An Bhliain leis na Dubs go dtí seo – 20 Ceist!

Cé chomh heolach is atá tú ar bhliain fhoireann peile Átha Cliath go dtí seo? Bain triail as an 20 ceist seo a fhreagairt!

GG 3

Marcanna

15-20   Tá tú an-eolach.

10-15   Tá tú eolach.

5-10     Tá níos mó i gceist leis an mbliain peile ná an Chraobh!

0-5       Má tá ticéad agat do chluiche ceannais na hÉireann tá an t-ádh dearg ort!

Cuirfear suas freagraí na gceisteanna seo Dé hAoine seo chugainn 16/09/16. Go n-éirí libh.

1. Ainmnigh na foirne eile a bhí sa ngrúpa céanna le hÁth Cliath i gCraobhchomórtas Chorn Uí Bhroin i mbliana?

2. Cé a fuair an ceann is fearr ar na Dubs i gcluiche leathcheannais Chraobhchomórtas Chorn Uí Bhroin i mbliana (an t-aon fhoireann leis an gceann is fearr a fháil ar na Dubs go dtí seo i mbliana!)?

GG 1

3. Bhuaigh muid an chéad chluiche den tSraith Naisiúnta ar scór 2-14 go dtí 0-14. Cé a bhí mar chéile comhraic againn?

4. Cén Dub a cuireadh den pháirc sa gcluiche sraithe in aghaidh Mhaigh Eo i gCaisleán an Bharraigh i mí Feabhra?

5. Bhuaigh na Dubs ar Mhuineachán ar scór 1-14 go dtí 0-16 sa gcluiche sraithe i mí an Mhárta . Cé a’dimsigh an cúl do na Dubs?

6. Cé a thóg na saorchiceanna do na Dubs sa gcluiche sraithe in aghaidh Chorcaí?

7. Cár imríodh an cluiche sraithe in aghaidh an Dúin i mbliana?

Scór

8. Cé a cuireadh den pháirc do na Dubs sa gcéad chluiche in aghaidh Dhún na nGall i mbliana?

9. Cár imríodh an cluiche sraithe idir Áth Cliath agus Ros Comáin i mbliana?

10. Cé a d’imir in aghaidh na Dubs i gcluiche leathcheannais na Sraithe i mbliana?

11. Cén Ciarraíoch a cuireadh den pháirc i gcluiche ceannais na Sraithe?

12. Cár imríodh an cluiche Craoibhe in aghaidh Laoise i mbliana?

CC 3

13. Bhuaigh Áth Cliath cluiche leathcheannais Laighean ar scór 0-21 go dtí 0-11. Cé bhí mar chéile comhraic againn?

14. Cé mhéad cúl a d’aimsigh na Dubs in aghaidh na hIarmhí i gcluiche ceannais Laighean i mbliana?

15. Cén bheirt ó Áth Cliath a cuireadh den pháirc in aghaidh Dhún na nGall i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann?

16. Cé a d’aimsigh cúl in am cúitimh gortaithe do na Dubs i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann in aghaidh Dhún na nGall?

17. Cé mhéad uair ar imir Áth Cliath in aghaidh Chiarraí i mbliana?

Leirsiú

18. Bhuaigh Áth Cliath an tSraith Náisiúnta don cheathrú huair i ndiaidh a chéile i mbliana. Fíor nó bréagach?

19. D’imir Jack McCaffrey leis na Dubs sa tSraith Náisiúnta i mbliana. Fíor nór bréagach?

20. Cé mhéad imreoir ó Chumann Peile Bhaile Munna a thosaigh do na Dubs in aghaidh Chiarraí i gcluiche leathcheannais na hÉireann 3, 4 nó 5? 4

Advertisements

One thought on “An Bhliain leis na Dubs go dtí seo – 20 Ceist!

  1. Freagraí

    1. Loch Garman, IT Cheatharlach agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
    2. An Longfort
    3. Ciarraí
    4. John Small
    5. Diarmuid Connolly
    6. Cormac Costello
    7. Páirc Esler
    8. James McCarthy
    9. Cora Droma Rúisc
    10. Dún na nGall
    11. Aidan O’Mahony
    12. Páirc Uí Nualláin, Cill Chainnigh
    13. An Mhí
    14. Péire (Bernard Brogan agus Kevin McManamon)
    15. Diarmuid Connolly agus Eoghan O’Gara
    16. Paul Mannion
    17. 3 huaire
    18. Fíor
    19. Fíor
    20. 4

    Moladh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s