Paul Clarke i gCeannas do Chraobh Chorn Uí Bhroin

Tháinig sé chun solais inniu, Dé Luain, 2 Eanáir, gurb é Paul Clarke a bheidh i gceannas ar na Dubs le linn Chraobh Chorn Uí Bhroin i mbliana. Beidh Jim Gavin agus a fhoireann ag gabháil ar saoire chuig an Iamáice an tseachtain seo agus caillfidh siad cuid den Chraobh. Ag eascairt as sin, socraíodh go dtógfadh Clarke ceannasaíocht ar an bhfoireann don chomórtas seo agus go dtabharfadh Jim Brogan cúnamh dhó.

clarkie

Is é seo an t-aon chomórtas nár bhuaigh na Dubs anuraidh agus is cinnte go mbeidh Clarke ag iarraidh sin a chur ina cheart agus a rian a fhágáil ar an mbliain peile. Cuirfidh Áth Cliath tús le Craobh Uí Bhroin Dé Domhnaigh seo chugainn, 8 Eanáir, le cluiche in aghaidh DCU i bPáirc Pharnell.

Beidh go leor imreoirí ar iarraidh ó phainéal Clarke, áfach. Beidh formhór fhoireann na bliana seo caite ar saoire agus ní bheidh imreoirí Naomh Uinsionn ná Cuala ar fáil dó de bharr a rannpháirtíochta i gcluichí ceannais na gCumann i mí Feabhra. Chomh maith leis sin, beidh na mic léinn atá ar an bpainéal ag imirt lena gcuid coláistí agus ollscoileanna. Ní jab éasca a bheidh aige, ach, bhí deis cheart aige breathnú ar go leor imreoirí nua ag an gcluiche dúshlánach idir Áth Cliath agus na Réaltaí Gorma inné i bPáirc Pharnell.

dubd-v-all-stars

Chaith Clarke os cionn deich mbliana ag imirt le foireann shinsearach Átha Cliath mar imreoir lár páirce. Bhuaigh sé bonn uile-Éireann agus ‘Gradam Sárimreora’ i 1995. Bhí sé ar fhoireann bainistíochta Paul ‘Pillar’ Caffrey mar roghnóir idir 2004 agus 2008.

Gach rath air. Na Dubs abú!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s