Am na Cinniúna

Áth Cliath v Maigh Eo

Is foireann iontach í foireann seo Átha Cliath beag beann ar a thitfeas amach ar an Satharn. Beidh caint orthu go deo agus beidh an meas céanna orthu amach anseo is atá ar Laochra Heffo. An raibh an iomarca brú orthu an lá deireanach? Fíorbheagán a thug seans do Mhaigh Eo in ainneoin na gcathanna móra a bhí idir na foirne le tamall de bhlianta anuas. Bhí an chaint uilig, agus an iomarca cainte b’fhéidir, ar fhoireann iontach seo na Dubs agus ar an seans a bhí acu dhá Chraobh uile-Éireann i ndiaidh a chéile a bhuachan.

bacme-2

Caithfidh siad an chaint sin a leagan ar leataobh agus díriú ar an gcluiche atá amach rompu. Caithfidh siad an dá chraobh i ndiaidh a chéile a chur as a n-intinn agus caithfidh siad imirt le saoirse. Lig siad do Mhaigh Eo luas an chluiche a shocrú an lá deireanach ach caithfidh siad a dhéanamh cinnte nach dtarlaíonn sé sin Dé Sathairn. Is léir go bhfuil Jim Gavin ag fanacht dílis do imreoirí áirithe don Satharn. Caithfidh na himreoirí sin dílseacht a léiriú do Gavin anois.

Maigh Eo

Beidh Maigh Eo ag súil le taispeántas den chineál céanna a thabhairt arís. Beidh siad ag iarraidh scaoll a chur faoi na Dubs agus beidh siad ag guibhe do na déithe drochaimsir a thabhairt dóibh arís – in ainneoin gur aimsir thirim atá geallta! Níor éirigh le hÁth Cliath ach 18 gcúilín a aimsiú in aghaidh Mhaigh Eo i mbliana, idir an cluiche sraithe agus an cluiche coicís ó shin, agus bheifeá ag ceapadh go mbeadh sé deacair ar Áth Cliath scóranna a aimsiú arís sa gcluiche seo. Tá cúlaithe Mhaigh Eo an-mhaith ag cloí thosaithe Átha Cliath. Dar ndóigh, beidh siad ag súil le tuilleadh ó na deartháireacha O’Shea is O’Connor ó lár páirce ar aghaidh.

Ní raibh gíog ná míog as lucht leanta Mhaigh Eo agus iad ag réiteach don chéad chluiche ach tá sé sin uilig athraithe anois. Tá siad ag súil lena gcéad Chraobh uile-Éireann a bhuachan ó 1951 i leith ar an Satharn. Tiocfaidh a bhrú féin leis sin, ach, creideann foireann seo Mhaigh Eo go diongbháilte go mbeidh an lá leo. An dtiocfaidh deireadh leis an maillacht??

Arm Jim Gavin

Beidh ról mór ag lucht leanta na Dubs san athimirt. Bhí i bhfad níos mó de lucht leanta Mhaigh Eo i bPáirc an Chrócaigh don chéad chluiche agus d’fhéadfadh go dtarlódh an rud céanna don athimirt. Bhí na Dubs an-chiúin ach caithfidh siad a bheith níos glórmhaire an iarraidh seo agus ár gcuid laochra a ghríosadh agus a speagradh. Bímis le cloisteáil Dé Sathairn.

Áth Cliath nó Maigh Eo

Má imríonn na Dubs chomh maith is atá siad in ann agus an trí ‘m’ – mórtas, misneach agus muinín – le feiceáil ina gcuid imeartha beidh an lá linn. Caithfidh tosaithe Átha Cliath an ceann is fearr a fháil ar chúlaithe Mhaigh Eo. Creidim go bhfaighidh. Na Dubs abú.

4

 

An Fhoireann

1. Stephen Cluxton                               CLG Parnell

2. Philly McMahon                               Baille Munna

3. Jonny Cooper                                     Na Fianna

4. David Byrne                                       Naomh Olaf

5. James McCarthy                               Baile Munna

6. Cian O’Sullivan                                Crócaigh Chill Mochuda

7. John Small                                         Baile Munna

8. Brian Fenton                                    Rath Eanaigh

9. Michael Darragh Macauley          Baile Buadáin Naomh Éanna

10. Paul Flynn                                       Fine Ghalainn

11. Kevin McManamon                       Naomh Jude

12. Ciarán Kilkenny                            Caisleán Cnucha

13. Dean Rock                                        Baile Munna

14. Diarmuid Connolly                       Naomh Uinsionn

15. Bernard Brogan                             Naomh Oilibhéir Pluincéid Eoghan Ruadh

 

Advertisements

2 thoughts on “Am na Cinniúna

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s