SAM ag Fanacht Leis Na Dubs

Áth Cliath 1-15 Maigh Eo 1-14

Athimirt Chluiche Ceannais Peile na hÉireann

Páirc an Chrócaigh, 1 Deireadh Fómhair, 2016

na-dubs-vmaigh-eo

Maigh Eo

Níl ach oiread na fríde idir foirne peile Átha Cliath is Mhaigh Eo. Bhí an dá fhoireann iontacha seo gob ar bhob, scór ar scór ar feadh beagnach 160 nóiméad. Tá go leor a deireann le bród go bhfuil foireann seo Átha Cliath ar an bhfoireann is fearr a bhí againn riamh. Céard a deireann sé sin faoi fhoireann seo Mhaigh Eo, mar sin? Níor thit an tóin astu sa gcluiche seo mar a tharla i gcluichí ceannais eile. Níor bhuail taom mór lagmhisnigh iad mar a tharla roimhe, ach an oiread. Tá foireann seo Mhaigh Eo i bhfad níos láidire ná sin. D’imir siad le paisean agus thug siad a raibh acu le tabhairt sa dá chluiche. Tharla sé go raibh rúinne beag bídeach eile le tabhairt ag na Dubs. Comhbhrón le Maigh Eo. Is an-fhoireann iad agus is cinnte go mbeidh siad ar ais.

ce2

Áth Cliath

Is pribhléid agus is onóir a bheith beo do ré órga seo na Dubs. Tá cuimhní iontacha acu siúd a bhí thart sna seachtóidí ar Arm Heffo agus anois beidh cuimhní agamsa, go síntear i gcré na cille mé, ar éachtaí Arm Jim Gavin. Laochra agus gaiscígh iad uilig. Níl amhras ar bith orm ach go mbeidh caint orthu go deo.

ce4

Tá an oiread bainte amach ag an bhfoireann seo ach ná déanaimis dearmad gur foireann óg iad go fóill a bheidh san iomaíocht ar feadh tamaill eile de bhlianta. Ní mhairfidh na laethanta maithe seo go deo, mar sin féin, agus is é sin an fáth a gcaithfidh muid ardtaitneamh a bhaint as na héachtaí seo. Curaidh na hÉireann 2011, 2013, 2015 agus 2016. Cé a chreidfeadh é théis an ghorta, a bhí againn idir 1995 agus 2011? Oláimis sláinte laochra Jim Gavin agus ná déanaimis dearmad ar Pat Gilroy!

Jim Gavin

Níl aon fhoireann mhaith gan bainisteoir maith agus is minic nach bhfaigheann Jim Gavin an t-aitheantas ceart atá tuillte aige. Athróidh sé sin anois – mar is ceart is mar is cóir! Tá trí Chraobh uile-Éireann faoi 21 buaite aige. Tá ceithre Shraith Náisiúnta i ndiaidh a chéile buaite aige. Tá ceithre Chraobh Laighean i ndiaidh a chéile buaite aige. Ta trí Chraobh uile-Éireann buaite aige taobh istigh de cheithre bliana. Beidh caint go deo ar fhoireann seo Átha Cliath agus beidh caint go deo ar Gavin mar atá ar Heffo is ar Mhicko. Bhí na cinnte éagsúla a rinne sé i roghnú na foirne seo, gan trácht ar na hionadaithe a chuir sé isteach, lárnach sa mbua iontach seo.

An Cluiche

Bhí tús iontach ag Áth Cliath leis an gcluiche agus tar éis 6 nóiméad bhí siad 0-04 go dtí 0-00 chun tosaigh. Dean Rock (0-03) agus Kevin McManamon (0-01) a d’aimsigh na scóranna sin do Áth Cliath. Tháinig Maigh Eo ar ais an-láidir, áfach, agus bhí na foirne ar comhscór tar éis 12 nóiméad a bhuíochas sin do scóranna ó Chillian O’Connor (0-02), Patrick Durcan (0-01) agus ó Andy Moran (0-01). Ansin, tar éis do Rock dhá chúilín eile a aimsiú do Áth Cliath d’aimsigh Lee Keegan cúl iontach, a mbeadh tosaí ar bith bródúil as. Rith sé tréan ó lár páirce, thóg pas uaidh Aidan O’Shea agus bháigh sé an liathróid go híseal go cúl na heangaí ar thaobh clé Stephen Cluxton agus é 20 slat amach.

ce1

Tháinig Áth Cliath ar ais go tréan ina dhiaidh sin, áfach, agus chríochnaigh siad an leath cúilín amháin chun tosaigh théis do Rock (0-03) agus Diarmuid Connolly (0-01) scóranna a aimsiú dóibh. Ba é O’Connor (0-02) a fuair scóranna eile Mhaigh Eo. Buillí móra do Áth Cliath agus do Mhaigh araon, nuair a chaill siad Jonny Cooper agus Lee Keegan tar éis dóibh cártaí dubha a fháil. Níl aon amhras ach go mbeidh a thuilleadh plé faoi thodhchaí na gcártaí dubha amach anseo. Scór leathama – Áth Cliath 0-10 Maigh Eo 1-06.

