Ag UCD is ag Jack McCaffrey an Lá!

UCD 2-09 Áth Cliath 1-10

Páirc Pharnell, 11/01/17

Bhí ceacht crua le foghlaim ag na Dubs óga a chuaigh chun páirce faoi cheannasaíocht Paul Clarke Dé Céadaoin seo caite, 11 Eanáir, i bPáirc Pharnell. Tá sé fíordheacair cluichí a bhuachan nuair nach n-aimsíonn tú do chéad scór go dtí an 30ú nóiméad agus b’in mar a tharla do na Dubs in aghaidh na mac léinn ó UCD. Bhí smacht ag na mic léinn ar an gcluiche agus d’éirigh leo 1-06 a aimsiú ar an taobh eile den pháirc, le linn an 30 nóiméad sin. B’in a scair na foirne sa deireadh thiar. Bhí an iomarca le déanamh ag na Dubs sa dara leath.

dcu-12

Mar sin féin, thaispeáin na Dubs óga spiorad agus díocas chun iad féin a tharraingt ar ais sa gcluiche agus d’éirigh leo an bhearna a laghdú go dtí cúilín amháin faoi dhó le linn an dara leath. Díreach roimh leatham, d’aimsigh Mattias Mac Donncha cúl álainn a laghdaigh an bhearna rúinne beag. D’aimsigh Paul Hudson, Ross Hazley agus Shane Cunningham dhá chúilín an duine do na Dubs sa dara leath – rud a thug an-ghar do na mic léinn iad. Ba iad Tom Hayes agus Seán Meade a d’aimsigh na cúil do UCD.

Níl na Dubs imithe ón gCraobh seo fós ach beidh siad ag brath ar DCU gar a dhéanamh dóibh in aghaidh UCD sa gcéad chluiche eile. Ar an mbarr sin, beidh ar fhoireann Clarke an ceann is fearr a fháil ar Loch Garman atá faoi bhainistíocht Shéamuis ‘Banty’ McEnaney faoi láthair. An scór deiridh – UCD 2-09 Áth Cliath 1-10.

In ainneoin gur chaill na Dubs, bhí a lucht leanta an-sásta Jack McCaffrey a fheiceáil arís agus bhí tionchar nach beag aige ar an gcluiche. Ní fada anois go bhfeicfidh muid McCaffrey ar ais i ngeansaí Átha Cliath.

Bímís dóchasach. Níl muid imithe fós! Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: E Comeford, J Smith, E O’Brien, R McGowan, N Scully (0-01), C Reddin (0-01), R Gaughan, J Whelan, R Deegan, G Sweeney, M Mac Donncha (1-00), N Walsh, P Hudson (0-03), M Deegan, S Cunningham (0-02)

Ionadaithe: R Hazley (0-02) do J Whelan, G Ivory (0-01) do P Hudson, R O’Brien do N Walsh, N Walsh do M Deegan, T Shields do G Sweeney, G Sweeney do M Mac Donncha, S Newcombe do R Deegan, P Hudson do S Cunningham

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s