Gradaim na Sárimreoirí – Aitheantas Dheireadh an tSamhraidh nó Aitheantas ar an mBliain Uilig?

Ócáid mhór i bhféilire Chumann Lúthchleas Gael is ea Gradaim na Sárimreoirí de chuid CLG/GPA. Is maith ann na gradaim seo a thugann aitheantas do na himreoirí is mó a sheas amach le linn na bliana peile in iomána. Tarraingítear díospóireacht i gcónaí nuair a fhágtar imreoirí ar leith amach, áfach.

sile-agus-marty

Bean mo dhearthár – Céard a cheapann tú faoi sin, a Joe Brolly?

Iriseoirí a roghnaíonn Gradaim na Sárimreoirí agus is iad na himreoirí féin a roghnaíonn Imreoir na Bliana agus Imreoir Óg na Bliana. Ní dheachaigh bliain tharainn fós, áfach, nár ceapadh go ndearnadh faillí ar imreoir nó imreoirí áirithe leis na gradaim seo. Ní raibh an bhliain seo pioc difriúil ó bhlianta eile agus tógfaidh mise cás na Dubs anseo. Tá mé cinnte nach n-aontódh go leor le mo chuid tuairimí anseo agus muintir Mhaigh Eo ach go háirithe!

Imreoir na Bliana

Tá ardmheas agamsa ar Lee Keegan mar imreoir. Is gaiscíoch é agus is féidir le Maigh Eo brath air i gcónaí in am an ghátair. Cuireann sé Philly McMahon sin againne i gcuimhne dhom. Dá mbeadh seans agam imreoir ar bith as aon chontae eile a roghnú ar fhoireann Átha Cliath bheadh jab an-deacair agam cinneadh a dhéanamh idir Keegan agus Michael Murphy.

connacht

Lee Keegan – Faighte ón gConnacht Tribune

Gan aon cheist, tá Lee Keegan i measc na n-imreoirí is fearr sa tír. Ní dóigh liom go raibh aon imreoir níos fearr ná é i mbliana, ón gcluiche a d’imir Maigh Eo in aghaidh Thír Eoghain i mí Lúnasa go deireadh na bliana. Glacaim leis sin, ach ní ‘Imreoir na Ráithe’ a bhí le roghnú ag na himreoirí ach ‘Imreoir na Bliana’!

Ní raibh Maigh Eo thar mholadh beirte sa tSraith i mbliana agus is cinnte nár sheas aoinne amach mar ‘Imreoir na Bliana’ ó fhoireann Stephen Rochford le linn an chomórtais sin. Ní raibh imreoirí Mhaigh Eo rómhaith i gCraobh Chonnacht ach an oiread, go mór mór in aghaidh na Gaillimhe.

Bhí buanna éasca acu sna cluichí cailithe, ina dhiaidh sin, ach ní raibh aon chluiche deacair acu, dáiríre, gur thug siad aghaidh ar Thír Eoghain i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh ar 6 Lúnasa. Bhí Lee Keegan iontach dóibh an lá sin. D’imir siad in aghaidh Thiobraid Árann i gcluiche ceannais na hÉireann agus bhí sárchluiche ag Keegan arís eile. D’éirigh leis an bhagairt ó Dhiarmuid Connolly a chloí, a fhad is a bhí sé an bpáirc, i gcluichí ceannais na hÉireann. Níl aon amhras ach gurbh é Keegan is mó a sheas amach ó mhí Lúnasa ar aghaidh – an t-am is tábhachtaí den bhliain, b’fhéidir. Mar sin féin, feictear dhomsa gur cheart gradam Imreoir na Bliana a thabhairt don imreoir is fearr ó thús na Sraithe ar aghaidh – ní ó mhí Lúnasa ar aghaidh.

 

To-thoabh-an-gaa

Tógadh an grainghraf seo ó Shuíomh Idirlín CLG

Ar smaoiníodh ar an tSraith Náisiúnta ná ar chluichí tosaithe na craoibhe nuair a roghnaíodh Imreoir na Bliana? An smaoinítear ar chluichí sraithe ná ar chluichí tosaithe na Craoibhe riamh nuair a roghnaítear imreoir na bliana?

