Seachtain Chluiche Ceannais na hÉireann

Bíonn go leor ceisteanna dár gciapadh sna laethanta díreach roimh chluiche ceannais na hÉireann agus níl aon rud difriúil faoi chluiche ceannais na bliana seo. Ceisteanna nach bhfuil aon smacht nó neart againn orthu ach ceisteanna a thógann seilbh ar ár n-intinn, mar sin féin.

bratach-na-dubs

Is í an cheist is mó atá againn i mbliana ná cé chomh maith is a bheidh Maigh Eo? Níl móran cainte fúthu in ainneoin na réaltaí móra peile atá acu. An gcabhróidh an cur chuige sochair suaimhneach seo leo? Gan glas agus dearg le feiceáil ar chuile darna caora ó Bhealach an Doirín go Béal an Mhuirthead. Cá ndeachaigh na manaí ‘Mayo for Sam’? Gan carranna atá péinteáilte le dathanna Mhaigh Eo le feiceáil i chuile shráidbhaile is i chuile bhaile mór fud fad Mhaigh Eo. Bíonn ciúin ciontach!

Tá go leor ag inseacht dúinn nach bhfuil seans ag Maigh Eo. Seafóid is tuilleadh seafóide a deirimse liom féin. Tá seans chomh maith céanna acu is a bhí i gcluichí ceannais na bliana seo caite agus ní raibh ach oiread na fríde idir na foirne sa dá chluiche sin. Is minic a chuala muid le linn na nóchaidí agus le linn bhlianta tosaigh na mílaoise go raibh muid chun cluichí áirithe a bhuachan agus go raibh muid thar cionn uilig. Níor bhuaigh muid na cluichí áirithe sin, áfach, agus is cuimhneach linn go maith an díomá a bhí orainn ina ndiaidh! Mo chloigeann cráite leis na ceisteanna seo uilig!

An mbeidh cluiche oscailte ann nó an mbeidh cluiche cosantach ann? Cén chaoi a láimhseálfar ciceanna amach Stephen Cluixton? An mbeidh cluiche maith ag an réiteoir? Cá mbeidh Aidan O’Shea ag imirt? I lár na páirce nó ar imeall na cearnóige? An mbeidh cluiche maith ag leithéidí Bernard Brogan is ag Paul Flynn théis dóibh bheith ciúin in aghaidh Chiarraí? Na mórcheisteanna seo uilig, agus go leor eile, ag gabháil thimpeall mo chloiginn an t-am uilig agus iad do mo chiapadh is ag cur amhrais orm. Iarraim orm féin an bhfuil chuile Dub eile ag gabháil tríd an rud céanna seo nó an é gur mise amháin a bhíonn ag déanamh imní faoina leithéid!

BÁCvANMHÍ

Neirbhíseach, ar bís, imníoch, muiníneach, mífhoighneach, sásta, diúltach, dearfach, thíos seal, thuas seal – sin mar a bhímse an t-am uilig sna laethanta díreach roimh chluiche ceannais na hÉireann. Gan mórán eile ar mo intinn ach an cluiche mór – cluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Mhaigh Eo agus gan dearmad déanta agam fós ar David Brady agus a chairde ag téamh suas os comhair an Chnoic, le cur isteach orainn i 2006. Ní de bharr go ndeachaigh siad síos chuig an gCnoc atá sé fós ag cur isteach orm, ach de bharr go raibh siad ag iarraidh olc a chur orainn. Ba cheart dom dearmad a dhéanamh ar an eachtra áirithe sin anois, ach tá sé fós ag dó na geirbe agam agus tá sé deacair fáil réidh leis. Tá faitíos an domhain orm go gcaillfidh muid. Tá mé scantraithe!

Ní athróinn tada faoi sheachtain chluiche ceannais na hÉireann, mar sin féin. Is é an faitíos seo agus na mothúcháin eile seo a dhéanann cluiche ceannais na hÉireann speisialta dom. Tá muid ag réiteach don cheathrú Craobh Éireann ó 2011 i leith agus tar éis an ghorta a bhí again ó 1995 go 2011, ba cheart dúinn bheith buíoch den fhoireann óg iontach seo atá againn. Seo ré órga na Dubs.

Deireadh Seachtaine an Chluiche Ceannais

Is breá liom deireadh seachtaine an chluiche ceannais agus na nósanna céanna á gcleachtadh agam le blianta beaga anuas. Comórtas seachtar an taobh Ghaeltacht Ráth Chairn idir Laimbé is Ráth Chairn. Geansaí, hata agus bratach na Dubs leagtha ar an mbord agam, taobh le mo chuid ticéad is le mála superheroes mo mhic (diabhal piseog!!), roimh ghabháil a chodladh dom. Breathnaím ar Up For The Match is bíonn drochoíche chodlata agam is mé ag únfairt is ag casadh sa leaba.

Maidin an Chluiche

Is iontach a bheith ag siúl ar Bhóthar Chluain Life lá an chluiche is ag sú isteach an atmaisféir roimh ghabháil chuig cluiche na mionúr. Músclaíonn sé na mothúcháin uilig ionam. Bímse bródúil as Cumann Lúthchleas Gael. Bródúil as Páirc an Chrócaigh. Bródúil as na cluichí Gaelacha. Bródúil as mo chontae. Bródúil as na Dubs.

Isteach liom go tearmann mór na nGael, Páirc an Chrócaigh, agus suas díreach liom chuig an dream óg a bhíonn ag díol chláracha an chluiche. Síos liom chuig mo shuíochán ar Ardán Uí Chíosóig agus fanaim ann. Mo chosa ag croitheadh go neirbhíseach is m’intinn dírithe go hiomlán ar an gcluiche mór. Na féidearthachtaí uilig ag rith trí mo chloigeann. An cluiche mionúir ar siúl os mo chomhair amach ach gan iomlán mo chuid airde air.

1231260_10151665375984226_1127079083_n

Tagann na Dubs chun páirce go gairid théis chluiche na mionúr agus déanann siad ar an mbinse le haghaidh grianghraif. Cuirtear fáilte bheoga bhríomhar rompu. Bíonn deora bróid i mo shúile. C’mon the Dubs! An warm up os comhair an Chnoic. Déanann tú cinnte go bhfuil gach duine ag bogadh i gceart. Sracfhéachaint nó dhó síos i dtreo imreoirí Mhaigh Eo, freisin. Chuile rud togha. Isteach leis na himreoirí sa bparáid taobh thiar den Artane Boy’s Bands. Tagann an pharáid i do threo agus báitear agus sáitear san ócáid thú. C’mon the Dubs! Déanaimis é seo! C’MON! Seasaim le haghaidh Amhrán na bhFiann. A thuilleadh deora bróid i mo shúile agus away linn. C’MON THE DUBS! Tá muid réidh gabháil chun catha. Bring it on! Na Dubs abú.

 

Advertisements

One thought on “Seachtain Chluiche Ceannais na hÉireann

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s