Arm Jim Gavin – Céard tá i ndán do na Dubs sa tSraith Náisiúnta?

31/01/2009Fireworks display at croke park. Pic Barry Mulvey.
31/01/2009 Fireworks display at croke park. Pic Barry Mulvey.

Is ar éigean Dé atá an deannach socraithe ar bhua na Dubs i gCraobh Chorn Uí Bhroin go bhfuil siad anois ag díriú a n-airde ar a gcúigiú Sraith Náisiúnta i ndiaidh a chéile. Dé réir gach tuairisce, tá na himreoirí sinsearacha nár imir le linn Chraobh Chorn Uí Bhroin ar bís gabháil chun páirce in athuair. Tá siad ag súil go mór le tabhairt faoi na dúshláin éagsúla atá amach rompu i 2017.

Beidh dianmhacnamh le déanamh ag Jim Gavin ar cheisteanna áirithe, mar sin féin. D’fhéadfadh tionchar éigin a bheith ag na cesiteanna seo ar chinniúint an New Ireland Cup –Corn na Sraithe Náisiúnta – i mbliana. Bhí cuma thuirseach ar na Dubs i gcluichí ceannais na hÉireann anuraidh. Bhí sé ar nós gur thit siad thar an líne in áit léimt thar an líne. Bhí siad réidh le haghaidh briseadh.

Bhí bliain fhada ag leithéidí Philly McMahon, Jonny Cooper, John Small, Dean Rock, Denis Bastick agus ag James McCarthy, i measc daoine eile anuraidh. Bhí na himreoirí seo lárnach i gcluichí na Dubs ón gcéad lá in aghaidh Loch Garman i gCraobh Chorn Uí Bhroin i 2016. Níor imir na himreoirí sinsearacha i gCraobh Chorn Uí Bhroin ar chor ar bith i mbliana. An ceacht é sin atá foghlamtha ag Jim ó 2016?

An léireoidh Jim muinín i nduine nó beirt den fhoireann a d’imir faoi bhainistíocht Paul Clarke i mbliana, ar nós Niall Scully, Paul Hudson is Ciarán Reddin? An dtosóidh imreoirí atá ar a phainéal féin ar nós Emmet Uí Chonghaile, Robbie McDaid agus Colm Basquel? Má bhreathnaíonn muid siar ar na foirne éagsúla a chuaigh chun páirce sa tSraith Náisiúnta faoi réimeas Jim go dtí seo, feicfidh muid gur imir formhór mór acu le linn na Craoibhe, freisin. Ní thugann sé seans do dhaoine mara bhfuil sé cinnte fúthu. Ní roghnaíonn sé foirne laga.

Má tá sé de phríoracht ag Jim an tSraith Náisiúnta a bhuachan ní imreoidh ach duine nó beirt de na himreoirí sin atá ar imeall an phainéil in aon chluiche amháin. Mara bhfuil sé de phríoracht aige í a bhuachan d’fhéadfadh seisear nó seachtar acu imirt in aon chluiche amháin. Beidh le feiceáil.

GG 1 Laochra

An ndéanfaidh Jim íobairt den tSraith agus an ndíreoidh sé go príomha ar Chorn Sam Maguire a bhuachan den tríú huair i ndiaidh a chéile? Ba cheart go mbeadh tuairim níos fearr againn Dé Domhnaigh ón bhfoireann a chuireann sé chun páirce.

An Freasúra

Níl aon amhras faoi ach go bhfuil an tSraith Náisiúnta ar an gcomórtas is mó iomaíochta dá bhfuil againn faoi láthair. Tá seans ag go leor de na foirne an ceann is fearr a fháil ar a chéile ar lá ar bith. Freisin, tuigeann na foirne uilig go gcaithfidh siad a bheith ag imirt i Roinn 1 den tSraith Náisiúnta le seans ceart a thabhairt dóibh féin agus iad ag réiteach don samhradh. Mar sin féin, feictear dhom go mbeidh am deacair ag trí fhoireann ach go háirithe – An Cabhán, Ros Comáin agus Dún na nGall – le linn na sraithe i mbliana.

Níl aon amhras ach go ndearna Ros Comáin éacht anuraidh nuair a d’éirigh leo fanacht i Roinn 1, ach an féidir leo é a dhéanamh arís i mbliana? Ní dóigh liom é. Tháinig siad aniar aduaidh ar fhoirne éagsúla anuraidh sna cluichí ag tús na Sraithe ach chaill siad an trí chluiche dheireanacha a d’imir siad sa tSraith. Beidh na foirne eile réidh dóibh i mbliana.

