Staitisticí agus Figiúirí ó Bhliain Peile na Dubs

Bliain leis na Dubs

1. D’imir peileadóirí Átha Cliath 20 cluiche i mbliana. Bhuaigh siad seacht gcinn déag acu. Chríochnaigh dhá cheann acu ar comhscór agus chaill siad cluiche amháin.

2. Imríodh an dá chluiche a chríochnaigh ar comhscór in aghaidh Loch Garman, sa gcéad chluiche de Chraobh Chorn Uí Bhroin i mí Eanáir, agus in aghaidh Mhaigh Eo i gcluiche ceannais peile na hÉireann.

3. Ba iad an Longfort an t-aon fhoireann leis an gceann is fearr a fháil ar na Dubs i mbliana. Bhuaigh siad orthu ar scór 1-12 go dtí 0-09 i bPáirc an Phiarsaigh sa Longfort i gcluiche ceannais Chraobh Chorn Uí Bhroin i mí Eanáir.

4. D’imir Áth Cliath an cluiche baile in aghaidh IT Cheatharlach, i gCraobh Chorn Uí Bhroin, i bPáirc Ruiséil de chuid CLG Naomh Bríd.

5. I measc na n-imreoirí a d’imir in aghaidh an Longfoirt sa gcluiche sin bhí Stephen Cluxton, Jonny Cooper, Philly McMahon, James McCarthy, John Small, Darren Daly, Dean Rock, Cormac Costello, Paddy Andrews agus Denis Bastick. Imreoirí iad sin uilig a d’imir i gcluichí ceannais peile na hÉireann i mbliana.

6. As an gceithre chluiche a d’imir Áth Cliath i gCraobh Chorn Uí Bhroin i mbiana bhuaigh siad péire acu, bhí comhscór amháin acu agus chaill siad cluiche amháin. Scóráil siad 4-61 agus ghéill siad 6-38.

7. Níor éirigh le hÁth Cliath cúl a aimsiú i 5 chluiche as 20 – in aghaidh Loch Garman is an Longfoirt i gCraobh Chorn Uí Bhroin, in aghaidh Mhaigh Eo sa tSraith Náisiúnta agus ina aghaidh na Mí is Chiarraí sa gCraobh.

8. Ba é Dean Rock a d’aimsigh an líon is mó scóranna. 2-113 a d’aimsigh sé i 19 cluiche (0-15 i gCraobh Chorn Uí Bhroin, 1-40 sa tSraith Náisiúnta agus 1-58 sa gCraobh). Sa dara háit bhí Cormac Costello le 3-36 ó 16 cluiche (2-11 i gCraobh Chorn Uí Bhroin, 1-22 sa tSraith Náisiúnta agus 0-03 sa gCraobh). Diarmuid Connolly a tháinig sa tríú háit le 5-21 ó 14 cluiche (3-05 sa tSraith Náisiúnta agus 2-16 sa gCraobh).

9. Ba é John Small an t-aon imreoir ar an bpainéal a d’imir i ngach cluiche i mbliana.

10. 50 duine ar fad a d’imir le foireann shinsearach Átha Cliath i mbliana idir Chraobh Chorn Uí Bhroin, an tSraith Naisiúnta agus an Chraobh.

11. D’fhreastail tuairim is 8,500 ar an gceithre chluiche a bhí ag na Dubs i gCraobh Chorn Uí Bhroin.

12. D’fhreastail tuairim is 232,000 ar an naoi gcluiche sraithe a d’imir na Dubs sa tSraith Náisiúnta. Bhí lán an tí i láthair ag an gcluiche ceannais in aghaidh Chiarraí.

13. D’fhreastail 427,078 duine ar chluichí ina raibh na Dubs páirteach sa gCraobh.

14. 667,578 a bhí i láthair ag an bhfiche cluiche a d’imir Áth Cliath i mbliana.

15. Ar an meán, ba é 33,378 a d’fhreastail ar chluichí Átha Cliath le linn an fiche cluiche a d’imir siad i mbliana.

16. Bhuaigh Áth Cliath naoi gcluiche as naoi gcluiche sa tSraith Náisiúnta. Scóráil siad 11-127agus ghéill siad 4-99.

17. Bhuaigh Áth Cliath 6 chluiche as an seacht gcluiche a d’imir siad sa gCraobh. Bhí comhscór acu in aghaidh Mhaigh Eo, dar ndóigh. Scóráil siad 7-22 agus ghéill siad 6-84.

18. D’éirigh le Jim Gavin an tSraith Náisiúnta agus Craobh Laighean a bhuachan don cheathrú huair i ndiaidh a chéile mar bhainisteoir ar Áth Cliath i mbliana.

19. Bhuaigh sé Craobh na hÉireann den tríú huair mar bhainisteoir i mbliana.

20. As an 16 comórtas ar ghlac Áth Cliath páirt iontu ó ceapadh Jim Gavin mar bhainteoir ar Áth Cliath tá 12 acu buaite acu (An tSraith Náisiúnta x 4, Craobh Laighean x 4, Craobh na hÉireann x 3, Craobh Chorn Uí Bhroin x 1).

21. Bhuaigh na Dubs Craobh na hÉireann don dara huair i ndiaidh a chéile i mbliana. Seo é an chéad a uair a bhfuil an t-éacht seo déanta ag Áth Cliath ó 1976-77, le linn ré Heffo.

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s