Cluiche Leathcheannais Eile ag na Dubs a Bhuíochas do Hudson

Áth Cliath 1-12 Loch Garman 1-9

Páirc Naomh Pádraig, Inis Córthaidh, 15.01.17

Níl aon amhras ann ach gurb é Paul Hudson is mó atá théis gabháil i bhfeidhm ar fhoireann bainsitíochta Átha Cliath ó thús Chraobh Chorn Uí Bhroin. Arís eile, d’aimsigh sé na scóranna cinniúnacha a tharraing a fhoireann thar an líne, agus an uair seo in aghaidh Loch Garman i bPáirc Naomh Pádraig, Inis Córthaidh, Dé Domhnaigh seo caite. 6 cinn de chúilíní a d’imsigh sé.

paul-hudson
Tógtha ó hill16.ie

 

Rinne mic léinn DCU gar mór do Áth Cliath nuair a fuair siad an ceann is fearr ar UCD ar scór 0-18 go dtí 1-09. D’fhág an toradh sin gurbh iad na Dubs a bhí tríd chuig an gcluiche leathcheannais tar éis a mbua ar Loch Garman. Chinntigh Banty agus a fhoireann go mbeadh ar na Dubs oibriú go crua don bhua seo, mar sin féin.

Ba iad Áth Cliath a d’imir an chuid is mó den pheil sa gcéad 27 nóiméad den chluiche seo agus bhí siad ag buachan ar scór 0-07 go dtí 0-04 ag an bpointe sin. Cluiche ciúin go maith a bhí ann go dtí sin, ach tharla go leor eachtraí móra le linn an chéad deich nóiméad eile.

Idir an 28ú nóiméad agus leatham d’aimsigh na foirne cúl an taobh agus cuireadh fear ón dá fhoireann den pháirc. Tháinig cúl na gCarmanach ar dtús. Botún a bhí ann ó chúl báire Átha Cliath, Evan Comerford. Cheap sé go raibh cic Joey Wedding ag gabháil ar foraoil ach chríochnaigh an liathróid sa gcúl. Nóiméad amháin ina dhiaidh sin, bhí Conor McHugh ag ceiliúradh cúil do na Dubs ar an taobh eile den pháirc. Ansin, sa 32ú nóiméad cuireadh fear Naomh Sylvester, Gary McSweeney, den pháirc do na Dubs agus nóiméad ina dhiaidh sin cuireadh John Turbit den pháirc do na Carmanaigh. Scór leathama: Áth Cliath 1-07 Loch Garman 1-04.

D’aimsigh Hudson scóranna uile Átha Cliath sa dara leath agus sheas sé suas in am an ghátair. Chuir Ben Brosnan an liathróid thar an trasnán do Loch Garman sa 53ú nóiméad leis na foirne a chur cothrom. Fuair na Dubs ceithre cinn den chéad chúig scór eile, áfach, agus bhí an lá leis na Dubs. Scór deiridh – Áth Cliath 1-12 Loch Garman 1-09.

Thuig na Dubs go gairid théis an chluiche go raibh siad imithe ar aghaidh go dtí an cluiche ceannais théis bhua DCU ar UCD. Níl aon cheist ach go bhfuil dúshlán níos deacra rompu sa Droichead Nua in aghaidh Chill Dara. Tabharfaidh sé seo deis eile do leithéidí Hudson, Cunningham, Scully, Reddin, McHugh, Michael Deegan agus Comerford gabháil i bhfeidhm ar fhoireann bainistíochta Átha Cliath. In ainneoin go bhfuil na himreoirí sinsearacha ar ais óna gcuid saoire san Iamáice tuigtear do lucht leanta na Dubs nach n-imreoidh siad i gCraobh Chorn Uí Bhroin i mbliana.

Chun an Droichid Nua linn. Na Dubs abú.

Áth Cliath: E Comerford, T Shields, E O’Brien, R McGowan, N Scully, C Reddin, R Guaghan, R Hazley (0-01), R Deegan, G Sweeney (0-01), S Boland, N Walsh (0-02), G Ivory, C McHugh (1-00), P Hudson (0-08)

Ionadaithe: S Cunningham do G Ivory, J Whelan do S Boland, M Deegan do R Deegan, C Mullaly do R Hazley

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s