Súil Siar ar 2016 – Na Buaicphointí

Tá 2016 díreach curtha dínn anois. Sula ndíríonn muid ar na dúshláin mhóra atá amach romhainn sa bpeil agus san iomáint i 2017 is fiú súil a chaitheamh siar ar an mbliain iontach a bhí ag na peileadóirí, ach go hairithe. Seo chugaibh deich mbuaicphointe de chuid 2016.

  1. An Dara Craobh Uile-Éireann as a Chéile

Rinne muid é…agus rinne muid an bealach deacair é! Dún na nGall sa gcluiche ceathrú ceannais, Ciarraí sa gcluiche leathcheannais agus Maigh Eo sa gcluiche ceannais théis go raibh athimirt ann. ‘Speáin foireann Jim Gavin dúinn i mbliana go bhfuil siad in ann buachan go sciliúil agus stíl mhaith peile á himirt acu. Nuair is gá, áfach, is féidir leo buachan go crua mar a rinneadar in aghaidh Mhaigh Eo. Dhá chath fhíochmhara a bhí sna cluichí ceannais sin in aghaidh fhir an iarthair.

ce4

Chuir an bua seo an díospóireacht maidir le cé acu foireann na seachtóidí nó foireann Pat Gilroy/Jim Gavin ab fhearr ina luí. Foireann iontach a bhí i bhfoireann na seachtóidí ach foireann eisceachtúil atá i bhfoireann seo Átha Cliath. Na déanaimis dearmad gur foireann óg iad go fóill. Ceithre Chraobh uile-Éireann taobh istigh de shé bliana. Ceithre Shraith Náisiúnta i ndiaidh a chéile. Sé Chraobh Laighean i ndiaidh a chéile. Mo dhóthain ráite agam!

Rinneadh boinn speisialta uile-Éireann i mbliana mar chomóradh ar Éirí Amach na Cásca agus nach iontach an rud é gur bronnadh ar Laochra 16 sin againne iad!

  1. An tSraith Náisiúnta Peile Againn Arís agus ‘Laochra’

Éacht agus aitheantas ar réimeas seo na Dubs gur éirigh le foireann Jim Gavin an tSraith Náisiúnta a bhuachan don cheathrú bliain i ndiaidh a chéile os comhair lán an tí, i bPáirc an Chrócaigh, i mí Aibreáin. Ciarraí a bhí mar chéilí comhraic acu agus chríochnaigh an cluiche ar scór 2-18 go dtí 0-13 in ainneoin go raibh na foirne gob ar ghob go dtí an 56ú nóiméad.

GG 1 Laochra

Comóradh agus ceiliúradh cuí a bhí i ‘Laochra’ – Comóradh Oifigiúil Chumann Lúthchleas Gael ar Éirí Amach na Cásca – a bhí ar siúl díreach théis an chluiche. Ní raibh duine ar bith i measc an 80,000 + nár airigh bródúil as a bheith bainteach le Cumann Lúthchleas Gael an lá sin.

  1. An Trí Bhua in aghaidh Chiarraí

Bhí na Dubs faoi chois ag Ciarraí ar feadh os cionn tríocha bliain roimh 2011. Ní raibh trua ar bith acu dúinn agus thaithin sé iontach leo muid a bheith faoi chois acu. Tá an taoide casta anois, áfach, agus tá muidne, na Dubs, ag baint tatnimh as an lámh in uachtar a bheith againn orthu. Déanfaidh muid ár seacht ndícheall rudaí a choinneáil mar sin. Tá ardmheas againne ar na Ciarraígh agus tuigeann siad é sin, ach, taitníonn na buanna seo orthu iontach linn. Go raibh fada buan réimeas seo na Dubs!

  1. Ciarán Kilkenny

Bhí a fhios againn i gcónaí go raibh seoid anseo againn ach ba é 2016 an bhliain ar sheas Ciarán Kilkenny suas mar fhíorchinnire de chuid na foirne seo. Bhí ag éirí go hiontach leis ar an líne leatosach ó thús na bliana agus bhí sé soiléir go mbeadh ‘Gradam Sárimreora’ aige ag deireadh na bliana. Chuir sé é féin chun tosaigh mar ábhar ‘Imreoir na Bliana’, áfach, nuair a gortaíodh James McCarthy agus nuair a sheas sé isteach dhó ar an líne leathchúil sna cluichí in aghaidh na hIarmhí agus Dhún na nGall. Cheapfá go raibh sé ag imirt ann ar feadh a shaoil.

Bhí sé lárnach i ngach rud maith a rinne na Dubs agus é sa ról sin. Bhí sé mar a bheadh stiúrthóir ceolfhoirne agus é ag stiúradh ceolfhoirne sa gCeoláras Náisiúnta. Chuaigh an imirt uilig tríd. Bheadh Maigh Eo cloíte againn an chéad lá, dá bhfágfaí faoi an cic taobhlíne a thógáil in am breise sa gcluiche sin. Nuair a tháinig am an ghátair sheas sé suas. Ábhar captaein is ea é amach anseo. Níl aon amhras faoi sin.

