Staid Nua do CLG Átha Cliath?

De réir ailt a scríobh Martin Breheny i gceann de na nuachtáin náisiúnta le gairid, tá dul chun cinn déanta sa bplé idir Bord Contae CLG Átha Cliath agus an dream a cheannaigh an Spawell Complex i dTeach Mealóg ó NAMA i mí an Mheithimh 2015. Tá sé i gceist ag an mBord Contae staid a thógfadh 25,000 a thógáil ann, chomh maith le ceithre pháirc imeartha eile agus Ionad Barr Feabhais. Chuir an Bord Contae tairiscint isteach a bhí €500,000 róghiortach agus léirigh siad a ndíomá agus a míshástacht ag an am nuair nár éirigh lena dtairiscint. Is cosúil go bhfuil cainteanna ar bun anois, áfach, idir an Bord Contae agus an dream a rinne an tairiscint bhuacach, atá á mbainistiú ag an mórchomhlacht Davy, maidir leis an ionad a cheannach.

GG 1

I bplean straitéiseach na Dubs 2011, luadh go raibh sé mar mhóraidhm ag an gCumann sa bpríomhchathair Ionad Barr Feabhais agus staid nua a thógáil a bhí gar don M50. Bheadh sé i gceist acu an staid nua a úsáid le haghaidh cluichí sraithe chomh maith lena húsáid mar ionad traenála do na foirne idirchontae.

Táthair ann, i measc lucht leanta na Dubs, a cheapann nach plean maith é seo agus gurbh fhearr i bhfad airgead a chaitheamh ar fhorbairt na gcluichí. Ba bhreá le formhór mór lucht leanta na Dubs staid nua den chineál seo a fheiceáil, áfach. Níl aon amhras ach go mbíonn atmaisféar iontach i bPáirc Pharnell nuair a bhíonn sí lán ach tá sí róbheag. Ar an láimh eile, tá Páirc an Chrócaigh i bhfad rómhór do chluichí sraithe na Dubs agus bíonn easpa mhór atmaisféir ann nuair nach mbíonn ach idir 20,000 agus 35,000 i láthair. Bheadh staid nua a thógfadh 25,000 an-fheiliúnach do na cluichí seo. Má tá an t-airgead ann, agus más fíor don scéal seo, ba cheart don Bhord Contae gabháil ar aghaidh lena leithéid láithreach.

Is minic a chloistear daoine sna meáin agus daoine ó chontaetha eile ag giúnaíl is ag caoineachán toisc go n-imríonn na Dubs a gcuid cluichí baile i bPáirc an Chrócaigh agus toisc go bhfuil fáil níos fearr acu ar an Ionad Barr Feabhais i mBaile an Aba. Dá n-éireodh leis na Dubs na pleananna seo a fhíorú chuirfeadh sé an ghiúnaíl is an caoineachán sin ina luí. Tá Bord Contae CLG Átha Cliath uafásach uaillmhianach agus ní chuirfeadh sé puinn iontais ar lucht leanta Átha Cliath dá mbeadh a leithéid le feiceáil taobh istigh de thrí do de cheithre bliana.

Na Dubs abú!

 

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s