20 Ceist ar Barry Fennell – An Dub is Goirme!

Is é Barry Fennell an leantóir is fearr agus is dílse atá ag na Dubs. Chuir sé tús leis an leathanach Facebook Hill 16 Army sa mbliain 2013 agus tá beagnach 40,000 duine á leanúint air ó shin. Tá sé i mbun an tsuímh twitter Hill 16 Army, chomh maith, agus tá os cionn 15,000 á leanúint, air sin. Bhuaigh sé an gradam ‘Best Dub’ in Ócáid Mhórghradam 98FM – Best of Dublin, i mbliana.

hill16

Tá cáil air, freisin, as an obair a dhéanann sé ar son ailse. Cara mór é le Molly McNally – sonóg (mascot) agus laoch mór na Dubs, a fuair an ceann is fearr ar an ailse le gairid agus gan inti ach cailín 7 mbliana d’aois.

Léigh mé in áit éicint le deireanas nach bhfuil ach cúig chluiche caillte ag Fennell ó chuaigh sé chuig a chéad chluiche de chuid na Dubs, sa mbliain 1991. Níl a fhios agam cé chomh cruinn is atá sé sin, ach, ná bíodh aon amhras oraibh, is Dub díogaiseach dílis é a fheictear ag cluichí uile na Dubs ó thús mhí Eanáir go deireadh an tsamhraidh.

Na Dubs abú!

1. Club? Ciceam Bhaile Munna

2. An leibhéal is airde a bhain tú féin amach mar imreoir? D’imir mé le mionúir Átha Cliath

3. An spórt is fearr leat taobh amuigh de chluichí CLG? Cispheil

4. Brolly, Ó Sé nó Wooly agus cén fáth? Ó Sé, de bharr an mhéid atá bainte amach aige ar an bpáirc imeartha agus déanann sé anailís chothrom ar chluichí ina mbíonn na Dubs páirteach

5. An t-imreoir reatha is fearr leat? Brian Fenton

6. An t-imreoir is fearr leat riamh? Paul Curran

7. An t-imreoir is fearr leat taobh amuigh de Áth Cliath? Conor McManus ó Mhuineachán

8. An fhoireann is fearr leat taobh amuigh de na Dubs? Ciarraí

9. An lucht leanta is paiseanta taobh amuigh de na Dubs? Lucht leanta Mhaigh Eo

10. An taispeántas is fearr a thug na Dubs faoi réimeas Jim Gavin go dtí seo? An cluiche a bhuaigh muid in aghaidh Chiarraí i gcluiche leathcheannais na hÉireann i 2013

11. An taispeántas is fearr a thug na Dubs riamh? Cluiche Ceannais Laighean 1995 nuair a rinne muid slad ar an Mí

12. Imreoir na Bliana – Ciaran Kilkenny nó Brian Fenton? Brian Fenton

13. An céile iomaíochta is mó atá againn – Maigh Eo nó Ciarraí? Ciarraí

14. An chuimhne is fearr atá agat ó thosaigh tú ag leanacht na Dubs? Nuair a bhuaigh muid ar Thír Eoghain le Craobh na hÉireann a bhuachan i 1995. B’in é an chéad uair a chonaic mé Áth Cliath ag ardú Sam ó chuaigh mé chuig mo chéad chluiche i 1991.

15. An staid is fearr leat taobh amuigh de Pháirc an Chrócaigh agus Páirc Pharnell? Staid Mhic Gearailt, Cill Airne

16. Heffo nó Jim Gavin? Jim Gavin

17. Craobh Chorn Uí Bhroin – Sea nó Ní hea? Sea

18. An tSraith Náisiúnta nó Craobh Laighean? An tSraith Náisiúnta, tá níos mó géariomaíochta inti ná mar atá i gCraobh Laighean i láthair na huaire

19. An t-aiféala is mó a bhí ort go dtí anois is tú ag leanacht na Dubs? Nár bhuaigh foireann na luathnóchaidí níos mó Craobhacha uile-Éireann.

20. An t-imreoir is fearr de chuid na Dubs nár bhuaigh bonn uile-Éireann? Ciarán Whelan

*Aistríodh freagraí Barry Fennell anseo ó Bhéarla go Gaeilge

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s