Ag na Carmanaigh an Lá

Loch Garman 1-17 Áth Cliath 0-17

Cnocán an Chuilinn, Déardaoin, 19 Eanáir, 2017

Níl aon amhras ach go raibh Davy Fitzgerald an-sásta leis an mbua seo ar na Dubs, Déardaoin seo caite, 19 Eanáir, i gCnocán an Chuilinn, Co. Loch Garman. Bhí suas le 20 imreoir nach raibh ar fáil do na Dubs ar chúiseanna éagsúla ach, níl aon amhras ach go mbeadh Cunningham míshásta gur chaill siad, mar sin féin. Tuigeann sé go maith go bhfuil sé de sprioc ag Loch Garman an bhearna a laghdú idir iad féin agus leithéidí na Dubs agus Corcaigh i mbliana. Tabharfaidh an bua seo muinín agus misneach do Davy agus a fhoireann don bhliain amach romhainn.

ac-v-lg

Ó thús an chluiche seo bhí sé soiléir go raibh Loch Garman níos díocasaí agus níos fearr ná na Dubs óga. Nuair a d’aimsigh Podge Doran cúl don fhoireann baile sa 16ú nóiméad fágadh go raibh Áth Cliath taobh thiar ar scór 1-08 go dtí 0-05. Dhúisigh an cúl sin na Dubs beagáinín, áfach, agus d’éirigh leo roinnt scóranna a fháil go gairid ina dhiaidh sin ó Chaolán Conway le 0-02 agus ó Chris Crummey le cúilín amháin. An scór leathama: Loch Garman 1-11 Áth Cliath 0-09.

Bhí Áth Cliath i bhfad níos fearr sa dara leath. In ainneoin gurbh iad na Carmanaigh a d’aimsigh céad scór na leithe d’éirigh leis na Dubs an chéad sé chúilín eile a aimsiú ina dhiaidh sin. Nuair a d’aimsigh Fergal Whitley cúilín sa 57ú nóiméad bhí na foirne cothrom. Dhúisigh sé sin foireann Davy Ftizgerald, áfach, agus chríochnaigh siad an cluiche go láidir. D’aimsigh Richie Keogh (0-01) agus Lee Chin (0-02) scóranna deireanacha an chluiche rud a d’fhág go raibh an lá ag muintir Loch Garman. An scór deiridh – Loch Garman 1-17 Áth Cliath 0-17.

Mar is eol dúinn uilig tá roinnt mhaith imreoirí sinsearacha, a thug cinnireacht do iománaithe Átha Cliath thar na blianta, tar éis an painéal a fhágáil ar chúiseanna éagsúla le cúpla bliain anuas. Fágann sé seo go bhfuil easpa cinnirí ag an bhfoireann óg seo. Caithfidh cinnirí nua teacht ar aghaidh. Tá Loch Garman ag iarraidh breith suas linn. Má théann muid ar gcúl ar aon bhealach beidh seans acu. Seo am an ghátair. Tá cinnirí nua uainn.

Ní bheidh imreoirí Chuala ar fáil do Cunningham ag tús na sraithe ach beidh roinnt mhaith de na mic léinn ar ais. Beidh ar an bhfoireann bainistíochta aird na n-imreoirí a dhíriú go hiomlán ar Thiobraid Árann agus réiteach mar is ceart don dúshlán mór seo atá romhainn amach fanacht i Roinn 1a.

Bímis dóchasach. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

Áth Cliath: C Dooley, P Smyth, S Barrett, C Robinson, C Crummey (0-03), L Rushe, S McGrath, B Quinn, C Conway (0-02), D Fox (0-02), N McMorrow (0-04), T Connolly, F McGibb, A Moore, C Bennett (0-01)

Ionadaithe: R O’Dwyer (0-01) do A Moore, C Maher do F McGibb, A Quinn do T Connolly, F Whitely (0-01) do D Fox, D Burke (0-03) do C Conway, D Fox do S McGrath

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s