiche iontach dúinn dá bharr.

Deireadh Ré?

Táthar ann a cheapann go n-éireoidh go leor den seandream as painéal Chiarraí anois. Cá bhfios an bhfeicfidh muid leithéidí Aidan O’Mahony, Marc Ó Sé, Kieran Donaghy agus Colm Cooper i ngeansaí Chiarraí arís. Tá ár meas tuillte acu uilig. Laochra a linne.

Ná bíodh aon trua againn do na diabhail, mar sin féin! Tá an chéad ghlúin eile de pheileadóirí iontacha Chiarraí ag teacht. Bhí an-chuma ar mhionúir Chiarraí Dé Domhnaigh gan a bheith ag trácht ar mhionúir bhuacacha Chiarraí 2014 agus 2015. Ní fada uainn go mbeidh an Sam sa Ríocht in athuair!

Áth Cliath

Beidh Jim Gavin an-sásta leis an gcaoi ar imir a fhoireann sa dara leath. Ba léir gur fhoghlaim siad ceacht ó luíochán Dhún na nGall i 2014. Tháinig siad amach sa dara leath agus d’imir siad le spiorad, croí, díograis is le díocas. Tháinig leatham ag am maith dóibh agus thug sé deis dóibh socrú síos. Tuilleann foighid fortún agus is cinnte gur thuill na Dubs an bua seo de bharr a gcuid foighne.

An Cnoc

Is cinnte go bhféadfadh leis na Dubs imirt níos fearr ach ní bheidh aoinne ag ceistiú a ndíocais a thuilleadh.

An Chéad Leath

Thosaigh na Dubs go réasúnta compordach agus tar éis 12 nóiméad bhí siad 0-04 go dtí 0-00 chun tosaigh a bhuíochas do scóranna ó Dean Rock (0-03) agus ó Dhiarmuid Connolly (0-01). Tháinig céad scór Chiarraí sa 13ú nóiméad ó David Moran. Tar éis 29 nóiméad bhí na Dubs chun tosaigh ar scór 0-09 go dtí 0-05 agus an chuma ar an scéal go mbeadh lá éasca acu. Ba iad Rock (0-02), Kevin McManamon (0-01), Bernard Brogan (0-01) agus Connolly (0-01) a fuair na scóranna eile do na Dubs agus ba iad Paul Geaney (0-03) agus Colm Cooper (0-01) a d’aimsigh scóranna na gCiarraíoch.

Tháinig athrú mór ar an gcluiche ina dhiaidh sin, áfach, nuair a shocraigh Ciarraí brú suas ar chiceanna amach Cluxton sa 29ú nóiméad. Rinne siad slad ar chúl na Dubs agus 2-03 ar fad a a bhí mar thoradh ar an slad ocht nóiméid sin. Ba iad Darran O’Sullivan agus Paul Geaney a d’aimsigh na cúil agus tháinig na cúilíní ó Gooch (0-02) agus ó Geaney (0-01). Chuaigh Ciarraí isteach chun tosaigh ag an mbriseadh ar scór 2-08 go dtí 0-09 agus preab mhór bainte as lucht leanta na Dubs.

An Dara Leath

Thosaigh Áth Cliath an dara leath mar a thosaigh siad an chéad leath agus tar éis 48 nóiméad bhí na foirne cothrom arís ar scór 0-15 go dtí 2-09. Cuireadh na Dubs ina dtost in athuair, áfach, théis do Chiarraí an chéad trí scór eile a fháil, ina dhiaidh sin. Chríochnaigh na Dubs go láidir, ina ainneoin sin, agus d’aimsigh siad seacht gcinn den naoi scór dheireanacha. Ba iad Rock le seacht gcúilín, Brogan, Fenton, McMahon, McManamon, O’Gara agus Connolly le cúilín an duine a d’aimsigh scóranna Átha Cliath sa dara leath. I measc na scórálaithe do Chiarraí bhí Gooch, Keane, Geaney, Murphy agus O’Brien. Scór deiridh – Áth Cliath 0-22 Ciarraí 2-14.

Laoch na hImeartha

Bhí Jonny Cooper go hiontach. Rinne Kevin McManamon tuilleadh damáiste do na Ciarraígh ach is ag Dean Rock atá Laoch na hImeartha an iarraidh seo. Ba é an cluiche ab fhearr a d’imir sé riamh i ngeansaí na Dubs. D’aimsigh sé dhá scór dheasa ón imirt agus bhí sé ar fáil i gcónaí le pas a thógáil. D’éirigh thar cionn leis ó na saorchiceanna agus ó na ciceanna 45 méadar, freisin. Chríochnaigh sé an cluiche le 0-12.

Amach Anseo

Tá lá mór eile amach romhainn ar an tríú Domhnach de mhí Mheán Fómhair agus in aghaidh Mhaigh Eo an iarraidh seo. Beidh foireann Stephen Rochford réidh dúinn. Níor imir siad ró-iontach go dtí seo i mbliana ach níor ghá dóibh. Thug siad go leor fadhbanna do Áth Cliath le cúpla bliain anuas agus tabharfaidh arís eile ar 18 Meán Fómhair. Is le Sam a bhailiú le tabhairt ar ais go Caisleán an Bharraigh a bheidh siad ag gabháil go Páirc an Chrócaigh an lá sin agus beidh orainn a bheith réidh dóibh.

Beidh siad chomh haclaí céanna leis na Dubs agus idir Stephen Rochford agus Tony McEntee tá foireann bainistíochta acu atá tar éis trí cinn de Chraobhacha uile-Éireann a bhuachan i gCraobhchomórtas na gCumann – péire ag McEntee le Raonaithe na Croise agus ceann ag Rochford le Cora Finne. Ní bheidh faitíos ar bith orthu romhainn.

Tuigfidh Jim Gavin an méid sin ach caithfidh sé a dhéanamh cinnte go dtuigeann a fhoireann é. Tá trí seachtaine acu le díriú ar Mhaigh Eo anois agus roinnt mhaith rudaí le feabhsú acu. Caithfidh muid a bheith réidh do chluiche mór crua in aghaidh Mhaigh Eo.

Diarmó eile!

Bhí sé iontach gabháil chuig an gcluiche le mo mhéit beag, is mo mhaicín, Diarmaid. Leaidín beag as Rath Chairn na Mí a thugann a chuid tacaíochta do na Dubs nuair nach bhfuil an Mhí ag imirt, bail ó Dhia air!

Diarmaid - Dún Doire

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!!

Áth Cliath: S Cluxton, J Cooper, P McMahon (0-01), D Byrne, J McCarthy, C O’Sullivan, J Small, B Fenton (0-01), MD Macauley, P Flynn, D Connolly (0-03), C Kilkenny, K McManamon (0-02), D Rock (0-12), B Brogan (0-02)

Ionadaithe: P Andrews do P Flynn, P Mannion do J Small, E O’Gara (0-01) do MD Macauley, M Fitzsimons do J Cooper, C Costello do B Brogan

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s