Áth Cliath nó Maigh Eo?

Áth Cliath nó Maigh Eo?

Cluiche Ceannais Peile na hÉireann 2016

Leirsiú

Tá dhá chluiche caillte ag na Dubs sa gCraobhchomórtas ó 2011 i leith – ceann in aghaidh Mhaigh Eo i 2012 agus ceann in aghaidh Dhún na nGall i 2014. Bhí comhscór amháin acu le linn an ama sin in aghaidh Mhaigh Eo anuraidh. Is léir mar sin nach mbeidh faitíos ar bith ar Mhaigh Eo roimh na Dubs. Beidh siad chomh díocasach is chomh haclaí céanna le foireann Jim Gavin. Beidh siad réitithe go maith ag Stephen Rochford is ag Tony McEntee beirt a bhfuil craobhacha uile-Éireann buaite acu – péire ag McEntee le Raonaithe na Croise agus ceann ag Rochford le Cora Finne. Tá dul amú orthu siúd a deir nach bhfuil seans ar bith ag Maigh Eo. Is le Corn Sam Maguire a thabhairt ar ais go Maigh Eo a bheidh siad ann Dé Domhnaigh. Bímis cinnte de sin.

Na Dubs

Níor cheart go gcuirfeadh an hype isteach ar na Dubs agus beidh siad réitithe go maith ag Jim Gavin. Is cabhair mhór dóibh go bhfuil trí Chraobh uile-Éireann buaite ag go leor ar an bpainéal agus níor cheart go mbeadh aon deacracht acu díriú i gceart ar an gcluiche. Má imríonn Áth Cliath chomh maith is atá siad in ann beidh sé an-deacair iad a stopadh.

An hoodle

Beidh tionchar mór ag an trí chath idir Lee Keegan is Diarmuid Connolly, idir Bernard Brogan is Lee Higgins agus idir Philly McMahon is Aidan O’Shea ar an gcluiche. Beidh ar Mhaigh Eo an trí chath seo a bhuachan má tá siad le buachan.

Áth Cliath nó Maigh Eo?

Na Dubs le dhá chúilín a bhuíochas do na honadaithe.

An Fhoireann

1. Stephen Cluxton                               CLG Parnell

2. Philly McMahon                               Baille Munna

3. Jonny Cooper                                     Na Fianna

4. David Byrne                                       Naomh Olaf

5. James McCarthy                               Baile Munna

6. Cian O’Sullivan                                Crócaigh Chill Mochuda

7. John Small                                        Baile Munna

8. Brian Fenton                                    Rath Eanaigh

9. Michael Darragh Macauley          Baile Buadáin Naomh Éanna

10. Paul Flynn                                       Fine Ghalainn

11. Kevin McManamon                      Naomh Jude

12. Ciarán Kilkenny                            Caisleán Cnucha

13. Dean Rock                                       Baile Munna

14. Diarmuid Connolly                      Naomh Uinsionn

15. Bernard Brogan                             Naomh Oilibhéir Pluincéid Eoghan Ruadh

 

Na Dubs abú!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s