Críoch Láidir ó na Dubs Díocasacha

Áth Cliath 0-16 Cill Dara 2-08

Páirc Naomh Conleth, 22 Eanáir, 2016

cilldara4d

Amadán a déarfadh go mbeadh mórán den fhoireann a thosaigh in aghaidh Chill Dara sa gcluiche seo ag imirt sa tSraith Náisiúnta agus sa gCraobh i mbliana ach, a mhac go deo, d’imir siad le spiorad is le díocas Dé Domhnaigh seo caite, i bPáirc Naomh Conleth. Nuair a chuaigh na Dubs dhá chúl taobh thiar léirigh siad buanna a mbeifeá ag súil leo ó leithéidí Philly McMahon, Jonny Cooper is ó Chiarán Kilkenny. Níor ghéill siad nuair a chuaigh Cill Dara dhá chúl chun tosaigh orthu leathbhealach tríd an gcéad leath. Diaidh ar ndiaidh, cúilín ar chúilín, rug siad ar na lilígh. Bhuaigh siad an cluiche seo de bharr a gcuid díocais. Bua iontach a bhí ann ar fhoireann láidir Chill Dara.

Is cúis mhór sásaimh fios a bheith againn go bhfuil imreoirí den chineál seo ar imeall an phainéil agus iad ag bualadh ar an doras. Má fhaigheann siad an glaoch ó Jim Gavin beidh siad réidh.

Sa gcéad deich nóiméad den chluiche seo bhí na foirne gob ar ghob ach d’éirigh le Cill Dara dhá chúl a aimsiú idir an 11ú agus 20ú nóiméad rud a d’fhág iad 2-04 go dtí 0-04 chun tosaigh. Ba iad Jonny Byrne agus Daniel Flynn a d’aimsigh na cúil do Chill Dara. Chríochnaigh na Dubs an leath go láidir, áfach, agus d’éirigh leo an bhearna a laghdú go dtí dhá chúilín. Scór leathama – Cill Dara 2-04 Áth Cliath 0-08.

cilldara2

D’aimsigh Cill Dara an chéad dá scór théis an bhrisidh ach ghlac na Dubs seilbh ar an gcluiche ina dhiaidh sin agus níor aimsigh foireann Cian O’Neill ach dhá chúilín eile ón 42ú nóiméad ar aghaidh. Fuair na Dubs an chúig chúilín dheireanacha rud a d’fhág gurbh iad a bheadh ag gabháil ar aghaidh go dtí cluiche ceannais Chraobh Chorn Uí Bhroin. I measc na scórálaithe a bhí ag na Dubs sa dara leath bhí Niall Scully le trí cinn agus Conor McHugh le péire. An scór deiridh – Áth Cliath 0-16 Cill Dara 2-08.

Tháinig Colm Basquel agus Robbie McDaid isteach mar ionadaithe i rith an chluiche seo. Beirt iad seo a bhí ar phainéal Jim Gavin anuraidh. De bharr gur éirigh chomh maith sin le Baile Buadáin i gComórtas na gCumann i 2016, áfach, ní bhfuair siad mórán deiseanna le gabháil i bhfeidhm ar Jim Gavin ar an bpáirc imeartha. Níl aon amhras ach mbeidh ról le himirt acu beirt sa gcluiche ceannais.

cill-dara-3

Tá éacht déanta ag Paul Clarke leis an bhfoireann óg seo agus beidh sé tiomanta go hiomlán don jab a chríochnú. Ar aghaidh linn go cluiche ceannais eile. Na Dubs abú!

Áth Cliath: E Comerford, J Smith, E O’Brien, R McGowan, R Gaughan, C Reddin (0-01), C Mullally, J Whelan (0-01), R Hazley (0-01), N Scully (0-03), S Boland (0-01), N Walsh, P Hudson (0-04), M Deegan, C McHugh (0-03).

Ionadaithe: C Basquel (0-01) do N Walsh, K O’Gara do M Deegan, R McDaid do S Boland, S Cunningham (0-01) do P Hudson, G Ivory do C Reddin

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s