Cluichí Sraithe is Craoibhe 2017 Fógartha

Níl imithe tharainn ach coicís ó bhuaigh laochra Jim Gavin Craobh Peile na hÉireann agus cheana féin, tá a fhios againn cé a bheidh mar chéilí comhraic ag peileadóirí agus ag iománaithe Átha Cliath sa gcéad bhabhta de Chraobh Laighean 2017. Ar an mbarr sin, tá na dátaí againn do na cluichí iomána is peile sa tSraith Náisiúnta i 2017. Níl na cluichí i gCraobhchomórtais Chorn an Bhreathnaigh is Chorn Uí Bhroin ar eolas againn fós, ach, nach sciobthaí a bhíonn lucht CLG ag pleanáil don chéad bhliain eile!!

ce4

Beidh turais ag na peileadóirí go Páirc Breffni don chéad chluiche den tSraith Naisiúnta agus, ina dhiaidh sin, go Dún na nGall, go Ciarraí agus go Muineachán. Beidh trí chluiche acu sa mbaile in aghaidh Thír Eoghain, Mhaigh Eo agus in aghaidh Ros Comáin. Cuirfidh siad tús leis an gCraobh le cluiche in aghaidh bhuaiteoirí an chluiche – Ceatharlach v Loch Garman. Cá bhfios ach go mbeidh turas bóthair eile ag an arm gorm is dúghorm i 2017!

CC 3

Sa tSraith Náisiúnta Iomána, beidh turais ag fir Ger Cunningham go Corcaigh agus go dtí an Clár. Beidh trí chluiche acu sa mbaile – in aghaidh churaidh na hÉireann, Tiobraid Árann, in aghaidh na nDéiseach agus in aghaidh na gCat. Beidh tús fíordheacair acu leis an gCraobh in aghaidh na Gaillimhe ach dhéanfadh bua sa gcluiche seo maitheas dóibh don chuid eile den bhliain. Tá an-aithne ag imreoirí na bhfoirne seo ar a chéile théis dóibh casadh le chéile i gCraobh Chorn an Bhreathnaigh, sa tSraith Náisiúnta agus sa gCraobh le cúpla bliain anuas gan trácht ar an gcluiche spleodrach i gCath Pháirc Fenway i mBoston anuraidh.

Tá foirne iontacha peile is iomána againn faoi láthair agus tá ár gcuid tacaíochta tuillte go maith ag na himreoirí. Tá na peileadóirí ag barr a réime faoi láthair agus tá foireann óg iomána againn a bheidh in ann ag na dúshláin atá amach rompu. Seans nach bhfeicfear foirne chomh maith leis na foirne seo arís san ardchathair. Tacaímis leo agus cruthaímis atmaisféar dóibh. Líonaimis Páirc an Chrócaigh agus Páirc Pharnell dóibh agus déanaimis ceiliúradh ar an ré iontach seo do CLG Átha Cliath.

31/01/2009
Fireworks display at croke park.
Pic Barry Mulvey.

(Barry Mulvey a thóg an grianghraf seo)

Idir an dá linn, leanaimís leis an gceiliuradh ar an éacht iontach a rinne ár laochra peile cóicís ó shin nuair a bhuaigh siad Craobh uile-Éireann don dara huair i ndiaidh a chéile. Ní mhairfidh na leathanta iontacha seo go deo, faraor. Bainimis taitneamh astu. Na Dubs abú!

Diaraid agus Daid le Sam

Sraith Naisiúnta Peile Allianz 2017 (*Is socruithe sealadacha iad seo a leanas)

An Cabhán v Áth Cliath, 05/02/17

Áth Cliath v Tír Eoghain, 11/02/17

Dún na nGall v Áth Cliath, 26/02/17

Áth Cliath v Maigh Eo, 04/03/17

Ciarraí v Áth Cliath, 19/03/17

Áth Cliath v Ros Comáin, 25/03/17

Muineachán v Áth Cliath, 02/04/17

Sraith Naisiúnta Iomána Allianz 2017 (*Is socruithe sealadacha iad seo a leanas)

Áth Cliath v Tiobraid Árann, 11/02/17

Corcaigh v Áth Cliath, 18/02/17

Áth Cliath v Port Láirge, 04/03/17

An Clár v Áth Cliath, 12/03/17

Áth Cliath v Cill Chainnigh

Craobh Peile Laighean 2017

Ceatharlach/Loch Garman v Áth Cliath

Craobh Iomána Laighean 2017

Gaillimh v Áth Cliath

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s