Taispeántais Mhaithe in aghaidh na Réaltaí Gorma

Imríodh na cluichí bliantúla seo in aghaidh na Réaltaí Gorma i bPáirc Pharnell, Dé Domhnaigh seo caite, 1 Eanáir. Bhí an bua ag iománaithe agus ag peileadóirí na Dubs ach ní gan dua a rinne siad an beart. Chonaic an lucht féachana a bhí i láthair dhá chluiche thaitneamhacha. Chríochnaigh an iománaíocht ar scór Áth Cliath 1-19 go dtí 1-14 agus chríochnaigh an pheil ar scór Áth Cliath 3-13 go dtí 4-09.

p1

Na Peileadóirí

Bhí go leor imreoirí ar iarraidh ón dá fhoireann de chuid na Dubs. Dá bharr sin, tugadh seans do roinnt mhaith imreoirí atá ag iarraidh briseadh isteach ar an bpainéal le roinnt blianta anuas. Ina measc siúd a d’imir leis na peileadóirí bhí Ciarán Reddin (captaen), Niall Scully, Colm Basquel, Shane Clayton, Robbie McDaid, Paul Hudson, Conor McHugh agus Michael Deegan. Imreoirí iad sin atá bainteach leis an bpainéal ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, le cúpla bliain anuas. Ba é McHugh is mó a sheas amach do na Dubs agus d’aimsigh sé 2-03.

p-4

Choinnigh Mossy Quinn na Réaltaí Gorma sa gcluiche agus chríochnaigh sé an lá le 3-05. Níl aon amhras ach go bhfuil sé fós aige! Cé go raibh Jim Gavin ar an taobhlíne do na Dubs, bhí Paul Clarke i láthair sa seastán. Níl aon amhras ach go mbeidh sé ag súil go mór le gabháil ag obair leis an bpainéal óg a bheidh aige.

Na hIománaithe

Bhí foireann óg, gan mórán taithí, amuigh ag na hiománaithe, freisin. Léirigh Seán Ó Riain le 1-03, Tomás Connolly (deartháir Dhiarmuda) le 0-04 agus Conor Burke le 0-03 an-chruinneas agus d’aimsigh Fergal Whitely roinnt scóranna deasa (0-03) nuair a tháinig sé isteach don dara leath.

i-4

Beidh suas le dhá scór imreoirí ar iarraidh ó phainéal Ger Cunningham do Chraobh Chorn an Bhreathnaigh, rud a thabharfas seans do go leor a d’imir ar an bhfoireann f21 anuraidh briseadh isteach. Ní bheidh imreoirí Chuala ar fáil do Cunningham go dtí go mbeidh siad imithe ó Chraobhchomórtas na gCumann agus beidh ar roinnt mhaith de na himreoirí óga imirt lena gcuid coláistí.

Áth Cliath (Iománaithe): J Treacy, M Kavanagh, P Smyth, M McCallion, F Ó Riain-Broin, M McCaffrey, C Mac Gabhann, C Conway (0-02), AJ Murphy (0-02), C Burke (0-03), S Ó Riain (1-03), J Holland, C Maher, T Connolly (0-04), A Moore

Ionadaithe: F Whitely (0-03) do C Conway, F MacGibb (0-01) do C Burke, D Burke (0-01) do J Holland, B Quinn do AJ Murphy, C Dowling do C Mac Gabhann, J McGuirk do T Connolly

Áth Cliath (Peileadóirí): E Comerford, E O’Brien, S Clayton, R McGowan, N Scully, R McDaid, C Mullally, R Deegan, C Reddin (0-01), G Sweeney, C Basquel, N Walsh (0-03), P Hudson (0-04), K O’Gara (1-02), C McHugh (2-03)

Ionadaithe a thainig isteach: R Gaughan, S Newcombe, R Hazley, S Cunningham, G Ivory, M Deegan, JB Carthy

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s