Agus é ag caint faoin bpróiseas roghnaithe do Ghradaim na Sárimreoirí le gairid, dúirt Michael Lester go mbíonn 16 iriseoirí ar an bpainéal roghnaithe agus go gcuireann siad liosta de 45 isteach ag trí phointe áirithe le linn na bliana – ag deireadh na Sraithe Náisiúnta, ag deireadh na gCraobhacha Cúige agus ag deireadh Chraobh na hÉireann. An raibh aon imreoir de chuid Mhaigh Eo ar an gcéad dá liosta?

Na Dubs

Ó thús na sraithe bhí Ciarán Kilkenny agus Brian Fenton damanta maith agus na Dubs ag buachaint ar chuile fhoireann a cuireadh chun páirce leo. Bhí smacht iomlán ag Fenton ar lár na páirce le linn na gcluichí sin a d’imir sé. Níor chaill sé cluiche i ngeansaí Átha Cliath fós! Bhí Kilkenny iontach nuair a d’imir sé ar an líne leatosach sa tSraith agus bhí sé níos fearr fós, nuair a bogadh siar ó go dtí an líne leathchúil é, nuair a gortaíodh James McCarthy.

kilkenny

Bhí go leor ann a cháin Kilkenny i mbliana as ucht a chuid pasanna beaga láimhe ach bheadh cluiche ceannais na hÉireann buaite ag na Dubs an chéad lá dá ligfí dó an cic taobhlíne a thógáil i nóiméid dheireanacha an chluiche. Bhí Kilkenny mar a bheadh stiúrthóir ceoil ag stiúradh ceolfhoirne sna cluichí uile a d’imir sé i mbliana. Níl aon amhras ach go mbeidh sé ina chaptaen ar fhoireann peile na Dubs amach anseo. An gá dom tada eile a rá?

Imreoir Óg na Bliana

Bronnadh Imreoir Óg na Bliana ar Dhiarmuid O’Connor agus feictear dhom nach bhféadfaí aon argóint a bheith ag aoinne faoi sin. Comhghairdeas leis. Seo é an dara bliain i ndiaidh a chéile a bhfuil an gradam seo buaite aige agus d’éirigh lena dheartháir Cillian an gradam a bhuachaint faoi dhó, freisin, i 2011 agus i 2012. Amadán a déarfadh nach mbeidh an bheirt acu ar fhoireann bhuacach Chraobh na hÉireann amach anseo.

Gradaim na Sárimreoirí

Maidir le Gradaim na Sárimreoirí a roghnaigh iriseoirí áirithe, chaithfinn cás Stephen Cluxton, John Small is Kevin McManamon a thógáil. Triúr iad seo a raibh an-tionchar acu ar bhuanna na Dubs sa tSraith Náisiúnta, i gCúige Laighean is i gCraobh na hÉireann.

Stephen Cluxton

Tá Cluxton théis ról an chúl báire a athrú as cuimse agus is é an t-imreoir is tábhachtaí atá ag na Dubs. Bhí bliain iontach aige agus ní bheadh Sam buaite ag na Dubs gan é.

An-chúl báire go deo is ea David Clarke agus níl aon amhras ann ach go raibh tionchar mór ag an gcinneadh a thóg Stephen Rochford é a fhágáil ar an mbinse, ar athimirt chluiche ceannais na hÉireann. Mar sin féin, níor imir Clarke ach cluiche amháin sa tSraith Naisiúnta agus níor imir sé i gCraobh Chonnacht ar chor ar bith. D’imir Cluxton chuile chluiche sraithe do na Dubs, seachas an cluiche in aghaidh Ros Comáin, agus chuile chluiche Craoibhe. Níor chaill na Dubs oiread is ceann amhain acu!!

cwcug17xcaacrb1

John Small

Cuireann sé iontas mór ar lucht leanta na Dubs nár roghnaíodh aoinne de fhoireann Jim Gavin ar an líne leathchúil agus ní nach ionadh! Bhí an-bhliain ag John Small, ach go háirithe, agus d’imir sé chuile chluiche do na Dubs i mbliana. Tháinig sé isteach le bróga Jack McCaffrey, Imreoir na Bliana 2015, a líonadh agus is ar éigean a thabharfá faoi deara go raibh Jack imithe. Mo dhóthain ráite agam!

Kevin McManamon

Is iomaí duine a deir go raibh mí-ádh ar Kevin McManamon, freisin. Théis bhua na Dubs ar Chiarraí i gcluiche leathcheannais na hÉireann bhí go leor den tuairim go raibh ‘Imreoir na Bliana’ tuillte aige gan trácht ar Gradam Sárimreora!