Bhí tús spleodrach ag Maigh Eo leis an dara leath agus d’aimsigh an bheirt O’Connor an chéad da scór den leath dóibh. Chuir na scóranna sin cúilín chun tosaigh iad ach ba é sin an uair dheireanach a bheadh siad chun tosaigh sa gcath seo. Tharla eachtra cinniúnach an chluiche sa 39ú nóiméad nuair a tharraing Rob Hennelly, cúl báire Mhaigh Eo, Paddy Andrews chun talaimh, théis dó praiseach a dhéanamh den liathróid ard a tháinig isteach chuige a ghlanadh. Tugadh cárta dubh do Hennelly agus tháinig David Clarke isteach ina áit. Thóg Connolly an cic éirice agus chuir sé an liathróid go slachtmhar agus go híseal ar thaobh na láimhe clé den chúl báire. Mar a dúirt Connolly féin agus é ag cur síos ar na gcic éirice.

‘Tarraingíonn tú anáil, cuireann tú isteach sa gcúinne í agus imíonn tú leat.’

Chomh héasca le muga a chur go béal, cheapfá!!

ce3

Níor chaill fir Mhaigh Eo an misneach agus dhún siad an bhearna go cúilín amhain arís. Nuair a tháinig ionadaithe Átha Cliath isteach, áfach, d’éirigh leo brú chun tosaigh arís a bhuíochas ón 0-03 ó Chormac Costello agus ón gcúilín ó Bhernard Brogan. Bhí Michael Darragh Macauley lárnach sna scóranna sin. Bhí deis ag Cillian O’Connor an cluiche a chothromú ó chic saor in am cúitimh gortaithe ach chuir sé a sheans ar fóraoil. Ba ag na Dubs a bhí Corn Sam Maguire don dara bliain i ndiaidh a chéile. Scór deiridh: Áth Cliath 1-15 Maigh Eo 1-14.

Laoch na hImeartha

Bhí Mick Fitzsimons damanta maith Dé Sathairn in ainneoin nár thosaigh sé ach dornán cluichí do na Dubs i mbliana. D’imir sé ról éigin mar ionadaí i chuile chluiche ach do imreoir nár thosaigh aon chluiche ó mhí Aibreáin (sa gcluiche sraithe in aghaidh Ros Comáin) tá ardmohladh ag gabhail dó. D’imir sé go hiontach agus is aige atá Laoch na hImeartha. Bhí an-chluiche ag Brian Fenton arís agus thaispeáin Ciarán Kilkenny dúinn arís eile gur ábhar captaein atá ann. Bhí Bernard Brogan, Cormac Costello agus Michael Darragh Macauley iontach nuair a tháinig siad isteach sa dara leath agus bhí tionchar mór acu ar an scór deiridh.

SAM ag Fanacht Sochair sa bPríomhchathair go Ceann Bliana eile

Muise, céard is féidir a rá faoi fhoireann seo na Dubs. Tá sé fíordheacair comparáid a dhéanamh idir foirne ó ghlúnta éagsúla ach caithfidh go bhfuil foireann seo na Dubs ar an bhfoireann is fearr a d’imir an cluiche riamh. Tá cúlaithe iontacha acu, imreoirí iontacha lár páirce, tosaithe iontacha, ionadaithe iontacha. Beidh cuimhne ar an bhfoireann seo i measc mhuintir Bhaile Átha Cliath go deo. Bímis buíoch díobh as na laethanta iontacha seo a thug siad dúinn ó 2011 i leith. Bainimis taitneamh as Corn Sam Maguire. Is fada ó chaith sé an oiread seo ama sa bpríomhchathair.

ce5

Luke Kelly, Arm Heffo, Brendan Behan, Phil Lynott, Molly Malone, Na Dubliners, Arm Jim Gavin –laochra Bhaile Átha Cliath.

Trí mhí go dtí Craobh Chorn Uí Bhroin… Na Dubs abú!

Áth Cliath: S Cluxton, P McMahon, J Cooper, M Fitzsimons, J McCarthy, C O’Sullivan, J Small, B Fenton, P Flynn, P Andrews, K McManamon (0-01), C Kilkenny, D Rock (0-09), D Connolly (1-01), P Mannion

Ionadaithe: D Byrne do J Cooper, B Brogan (0-01) do P Andrews, MD Macauley do P Mannion, C Costello (0-03) do K McManamon, E Lowndes do J Small, D Daly do C O’Sullivan

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s