Corn Uí Bhroin ag na Dubs don 9ú hUair

Áth Cliath 2-16 An Lú 1-10

Páirc CLG Uí Raghallaigh, Droichead Átha, Dé Domhnaigh, 29 Eanáir, 2017

Nach maith iad Paul Clarke, a fhoireann bainistíochta agus peileadóirí óga Bhaile Átha Cliath! Is ó neart go neart a chuaigh siad ó thús go deireadh an chomórtais seo agus taobh amuigh den chéad leath in aghaidh UCD bhí siad iontach. Thuill siad an Corn seo agus ní chuirfeadh sé puinn iontais ar lucht leanta na Dubs dá bhfeicfí roinnt de na himreoir sa ngeansaí dubh agus gorm amach anseo. Cá bhfios ach go bhfeicfidh muid duine nó beirt acu le linn na Sraithe Náisiúnta!

scor-deiridh

Bhí an chéad leath den chluiche so ciúin go maith agus bhí sé an-deacair ar an dá fhoireann scóranna a aimsiú. Mar sin féin, chuaigh na Dubs isteach ag leatham chun tosaigh ar scór 0-06 go dtí 0-05 a bhuíochas do scóranna ó Chiarán Reddin, Niall Scully agus Paul Hudson i measc daoine eile.

Cluiche oscailte a bhí sa dara leath agus rinne tosaithe na Dubs scrios. D’éirigh leo an chéad seacht scór den dara leath a aimsiú rud a d’fhág 0-13 go dtí 0-06 chun tosaigh iad tar éis 53 nóiméad. Cuireadh isteach Colm Basquel agus Emmet Ó Conghaile agus bhí an-tionchar ag an mbeirt, atá ar phainéal Jim Gavin, ar an leath. Chríochnaigh Basquel le 1-01 agus in ainneoin gur cuireadh Ó Conghaile den pháirc, tar éis dó dhá chárta bhuí a fháil, chruthaigh sé go leor fadhbanna do mhuintir an Lú. Bhí Hudson iontach sa dara leath, freisin, agus d’aimsigh Killian O’Gara cúl do fhoireann Clarke sa nóiméad deireanach mar fhreagra ar chúl a d’aimsigh an Lú nóiméad roimhe. An scór deiridh: Áth Cliath 2-16 An Lú 1-10.

imirt-2

Tá éacht déanta ag Paul Clarke agus an fhoireann óg seo ó tháinig siad le chéile don chéad uair ag tús mhí Eanáir. Taobh amuigh de Ó Conghaile, Basquel agus Robbie McDaid ní raibh ach taithí ag leithéidí Ciarán Reddin, Niall Scully, Jason Whelan, Conor McHugh agus Michael Deegan ag imirt le boic mhóra Átha Cliath. Chuir Cill Dara agus an Lú amach foirne láidre ina n-éadan ach d’éirigh leis na Dubs an ceann is fearr a fháil orthu.

Comhartha maith é seo don todhchaí agus is ábhar mór sásaimh do Gavin go bhfuil go leor imreoirí óga réidh don chéad chéim eile má bhíonn siad ag teastáil. Seans maith go mbeidh sé ag iarraidh duine nó beirt acu a fheiceáil in aghaidh an Chabháin, Dé Domhnaigh.

foireann-theis-an-chluiche

Tús maith leis an mbliain. Tá Corn Uí Bhroin i mBaile Átha Cliath don 9ú huair. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

Áth Cliath: E Comerford, R McGowan, E O’Brien, J Smith, R Gaughan, C Reddin (0-03), C Mullally, J Whelan (0-01), R Hazley, N Scully (0-01), S Boland, N Walsh, C McHugh (0-01), S Cunningham (0-01), P Hudson (0-06)

Ionadaithe: C Basquel (1-01) do S Boland, E Ó Conghaile do R Hazley, T Shields do C Mullally (0-01), G Sweeney do N Walsh, K O’Gara (1-00) do S Cunningham, S Newcombe do J Whelan, R O’Brien (0-01) do C McHugh

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s