Cluichí Chraobhacha Chorn Uí Bhroin is Chorn an Bhreathnaigh Fógartha

Tá an feitheamh fuar fada ag teacht chun deiridh. Leis an mbliain idirchontae thart le cúpla mí anuas agus mo chlub, CLG Dhún Doire, imithe ón gCraobh le os cionn míosa anois – chaill siad in athimirt i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach na Mí (tuigim bhur gcás a mhuintir Mhaigh Eo) – níl i bhfad le gabháil go mbeidh muid ag tarraingt amach na lámhainní, na hataí is na scairfeannaí in athuair. Sea, tá cluichí Chraobh Chorn Uí Bhroin is Chraobh Chorn an Bhreathnaigh fógartha agus níl ach 44 le gabháil go dtí céad chluiche na bliana.

OLYMPUS DIGITAL CAMERA

I gCraobh Chorn Uí Bhroin, tabharfaidh na Dubs aghaidh ar DCU ar 8ú Eanáir i bPáirc Pharnell. Beidh Jim Gavin is a fhoireann ar saoire le chéile agus caillfidh siad an cluiche seo. Imreoidh go leor de na himreoirí atá ar imeall an phainéil an lá sin. Imreoidh siad in aghaidh UCD i bPáirc Pharnell ar an gCéadaoin, 11 Eanáir, agus cuirfidh siad deireadh leis an ngrúpa le cluiche as baile, in aghaidh Loch Garman ar 15 Eanáir.

I gCraobh Chorn an Bhreathnaigh, tabharfaidh na Dubs aghaidh ar Cheatharlach is ar UCD sa mbaile ar 8 agus ar 15 Eanáir. Imreoidh siad in aghaidh Loch Garman as baile ar 22 Eanáir.

Tá foireann peile seo na Dubs ar cheann de na foirne is fearr a d’imir an cluiche riamh. Sa gcéad chluiche de Chraobh Chorn Uí Bhroin anuraidh d’imir na Dubs in aghaidh Loch Garman. D’imir seachtar imreoirí an lá sin a d’imir i gcluichí ceannais na hÉireann i mbliana. John Small, James McCarthy, Philly McMahon, Denis Bastick, Paddy Andrews, Cormac Costello agus Dean Rock. Ní mhairfidh na laethanta maithe seo go deo. Ba cheart dúinn chuile dheis a thapú gabháil agus tacú lenár laochra. Tá an méid sin tuillte acu.

An Longfort 2

Maidir leis na hiománaithe, beidh chuile thacaíocht ag teastáil ón bhfoireann óg seo atá againn i mbliana agus ba cheart dúinn gabháil amach lena ngríosadh is lena spreagadh.

Cuirimis orainn na cótaí móra, na hataí is na scairfeanna agus tacaimís lenár laochra óga. Na Dubs abú! Laochra ’16 abú.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s