  1. John Small

Cén fáth sa diabhal nach bhfuair John Small ‘Gradam Sárimreora’ i mbliana? Thabharfainn an leabhar nár imir aon imreoir eile, ó aon chontae eile, níos mó cluichí ná é. D’imir sé chuile chluiche a d’imir na Dubs i mbliana agus ní raibh droch-cheann féin aige!

Bhí air teacht isteach in áit Jack McCaffrey, Imreoir na Bliana 2015, agus is ar éigean go mbeadh a fhios ag aoinne go raibh McCaffrey imithe. Bhí bliain iontach ag Small agus tugadh laoch na himeartha dó mar aitheantas ar an taispeántas iontach a thug sé sa gcéad chluiche in aghaidh Mhaigh Eo i gcluiche ceannais na hÉireann i mbliana. Beidh cinneadh fíordheacair le déanamh ag Jim Gavin nuair a thiocfas Jack McCaffrey ar ais. Tá an bheirt acu sách maith le bheith ar an 15 tosaigh. Beidh le feiceáil céard a tharlóidh!

  1. Craobh Laighean

Níl aon cheist ach go bhfuil easpa iomaíochta ag Áth Cliath i gCraobh Laighean, faoi láthair. Mar sin féin, chuir sé gliondar ar mo chroí gur fhan an fhoireann amuigh ar an bpáirc ag ceiliúradh leis an lucht leanta théis dóibh Corn Uí Dhushláine a bhuachan i mbliana. Ba é Stephen Cluxton an duine deireanach a d’fhill ar na seomraí feistis théis leathuair an chloig, nó mar sin, a chaitheamh amuigh ar an bpáirc. Ní mhairfidh na laethanta iontacha seo go deo agus is rud maith é go bhfuil meas ag na himreoirí ar a bhfuil bainte amach acu.

BÁC 5

  1. Craobh Chorn an Bhreathnaigh agus Stádas Roinn 1a Cinntithe

Ní raibh lucht leanta na n-iománaithe róshásta leis an mbliain a bhí acu ach, ina ainneoin sin, d’éirigh le foireann Ger Cunningham fanacht i Roinn 1a chomh maith le Corn an Bhreathnaigh a bhuachan. Tá an tsraith iomána an-iomaíoch le roinnt blianta anuas agus d’éirigh leo na cluichí ceathrú ceannais a bhaint amach.

D’ardaigh Liam Rushe Corn an Bhreathnaigh do na Dubs ag deireadh mhí Eanáir i bPáirc an Chrócaigh. Ba é an seachtú huair do na Dubs an comórtas sin a bhuachan.

  1. Ar an mBóthar Linn go Páirc Uí Nualláin

Ba cheart muid a chur ar an mbóthar níos minicí!! Bhí an-chraic agus an-spórt ag lucht leanta na Dubs thíos i gCill Chainnigh i mí an Mheithimh. Beidh muid ar an mbóthar arís do chéad bhabhta Chraobh Laighean i 2017 agus bí cinnte go mbeidh slua maith againn ann.

CC 3

  1. Na Cluichí Sraithe Iomána is Peile in aghaidh Chorcaí

Ar an Satharn, 5 Márta, d’imir na hiománaithe agus na peileadóirí in aghaidh Chorcaí i bPáirc an Chrócaigh. Rinne na hiománaithe scrios ar an Corcaígh ar scór 4-21 go dtí 2-17. Bua an-stairiúil, dar ndóigh!

Tar éis do na peileadóirí a bheith 2-07 go dtí 1-03 taobh thiar ag leatham, bhuaigh siad ar scór 2-14 go dtí 2-10. D’éirigh le Cormac Costello scóranna cinniúnacha a aimsiú ó shaorchiceanna do fhoireann Jim Gavin sa dara leath. D’aimsigh James McCarthy cúl dóibh in am cúitimh gortaithe.

  1. Dean Rock

Bhí go leor a cheap nach raibh áit Dean Rock ar an bhfoirean tuillte aige le roinnt blianta anuas. Is féidir a bheith cinnte nach gceapann daoine sin a thuilleadh! Bhí sárbhliain aige –agus ní hamháin ó na saorchiceanna. Bhí a ‘Ghradam Sárimreora’ tuillte go maith aige. D’aimsigh sé 0-09 in aghaidh Chiarraí i gcluiche leathcheannais na hÉireann agus d’aimsigh sé 0-12 in aghaidh Mhaigh Eo san athimirt. Insíonn sé sin a scéal féin!

Na Dubs abú. Go dtí 2017…

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s