Bua Eile ag Foireann Óg Ger Cunningham

Áth Cliath 2-26 UCD 0-21

Páirc Pharnell, Dé Céadaoin, 11 Eanáir, 2017

Bhí na Dubs mall ag tosú don chéad 10 nóiméad, nó mar sin, ach bhí siad an-chompordach ina dhiaidh. Bhí siad taobh thiar ar scór 0-05 go dtí 0-02 tar éis 12 nóiméad ach d’aimsigh siad an chéad seacht scór eile ina dhiaidh sin. Ba é Dónal Burke a bhí mar Laoch na hImeartha. D’aimsigh sé 1-10 ar fad agus ceithre cinn acu sin ón imirt. Ta sé deacair a shamhlú gur ar an bhfoireann mionúir a bhí sé féin agus Cian O’Sullivan anuraidh. Tá siad ag tabhairt seans maith dóibh féin a bheith i bpleananna Ger Cunningham i mbliana. Choinnigh na Dubs orthu ina dhiaidh sin agus a bhuíochas do chúl O’Sullivan sa 31ú nóiméad chuaigh siad isteach ag leatham chun tosaigh ar scór 1-15 go dtí 0-11.

i-2

Cúis sásaimh do Cunningham an chaoi ar éirigh leis na Dubs teacht ar ais láidir gach uair ar aimsigh UCD cúpla scór i ndiaidh a chéile sa dara leath. D’éirigh leis na mic léinn an bhearna a laghdú cúpla uair ach bhí freagra ag na Dubs orthu nuair a tharla sé sin. Beidh sé sásta, freisin, gur éirigh le naonúr imreoirí ar fad scóranna a aimsiú. Tháinig Fergal Whitley isteach ón mbinse don tríú cluiche i ndiaidh a chéile le scór a aimsiú. Is cinnte go bhfuil Whitely ag gabháil i bhfeidhm ar a bhainisteoir. An scór deiridh – Áth Cliath 1-26 UCD 0-26.

Bhí foireann rúinne beag níos sinsearaí ag Cunningham don chluiche seo agus d’imir leithéidí Niall McMorrow, Gary Maguire, Shane Barret agus Chris Crummey. Níl aon amhras ach go mbeidh na himreoirí seo ag teastáil don chéad chluiche eile in aghaidh Loch Garman agus, go mór mór, théis an scrios a rinne na Carmannaigh ar UCD sa gcéad chluiche a d’imir siad. Chríochnaigh an cluiche sin ar scór 5-31 go dtí 1-08.

Go dtí seo d’éirigh leis na Dubs dhá bhua réasúnta éasca a fháil ar mhic léinn ollscoile agus ar Cheatharlach ach scéal difriúil a bheidh sa gcluiche in aghaidh fhoireann Davy FitzGerald. Cinnte, tabharfaidh an dá bhua sin muinín do fhoireann na Dubs agus iad ag gabháil chun tosaigh. Mar sin féin, le Fitzgerald i gceannas ar na Carmannaigh anois beidh sé de sprioc aige an bhearna a laghdú idir iad féin agus foirne Roinn 1a. Beidh se ag iarraidh buille a thabhairt do Áth Cliath an tseachtain seo chugainn. Beidh orainn a bheith ar airdeall.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: G Maguire, P Smyth, S Barrett, M McCaffrey, S McGRath, C Crummey (0-01), C Dowling, C Conway (0-03), B Quinn (0-03), C Burke, N McMorrow (0-03), F Mac Gibb (0-01), C O’Sullivan (1-01), D Burke (1-10), A Quinn (0-03)

Ionadaithe: C Robinson do M McCaffrey, M Kavanagh do C Dowling, F Whitely (0-01) do C Burke, A Moore do C O’Sullivan, S Ó Riain do C Conway, C Maher do A Quinn, T Connolly do D Burke, J McQuirk do N McMorrow, F Ó Riain-Broin do B Quinn

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s