Na Contaetha Eile

Níor ainmníodh ach Paul Geaney ó fhoireann Chiarraí. Bhí siad i gcluiche ceannais na Sraithe. Bhuaigh siad Craobh na Mumhan agus ní raibh ach cic liathróide idir iad féin agus na Dubs i gcluiche leathcheannais na hÉireann.

Bhuaigh Tír Eoghain dhá ghradam tar éis dóibh Roinn 2 den tSraith a bhuachan chomh maith le Craobh Uladh. Cinnte níl sé éasca chuile dhuine a shásamh maidir leis na gradaim seo ach tá sé deacair a rá ar tógadh na rudaí seo san áireamh agus imreoirí á roghnú.

Maigh Eo

Ní in aghaidh imreoirí Mhaigh Eo atá mé anseo. Tá ardmheas agam ar a gcuid imreoirí, go mór mór tar éis na gcluichí fíochmhara a thug siad do na Dubs le blianta beaga anuas – gan trácht ar an dá chluiche ceannais i mbliana. Bréag a bheadh ann, mar sin féin, a rá go raibh ‘bliain’ mhaith acu. Thóg sé bua in aghaidh an Dúin ar an lá deireanach den tSraith Naisiúnta lena chinntiú go mbeadh siad ag imirt i Roinn 1 an bhliain seo chugainn! Gaillimh a bhuaigh Craobh Chonnacht!

Níor imir siad in aghaidh aon fhoireann ó Roinn 1 sa gCraobh go dtí gur chas siad ar na Dubs i gcluiche ceannais na hÉireann. D’imir siad iontach sna cluichí deireanacha a d’imir siad in aghaidh Thír Eoghain, Thiobraid Árann is na Dubs i mbliana, ach, níl a fhios agam ar cheart gradaim a thabhairt do imreoirí bunaithe ar thaispeántais ó mhí Lúnasa ar aghaidh.

Stephen Rochford

Feictear dhom go raibh Stephen Rochford ag obair i dtreo chluiche ceannais na hÉireann ón gcéad lá agus gur shocraigh sé gan mórán béime a leagan ar an tSraith ná ar Chraobh Chonnacht. Idir an dá linn bhí imreoirí na Dubs, Chiarraí agus Thír Eoghain, ach go háirithe, ag imirt ar ardchaighdeán agus iad ag iarraidh chuile chluiche a d’imir siad a bhuachan.

Bíodh Mar Atá!

Tá mo dhóthain ráite agam. Tá SAM againn agus thógfainn sin thar aon Ghradam Sárimreoirí, bliain ar bith. Is maith ann na gradaim seo agus níl aon amhras ach go raibh an chuid is fearr de pheileadóirí na hÉireann ainmnithe do na gradaim seo i mbliana. Ní lia duine ná tuairim! Comhghairdeas le gach duine a fuair gradam is le Lee Keegan is le Diarmuid O’Connor.

Na Dubs abú!

Mar a Roghnóinn féin na Gradaim

Imreoir na Bliana – Ciarán Kilkenny

Imreoir Óg na Bliana –Diarmuid O’Connor

Cúl na Bliana – Lee Keegan in aghaidh Átha Cliath i gCluiche Ceannais na hÉireann

Foireann Ollréalta

  1. Steven Cluxton (Áth Cliath)
  2. Brendan Harrison (Maigh Eo)
  3. Jonny Cooper (Áth Cliath)
  4. Philly McMahon (Áth Cliath)
  5. Lee Keegan (Maigh Eo)
  6. John Small (Áth Cliath)
  7. Ryan McHugh (Dún na nGall)
  8. Brian Fenton (Áth Cliath)
  9. Mattie Donnelly (Tír Eoghain)
  10. Peter Harte (Tír Eoghain)
  11. Diarmuid Connolly (Áth Cliath)
  12. Ciarán Kilkenny (Áth Cliath)
  13. Dean Rock (Áth Cliath)
  14. Paul Geaney (Ciarraí)
  15. Conor McManus (Muineachán)
Advertisements

One thought on “Gradaim na Sárimreoirí – Aitheantas Dheireadh an tSamhraidh nó Aitheantas ar an mBliain Uilig?

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s