Brian Fenton Abú – Téacsáil D go 53125

Comhghairdeas le Brian Fenton a ainmníodh ar ghearrliosta do Ghradam Phearsa Spóirt na Bliana de chuid RTÉ an tseachtain seo caite. Táthar ann i measc lucht leanta na Dubs, agus níos faide i gcéin, a cheapann gur cheart go mbeadh Imreoir na Bliana de chuid CLG/GPA buaite aige an mhí seo caite. Deirtear nár tugadh an t-aitheantas cuí dhó as ucht a chuid éachtaí i mbliana. Níl aon amhras ach gur aitheantas mór an t-ainmniúchán seo ar an mbliain eisceachtúil iontach a bhí aige, mar sin féin.

brian-fenton

Is sárimreoir imreoir é Fenton agus bhí tionchar mór aige ar éacht na Dubs Corn Sam Maguire a choinneáil san bpríomhchathair don dara bliain i ndiaidh a chéile, i mbliana. Níor chaill Fenton cluiche go dtí seo i ngeansaí Átha Cliath agus tá 24 cluiche imeartha aige le foireann Jim Gavin. A leithéid de éacht! D’imir sé a chéad chluiche do na Dubs in aghaidh Mhuineacháin i mí Aibreáin 2015 agus is chun feabhais atá sé ag gabháil ó shin i leith. In ainneoin nach bhfuil sé ach 23, bíonn tionchar aige ar na cluichí uilig ina mbíonn sé páirteach. Is é an t-imreoir lár páirce is fearr sa tír faoi láthair. Maíonn lucht leanta na Dubs go bhfuil foireann seo Átha Cliath ar cheann de na foirne is fearr a d’imir an cluiche riamh agus tá ról lárnach ag Fenton ar an bhfoireann. Insíonn sé sin a scéal féin. Caith vóta leis!

Is féidir vóta a chaitheamh le Fenton tríd an litir D a sheoladh chuig 53125 le téacstheachtaireacht. Cuirfear deireadh leis an vóta poiblí Dé Luain seo chugainn, 12 Nollaig. Mar sin, níl mórán ama fágtha le vóta a chaitheamh do Bhrian. Ná déanaigí aon mhoill!!

brian-fenton2

I measc na bpearsaí spóirt eile atá san iomaíocht don ghradam seo tá Séamus Callanan (téacsáil A chuig 53125), Eoghan Clifford, Katie-George Dunlevy agus Eve McCrystal, Denise Gaule (téacsáil F chuig 53125), Carl Frampton, Daryl Horgan, Annalise Murphy, Conor McGregor, Paul O’Donovan, Jamie Heaslip agus Bríd Stack (téacsáil L chuig 53125).

Ó cuireadh tús leis an mbronnadh gradam seo thiar sa mbliain 1985 níl aon pheileadóir de chuid CLG tar éis an gradam a bhuachan. Bhuaigh Seán Óg Ó hAilpiín sa mbliain 2005 é agus bhuaigh Henry Shefflin sa mbliain 2006 é. Mar sin, caith vóta le Brian. TÉACSÁIL D chuig 53125. Fógrófar buaiteoir an ghradaim seo ar RTÉ 1, Dé Sathairn 17 Nollaig, ar a naoi.

Na Dubs abú! Brian Fenton abú!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s