Roinnt Mhaith Athruithe ar Phainéal Ger Cunningham do 2017

D’ainmnigh Ger Cunningham a phainéal do 2017 an tseachtain seo caite agus tá roinnt mhaith athruithe le feiceáil air ó phainéal 2016, gan a bheith ag trácht ar phainéal 2015. Is léir go bhfuil sé ag gabháil i muinín na hóige agus go bhfuil sé ag iarraidh a stampa féin a leagan ar an mbliain iomána atá amach romhainn.

Iomanaíocht 2

Is cúis imní agus iontais do go leor de lucht leanta na Dubs gur fágadh amach leithéidí Johnny McCaffrey agus Peter Kelly, ach go háirithe. Ní bheidh Shane Durkin ná Paul Ryan ar fáil don phainéal i mbliana agus ní bheidh Danny Suttcliffe ar fáil do Cunningham don dara bliain i ndiaidh a chéile. Níl ach ochtar imreoirí ar an bpainéal anois a d’imir i gcluiche ceannais Laighean i 2013 ar fhoireann bhuacach Anthony Daly.

Táthar ann a cheapann gur ar gcúl atá an fhoireann seo ag gabháil le roinnt blianta anuas agus níl aon amhras ach go mbeidh brú uafásach mór ar na himreoirí óga nua fanacht i Roinn 1 i mbliana. Tá cnámh droma na foirne imithe anois agus is faoi imreoirí óga 22 agus 23 a bheidh sé, seasamh suas agus cinnireacht a léiriú le muid a choinneáil san iomaíocht leis na boic mhóra.

Más fíor na scéalta maidir leis an aighneas idir Cunningham agus roinnt imreoirí, a d’imir faoi réimeas Daly, tá ról ag an mBord Contae daoine áirithe a thabhairt le chéile le cúrsaí a chur ina gceart. Níl Johnny McCaffrey ach 29 agus níl Peter Kelly ach 27. Níl aon cheist ach go bhfuil an bheirt sin sách maith le himirt leis na Dubs. Má tá sé i gceist againn aon dul chun cinn a dhéanamh teastaíonn na himreoirí is fearr atá ar fáil dúinn a bheith againn.

Seasaimís leis na Dubs óga idir an dá linn. Na Dubs abú!

An Painéal

Shane Barrett                          Na Fianna

Chris Bennett                          Fág An Bealach

Cian Boland                             Naomh Oilibhéar Pluincéad/Eoghan Ruadh

Dónal Burke                            Na Fianna

Tom Connolly                          Naomh Uinsionn

Eoghan Conroy                        Naomh Maur

Chris Crummey                       Sairséalaigh Leamhcáin

Conor Dooley                          Baile Buadáin Naomh Éanna

Eamon Dillon                          Naomh Fionnbarra

Oisín Gough                            Cuala

James Madden                        Baile Buadáin Naomh Éanna

Gary Maguire                          Baile Buadáin Naomh Éanna

Canice Maher                          Naomh Jude

Jake Malone                            Cuala

Seán Moran                             Cuala

Rian McBride                         Naomh Uinsionn

Cian MacGabhann                  Cill Mochuda, Na Crócaigh

Fionntán McGibb                    Setanta

Seán McGrath                         Cill Mochuda, Na Crócaigh

Niall McMurrow                     Baile Buadáin Naomh Éanna

Cian O’Callaghan                    Cuala

David O’Callaghan                  Baile Buadáin Naomh Éanna

Darragh O’Connell                  Cuala

Eoghan O’Donnell                   Fionnbhrú Colmcille

Ryan O’Dwyer                       Cill Mochuda, Na Crócaigh

Oisín O’Rorke                         Cill Mochuda, Na Crócaigh

Fionn Ó Riain-Ó Broin           Naomh Jude

Cian O’Sullivan                      Naomh Bríd

Alex Quinn                             Croimghlinn

Ben Quinn                               Croimghlinn

Liam Rushe                             Naomh Pádraig, Baile Phámair

Mark Schutte                          Cuala

Paul Schutte                            Cuala

Paddy Smith                           Cluain Tarbh

David Treacy                          Cuala

Johnathan Tracey                    Na Fianna

Ronan Walsh                           Cill Mochuda, Na Crócaigh

Fergal Whitely                        Cill Mochuda, Na Crócaigh

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s