Lá Eile ag an bPaorach!

Áth Cliath 2-09 Maigh Eo 0-15

Cluiche Ceannais Peile na hÉireann, 18 Meán Fómhair, 2016

A mhac go deo! Céard is féidir a rá raibh faoi sin? Aisteach? Garbh? Lán le botúin? Dúradh linn go mbeadh bua éasca ag na Dubs ach is léir nár chreid muintir Mhaigh Eo é sin (ná go leor eile againne!!). Tá foireann seo Mhaigh Eo ar cheann de na foirne is fearr a bhí ag Maigh Eo raimh. Bhí comhscór acu in aghaidh na Dubs i 2014 agus bhí an bua acu ar na Dubs i 2012. Cén fáth nach mbeadh seans acu? Bhí muintir an iarthair i bhfolach sa bhféar fada le bliain anuas ach tá siad amuigh as anois agus iad le feiceáil ag gach duine!

bacme-2

Áth Cliath

Níor imir Áth Cliath chomh dona sin le fada ach níor ligeadh dóibh imirt. Bhí drochlá ag na tosaithe, ach go háirithe. Bhí cúluithe Mhaigh Eo greamaithe díobh. Bhí an chuma orthu go raibh siad tuirseach agus easpa díocais le feiceáil ina gcuid imeartha. Ní raibh siad sách sciobthaí chuig an liathróid. Chuir siad neart pasanna agus seansanna ar scóranna amú. Cé chomh minic a theipeann ar Bernard Brogan, Paul Flynn, Kevin McManamon agus ar Chiarán Kilkenny scóráil in aon chliuche amháin? Níor aimsigh na Dubs scór ón imirt go dtí an 31ú nóiméad. Ní dhearna Jonny Cooper ná Philly McMahon mórán ruathar chun tosaigh mar is iondúil dóibh ó thús deireadh an chluiche. Taispeántas aisteach uathu a bhí ann.

In ainneoin go raibh an t-ádh ar fhoireann Jim Gavin nár chaill siad an cluiche seo ba cheart é a bheith buaite acu ag an am céanna. Ní raibh siad riamh taobh thiar ar chlár na scór ón 8ú nóiméad ar aghaidh. Bhí seilbh na liathróide á coinneáil go compordach ag Kilkenny sna nóiméid dheireanacha díreach roimh scór cinniúnach Chillian O’Connor. Fuair na Dubs cic taobhlíne ach thug Diarmuid Connolly seilbh na liathróide ar ais do Mhaigh Eo nuair a chuir sé an cic taobhlíne ar fóraoil. Bhí Kilkenny ag iarraidh go dtógfaí pas gairid agus go gcoinneofaí an liathróid go dtí gur shéid an réiteoir a fheadóg do dheireadh an chluiche. Déarfainn nach mó ná sásta a bhí Kilkenny le Connolly! Maithfidh muid é seo do Dhiarmó, mar sin féin. Cá mhéad uair ar bhuaigh muid cluichí le cúige bliana anuas de bharr é a bheith ar an bpáirc?

bacme-4

Rinne na Dubs go leor droch-chinnte eile le linn an chluiche agus chuir siad go leor pasanna agus seansanna amú. Ní fhéadfaidís na botúin chéanna a dhéanamh san athimirt, an bhféadfadh?

Maigh Eo

Beidh Maigh Eo an-sásta leis an gcaoi ar imir siad. Dhiúltaigh siad ligean do na Dubs imirt agus d’imir siad go crua is go paiseanta. Tabharfaidh sé seo muinín agus misneach dóibh don chéad lá eile. Tar éis dóibh an dá chúl a scóráil ina líontán féin d’fhéadfaidís géilleadh don chluiche seo ach níor ghéill. D’imir siad le díocas agus le spiorad. Bhí sé soiléir ó tháinig siad chun páirce go raibh siad chun drocham a thabhairt dá gcéilí comhraic. Rinne siad tromaíocht ar na Dubs agus cheapfá nach raibh aon súil ag na Dubs leis. Dúirt Dara Ó Cinnéide an tseachtain seo caite go mbeadh ar Mhaigh Eo scaoll a chur faoi na Dubs chun an cluiche seo a bhuachan agus is léir go raibh siad ag éisteacht leis!

Chabhraigh an easpa airde agus an easpa measa á léirigh na ‘saineolaithe’ sna meáin chumarsáide le muintir Mhaigh Eo agus d’úsáid siad chun a leasa é is iad ag réiteach don chluiche seo. Ní bheidh sé sin acu agus iad ag réiteach don athimirt. Bí cinnte de sin.

An Réiteoir

Ta sé fíordheacair réiteoireacht cheart a dhéanamh ar chluiche ar bith idir an dá fhoireann seo agus tá trua agam do Maurice Deegan a ceapadh mar réiteoir don athimirt!! Tá nimh agus naimhdeas idir an dá fhoireann seo nach bhfuil le feiceáil idir aon dá chontae eile. Dá mbeadh Conor Lane théis na rialacha a chur i bhfeidhm i gceart Dé Domhaigh seo caite d’fhéadfadh O’Connor, Macauley, O’Shea is roinnt eile a bheith i dtrioblóid. Ní bhfuair ach James McCarthy cárta dubh agus ba ó orduithe an fhir taobhlíne a tharla sé sin. Tríd is tríd bhí cluiche maith aige agus ní fhéadfadh mórán gearán a bheith ag ceachtar den dá fhoireann. Scaoil sé le go leor agus bhí sé leanúnach den chuid ba mhó.

