20 Ceist ar Vinnie Murphy

Vinnie’s goin to get ya! Vinnie’s goin to get ya! Is maith a chuimhním laethanta deiridh Vinnie Murphy mar pheileadóir leis na Dubs. Laoch mór de chuid an Chnoic a bhí ann. Bhíodh sé go maith ag gríosadh lucht tacaíochta agus fhoireann na Dubs nuair a thagadh an glaoch gabháil chun páirce leathbhealach tríd an dara leath. Is minic a bhíodh an t-imreoir a bhí ag marcáil Vinnie leagtha ar an talamh sula mbíodh imeall na cearnóige bainte amach aige!

foireann-vinnie

An-imreoir a bhí i Vinnie agus bhí sé iontach é a fheiceáil ar twitter ag tuíteáil faoi chúrsaí CLG le gairid. Tháinig na cuimhní uilig ó na nóchaidí agus ó thús na mílaoise chun cinn in athuair. Scríobh Mártan Ó Ciardha píosa faoi, freisin, i gclár oifigiúil chluiche leathcheannais na hÉireann cúpla seachtain ó shin. Níl aon amhras ach gur chuir alt Mhártain go leor Dubs (agus go leor de mhuintir Chiarraí freisin, dar ndóigh) ar bhóithrín na smaointe.

Ar leathanach twitter Vinnie, @Vinniedub14, deir sé faoi féin; ‘Former Dubs no 14, spreading my career over 30 years, not 10 like most, you’ll be long enough not able to play’. Insíonn sé sin a scéal féin faoi fhear Naomh Moncha!

Le linn laethanta deiridh Tommy Carr ba é ba mhó a raibh tionchar aige ar na cluichí in ainneoin go mbíodh sé ag teacht isteach ón mbinse. Bhí plean B Tommy Carr bunaithe go mór air.

Bhuaigh se bonn uile-Éireann sa mbliain 1995 do Áth Cliath agus gradam ollréalta sa mbliain 1992. Bhí sé ar dhuine de na himreoirí is fearr sa tír i 1992. Chaith sé seal, freisin, i gCiarraí agus chaith sé geansaí iomána na Ríochta le linn dó a bheith ann. 1-03 a scóráil sé do na Ciarraígh in aghaidh Chorcaí i gCraobh na Mumhan sa mbliain 1998.

Gheobhaidh Vinnie greim ort! Gheobhaidh Vinnie greim ort! Vinnie Murphy abú!

1. Club: Cumann CLG Naomh Moncha (Gaeil na Tríonóide agus Cumann Uí Chéirín Uí Rathaille, Ciarraí)

2. An mbíonn tú ag cóitseáil anois? Is bainisteoir mé ar fhoireann Naomh Moncha a imríonn i Roinn 4 den AFL.

3. Club nó contae? Club

4. Iomáint nó peil? Ce acu is fear leat? Iomáint

5. Cuimhne CLG is mó agus tú i do pháiste? Nuair a chuaigh mé amú ar bhóthar Mhic Sheoin (Jones’s Rd.) i 1975 théis dúinn cailleadh in aghaidh Chiarraí.

6. An cluiche is fearr a d’imir tú? Cluiche Ceannais na hÉireann 1992

7. An cluiche is fearr ina raibh tú pairteach? An cluiche ceannais idirmheánach le Gaeil na Tríonóide i 1995

8. An t-imreoir is fearr a chonaic tú ag imirt riamh? Diarmuid Connolly/ DJ Carey

9. An t-imreoir is fearr a mharcáil tú riamh? Paddy Christie is mé ag traenáil

10. An t-imreoir is fearr a d’imir leat riamh? Paul Curran

11. An bainisteoir peile is fearr le 30 bliain anuas? Mickey Harte (Samhlaigh an méid a bheadh buaite aige dá mbeadh sé mar bhainisteoir ar Chiarraí nó ar Áth Cliath)

12. Buaicphointe so shaoil imeartha: Nuair nár éirigh leis an imreoir a bhí do mo mharcáil lámh nó cos a leagan ar an liathróid i gcluiche ceannais na hÉireann 1992

13. An spórt is fearr leat taobh amuigh de CLG? Galf

14. Cé a bhuafas Craobh Peile Átha Cliath i mbliana? Cumann Naomh Uinsionn

15. Cé a bhuafas Craobh Iomána Átha Cliath i mbliana? Cuala

16. Brolly, Ó Sé nó Wooly agus cén fáth: Meascán den triúr! Brolly ar mhaithe le conspóid, O Sé ar mhaithe le ciall agus Wooly ar mhaithe leis an gcraic!

17. An tSraith Náisiúnta nó Craobh Laighean? Craobh Laighean

18. An t-imreoir is fearr nár bhuaigh Craobh uile-Éireann? Ciarán Whelan

19. Rud is mó a raibh aiféala ort faoi? Nuair a fuair Mickey Whelan réidh liom ón bpainéal i 1996

20. An chuimhne CLG is mó atá agat ón seal a chaith tú i gCiarraí? Bomber Liston ag casadh ‘Streets of New York’ agus am ar bith a fuair muid an ceann is fearr ar na Rockies (Cumann Aibhistín De Staic)

 

*Aistriúchán ar fhreagraí Vinnie Murphy atá sa méid thuas

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s