Tús Dearfach ag Foireann Óg Cunningham

Áth Cliath 2-17 Ceatharlach 1-13

Páirc Pharnell, 4 Eanáir, 2017

Cuireadh tús le bliain iománaíochta na Dubs tráthnóna inné, 4 Eanáir, i gCraobh Chorn an Bhreathnaigh, le bua in aghaidh Cheatharlach ar scór 2-17 go dtí 1-13. In ainneoin gur éirigh le foireann óg Ger Cunningham fanacht chun tosaigh ó thús go deireadh an chluiche, thug a gcéilí comhraic cluiche réasúnta deacair dhóibh.

000d609e-800

Foireann óg a chuaigh chun páirce do na Dubs toisc nach raibh imreoirí Chuala ar fáil don phainéal, de bharr a rannpháirtíochta i gCraobhchomórtas na gCumann. Ní raibh na mic léinn ar an bpainéal ar fáil ach an oiread, de bharr go bhfuil orthu imirt lena gcuid coláistí agus ollscoileanna i gCraobh an Bhreathnaigh. Mar sin, níl aon amhras ach go raibh Cunningham sásta leis an mbua seo, go mór mór agus é ag iarraidh muinín a ardú i measc an phainéil óig don chéad chluiche sraithe in aghaidh Thiobraid Árann ar 11 Feabhra.

Bhí go leor rudaí dearfacha le tógáil ón gcéad chluiche seo. Rinne Dónal Burke agus Donie Fox, a bhuaigh Craobh na hÉireann f21 le Gaillimh i 2011, jab maith de na saorphocanna. D’aimsigh Cian O’Sullivan cúl sa gcéad leath agus gach uair ar tháinig Ceatharlach ar ais sa gcluiche d’éirigh leis na Dubs scóranna tábhachtacha a aimsiú. Nuair nach raibh ach dhá chúilín idir na foirne agus gan ach cúig nóiméad fágtha, d’éirigh leo críochnú go láidir. D’aimsigh siad 1-03 sna nóiméid chinniúnacha sin. 1-01 ó Alex Quinn agus cúilín an duine ó Fox is ó Fergal Whitely. An scór deiridh: Áth Cliath 2-17 Ceatharlach 1-13.

Níor éirigh liom féin a bheith i láthair ag an gcluiche seo ach tá sé i gceist agam an fhoireann óg seo a fheiceáil níos minicí i mbliana ná mar a chonaic mé anuraidh iad. Ba i muinín @DubMatchTracker ar twitter a chuaigh mé aréir le coinneáil suas chun dáta. An-suíomh twitter!

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: J Treacy, D Gray, S Barrett, F Ó Riain-Broin, M McCaffrey, C Crummey, S McGrath (0-01), L Rushe, D Fox (0-04), C Burke (0-01), T Connolly, F McGibb (0-02), C Maher (0-01), D Burke (0-05), C O’Sullivan (1-00)

Ionadaithe: B Quinn (0-01) do C Burke, F Whitely (0-01) do M McCaffrey, A Quinn (1-01) do T Connolly, G Maguire do J Treacy, N McMurrow do C Maher, C Conway do S McGrath

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s