An Chéad Leath

Ba léir ón tús go mbeadh cluiche cosanta, lán le botúin, ann de bharr na haimsire. Thosaigh Maigh Eo níos láidre ná na Dubs agus chuir siad neart brú orthu don chéad seacht nó ocht nóiméad den chluiche. D’aimsigh Tom Parsons agus Cillian O’Connor scóranna do fhir an iarthair le linn an ama sin. San ochtú nóiméad, áfach, chruthaigh na Dubs an-seans nuair a cuireadh an liathróid isteach chuig Bernard Brogan os comhair na gcuaillí. Níor thóg sé an seans ach, de bharr na drochaimsire, sciorr an laithróid isteach sa gcúl théis chos Kevin McLoughlin a bhualadh.

bacme-3

Tar éis do O’Connor cúilín eile a aimsiú d’éirigh le hÁth Cliath seans eile a chruthú ach chaill Dean Rock smacht ar an liathróid. Tháinig Colm Boyle isteach go tréan le Rock a stopadh, áfach, agus chuir sé an liathróid isteach sa gcúl. An dara cúl scóráilte ag Maigh Eo do na Dubs! D’éirigh le hÁth Cliath an chéad scór dá gcuid féin a aimsiú 30ú nóiméad ó Dean Rock. Chríochnaigh siad an leath go láidir le scóranna eile ó Rock (0-01) agus ó Paddy Andrews (0-02). Tháinig Andrews isteach do James McCarthy sa 23ú nóiméad théis gur bronnadh cárta dubh air. Bhí cúis gearáin ag McCarthy. D’aimsigh Dónal Vaughan agus Jason Doherty na scóranna eile do Mhaigh Eo. Scór leathama – Áth Cliath 2-04 Maigh Eo 0-05.

An Dara Leath

Bhí tús an-láidir ag Maigh Eo leis an dara leath agus taobh istigh de 10 nóiméad bhí na foirne cothrom arís a bhuíochas do scóranna ó Chillian O’Connor (0-03), Andy Moran (0-01) agus ó Paddy Durcan (0-01). Dúisíodh na Dubs go gairid ina dhiaidh sin agus uaidh sin go dtí an deireadh bhí cluiche lán le teannas againn. Théis 67 nóiméad bhí Áth Cliath trí chúilín chun tosaigh ach d’éirigh le Maigh Eo trí scór i ndiaidh a chéile a aimsiú roimh dheireadh an chluiche. Scór deiridh- Áth Cliath 2-09 Maigh Eo 0-15.

Laoch na hImeartha

Bhí cluiche maith ag Jonny Cooper agus ag Brian Fenton ach níl aon amhras ann ach gurbh é John Small a sheas amach do na Dubs. Beidh muid ag brath ar Small arís san athimirt agus súil againn go bhfeicfear an díocas agus an uaillmhian chéanna a chonaic muid uaidh Small ó go leor eile Dé Sathairn seo chugainn. Tuillte go maith ag fear Bhaile Munna.

bacme

Amach Anseo

Deireanach trathnóna Déardaoin a chuir mé críoch leis an alt seo. Dá mbeinn á chríochnú Dé Luain nó Dé Mairt seo caite bheinn ag rá go mbeadh cúpla cinneadh deacair le déanamh ag Jim Gavin maidir leis an 15 tosaigh. Théis dhom mo mhachnamh a dhéanamh air anois, ní mholfainn mórán athruithe. B’fhéidir gurbh fhearr go mbeadh McManamon ag teacht chun páirce leathbhealach tríd an dara leath é ach ní athróinn duine ar bith eile. Bheinn ag súil le taispeántas i bhfad níos fearr ó na tosaithe eile an chéad la eile, mar sin féin.

Is cinnte go mbeidh na Dubs réitithe níos fearr Dé Sathairn seo chugainn agus go mbeidh siad ag díriú ar thaispeántas maith a thabhairt. Caithfidh siad dúshlán níos mó a thabhairt do Mhaigh Eo. Dhéanfaidís rud ar bith leis an dara seans a fháil in aghaidh Mhaigh Eo i 2012 agus in aghaidh Dhún na nGall i 2014. Tá an dara seans againn Dé Sathairn seo chugainn. Le cúnamh Dé tógfaidh muid é!

gaelgory-agus-pj

Tá ról againne, an lucht leanta, freisin sa gcluiche seo. Ba as Maigh Eo formhór na ndaoine a bhí i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite agus ní rud é sin a tharlaíonn rómhinic. Caithfidh muidne , na Dubs, a bheith i bhfad níos glórmhaire. Caithfidh muid ár laochra a spreagadh is a ghríosadh. Bímis le cloisteáil an chéad lá eile. Na Dubs abú!

Áth Cliath: S Cluxton, J Cooper, P McMahon, D Byrne, J McCarthy, C O’Sullivan, J Small (0-01), B Fenton (0-01), MD Macauley, D Connolly (0-01), P Flynn, C Kilkenny, K McManamon, D Rock (0-04), B Brogan

Ionadaithe: P Andrews (0-02) do J McCarthy, P Mannion do K McManamon, M Fitzsimons do MD Macauley, E O’Gara do B Brogan, D Daly do D Byrne, D Bastick do P Flynn

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s