Dubs Óga Rómhaith do DCU

Áth Cliath 1-15 DCU Dóchas Éireann 0-11

Páirc Pharnell, 8 Eanáir, 2017

Bhí tús iontach leis an mbliain peile, Dé Domhnaigh seo caite, nuair a thug foireann óg Átha Cliath aghaidh ar DCU Dóchas Éireann i bPáirc Pharnell. De bharr go bhfuil foireann shinsearach 2016 ar saoire san Iamáice faoi láthair, tugadh seans do go leor den dream óg gabháil i bhfeidhm ar an mbainisteoir Paul Clarke. Tá Clarke ag seasamh isteach do Jim Gavin do Chraobh Chorn Uí Bhroin i mbliana. Níl aon amhras ann ach go mbeidh go leor scéalta maithe le tuairisciú ar ais aige do Gavin, bunaithe ar an gcluiche seo.

2-dcu-1

Chuaigh an fhoireann óg i bhfeidhm go mór ar an gcúpla míle duine a bhí i láthair. I measc na ndaoine is mó a sheas amach dóibh bhí an cúl báire Evan Comerford, an captaen Ciarán Reddin, Jason Whelan i lár na páirce agus an líne lántosach – Paul Hudson, Conor McHugh agus Michael Deegan.

Bhuaigh na Dubs an cluiche seo go réasúnta éasca ach d’fhéadfadh sé a bheith níos compordaí fós dá dtógfaidís a gcuid seansanna sa gcéad 6 nó 7 nóiméad. Ina ainneoin sin, bhí an oiread díocais le feiceáil ina gcuid imeartha gur éirigh leo rudaí a chur ina gceart agus is fíorbheagán seansanna a chuir siad amú ina dhiaidh sin.

1-dcu-5

Tharla eachtraí cinniúnacha an chluiche seo idir an 29ú nóiméad agus 32ú nóiméad. Le linn an ama sin, shábháil Evan Comerford cic éirice ó Kevin Feely de chuid DCU. Taobh istigh de dhá nóiméad ina dhiaidh sin bhí cúl aimsithe ag Paul Hudson do Áth Cliath ag an taobh eile den pháirc. Dá mbeadh Feely tar éis an cic éirice a aimsiú bheadh na foirne cothrom, ach, tar éis do Hudson a chúl a scóráil bhí na Dubs 1-08 go dtí 0-04 chun tosaigh. Scór leathama – Áth Cliath 1-09 DCU Dóchas Éireann 0-05.

Tháinig na mic léinn amach rúinne beag níos láidre sa dara leath agus d’éirigh le Shane Carthy gabháil i bhfeidhm ar an gcluiche tar éis gur tugadh isteach é sa 29ú nóiméad. Mar sin féin, bhí foireann óg Paul Clarke réasúnta compordach sa dara leath agus d’éirigh leo an bhearna 7 gcúilín a chosaint. D’aimsigh fear Chill Mochuda na Crócaigh, Shane Cunningham, dhá chúilín dheasa tar éis do Clarke é a chur isteach mar ionadaí leathbhealach tríd an dara leath. An scór deiridh – Áth Cliath 1-15 DCU 0-11. Is ag Paul Hudson atá Laoch na hImeartha, mar aitheantas ar an 1-03 a d’aimsigh sé.

3-dcu-4

Beidh cluiche deacair ag na Dubs in aghaidh UCD anocht rud a thabharfas seans dúinn breathnú ar Jack McCaffrey in athuair agus é ag imirt leis na mic léinn. Bhí tús maith againn leis an mbliain agus bheadh sé iontach do Paul Cklarke agus do na himreoirí óga dá mbeadh siad in ann an comórtas seo a bhuachan. Beidh le feiceáil.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: E Comerford, J Smith, E O’Brien, R McGowan, B Howard, C Reddin, N Scully, J Whelan (0-01), R Deegan, G Sweeney, S Boland, N Walsh (0-01), P Hudson (1-03), M Deegan (0-04), C McHugh (0-03)

Ionadaithe: G Ivory (0-01) do P Hudson, T Shields do E O’Brien, R Gaughan do N Walsh, S Cunningham (0-02) do C McHugh, R O’Brien do S Boland, R Hazley do J Whelan, S Newcombe do R Deegan

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s