Maidir leis an gCabhán, ta dul chun cinn á dhéanamh sa gcontae le blianta beaga anuas ach feictear dhom nach bhfuil siad réidh do Roinn 1 go fóill beag. Mar a tharla don Iarmhí sa mbliain 2014 agus don Dún anuraidh, gheobhaidh an Cabhán deacair é fanacht leis na boic mhóra.

Tá na Conallaigh ar cheann de na foirne is fearr sa tír ó 2011 i leith, ach tá deireadh tagtha le ré órga an chontae sin. An mbeidh siad in ann maireachtáil gan leithéidí Odhrán Mic Niallais, Colm McFadden, Eamon McGee, Rory Kavanagh, Christy Toye agus Leo McLoone? Ní dóigh liom é.

Tógfaidh na contaetha sin pointí óna chéile ach diabhal mórán a thógfaidh siad ó na foirne eile. Bheinn ag súil go dtógfadh na Dubs iomlán na bpointí ó na foirne sin.

Cé a thabharfas fadhbanna do na Dubs?

Maidir leis na foirne eile, feicfear dhom go gcríochnóidh Muineachán i lár na Sraithe agus go mbeidh géariomaíocht idir Maigh Eo, Ciarraí agus Tír Eoghain do áit in aghaidh na Dubs sa gcluiche ceannais. Tá atógáil ar siúl i gCiarraí faoi láthair tar éis gur fhág go leor imreoirí sinsearacha an painéal le blianta beaga anuas. Tá go leor imreoirí óga ag teacht tríd do na Ciarraígh, mar sin féin. Ná déanaimis dearmad go bhfuil Craobh Mionúir na hÉireann buaite acu trí huaire i ndiaidh a chéile gan trácht ar na buanna stairiúla a bhí ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne i gCraobh Chorn Uí Ógáin i 2014 agus i 2015. Tá todhchaí bhreá amach rompu agus b’fhéidir go mbeadh sé róluath dóibh i mbliana.

GG 1

Beidh Maigh Eo gar go maith dhó mar a bhíonn go hiondúil. Anuraidh bhí siad ciúin go leor le linn na Sraithe agus iad ag díriú ar bhuaic a gcuid imeartha a bhaint amach i míonna deireanacha an tsamhraidh ach beidh cur chuige difriúil acu i mbliana. Tabharfaidh siad thaispeántais mhaithe dúinn sa tSraith. D’fhéadfaidís é a bhuachan.

Tógann Mickey Harte Craobh Chorn Mhic Cionnaith agus an tSraith Naisiúnta an-dáiríre agus feictear dhom go mbainfidh na hUltaigh cluiche ceannais na Sraithe amach i mbliana, dá bharr sin. Bhí siad míshásta go leor leis an gcaoi a ndeachaigh an Chraobh dóibh anuraidh agus beidh siad tiomanta do rudaí a chur ina gceart i mbliana. Chomh maith leis sin, ta brú ar phost Mickey Harte don chéad uair le fada agus beidh sé ag iarraidh daoine áirithe a chur ina dtost.

Ní imreofar cluichí leathcheannais sraithe i mbliana. Mar sin, beidh sé i bhfad níos deacra an cluiche ceannais a bhaint amach. Beidh Jim Gavin idir dhá thine Bhealtaine maidir le cé acu foireann óg, nó foireann shinsearach, a churfidh sé chun páirce lena linn, dá bharr. Beidh sé ag iarraidh an tSraith a bhuachan ach an mbeidh tionchar ag líon ard na gcluichí ar a chuid imreoirí níos faide ar aghaidh sa mbliain? Íobairt nó Bua?? Bua a déarfainnse féin! As an 16 comórtas ar ghlac na Dubs páirt iontu lena linn tá 12 acu buaite aige. Ní thuigeann sé rud ar bith eile.

Mar a fheicim deireadh na Sraithe i mbliana:

                                                                           I        B          CS        C          P

Áth Cliath                                                         7        6          0          1          12

Tír Eoghain                                                       7        6          0          1          12

Maigh Eo                                                           7        5          0          2          10

Ciarraí                                                               7        4          0          3          8

Muineachán                                                     7        3          0          4          6

Dún na nGall                                                    7        2          0          5          4

Ros Comáin                                                      7        1          0          6          2

An Cabhán                                                        7        0          0          7          0

Feictear dhom go mbuafaidh Áth Cliath ar Thír Eoghain i gcluiche ceannais na Sraithe.

Bealach amháin, nó bealach eile, bainfidh muid taitneamh as an mbóthar is as na dúshláin éagsúla atá romhainn amach. Nach iontach a bheith beo. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s