Filleadh Buacach ag Fathaigh Jim Gavin

Áth Cliath 0-18 An Cabhán 0-11

Páirc Bhreifne, 5 Feabhra, 2017

Bhí filleadh buacach ag fathaigh Jim Gavin sa gcéad bhabhta seo de chuid na Sraithe Náisiúnta a imríodh os comhair 16,331 i bPáirc Bhreifne, Dé Domhnaigh seo caite, 5 Feabhra. Ba é seo an tríochadú bua i ndiaidh a chéile ag na Dubs idir an tSraith Náisiúnta agus an Chraobh. Insíonn sé sin a scéal féin faoin méid atá bainte amach ag an bhfoireann iontach seo. Cuireadh an cluiche siar 20 nóiméad leis ar an slua mór a d’fhreastail ar an gcluiche a scaoileadh isteach.

zuemjdhx

D’aimnigh Gavin foireann láidir don chluiche seo, rud a thugann le fios go bhfuil na Dubs dírithe ar an tSraith Náisiúnta a bhuachaint arís i mbliana. Rinneadh cúpla athrú ar an bhfoireann a fógraíodh an oíche roimh an gcluiche, áfach. Roghnaíodh Jason Whelan in áit Eoghan O’Gara, Niall Scully in áit Cormac Costello agus Jack McCaffrey in áit Davy Byrne.

Níl foireann Gavin i bhfad ar ais ag traenáil, ach taobh amuigh de chúpla pas láimhe a chuaigh ar strae, bhí cuma réasúnta maith orthu. I measc na n-imreoirí is mó a bhreathnaigh réidh agus fuinniúil bhí Philly McMahon, Michael Darragh Macauley, Ciarán Kilkenny, Brian Fenton agus Dean Rock. D’éirigh le Niall Scully gradam laoch na himeartha a bhuachan don tríú cluiche i ndiaidh a chéile. Níl aon amhras faoi ach go bhfuil sé ag tabhairt seans dó féin, chomh maith le hábhar machnaimh do Gavin agus a fhoireann bainistíochta.

Tugadh seans do Jason Whelan, Ciarán Reddin agus Conor McHugh gabháil i bhfeidhm ar an mbainsteoir, freisin, agus níor bhreathnaigh siad as áit i measc fhathaigh Bhaile Átha Cliath. Bhí Seanie Johnson iontach don Chabhán agus d’aimsigh sé cúig chúilín ar fad agus trí cinn acu siúd ón imirt.

An Chéad Leath

Thosaigh an Cabhán an cluiche seo go láidir agus bhí sé soiléir gur cheap siad go bhféadfaidís an ceann is fearr a fháil ar na Dubs. Bhí Mattie McGleenan agus a fhoireann ag súil go mbeadh siad tuirseach tar éis an bhriseadh a bhí acu san Iamáice agus go gcuirfeadh an easpa traenála isteach ar a gcuid imeartha. Tar éis 20 nóiméad bhí an Cabhán chun tosaigh ar scór 0-05 go dtí 0-04.

Dhúisigh sé sin na Dubs, áfach, agus d’aimsigh siad an chéad chúig scór eile. Seachtar ar fad a d’aimsigh scóranna do na Dubs sa gcéad leath – Kevin McManamon, Michael Darragh Macauley, Dean Rock, Jason Whelan, Ciarán Kilkenny, Niall Scully agus Jack McCaffrey. Scór leathama: Áth Cliath 0-10 An Cabhán 0-07.

hk166qrz

An Dara Leath

Tháinig na Dubs amach sa dara leath agus lean siad orthu ag ionsaí chúlaithe an Chabháin. D’éirigh leo an cluiche a chríochnú mar chomórtas nuair a d’aimsigh siad ceithre cinn den chéad chúig scór eile ag tús an dara leath. Bhí bua compordach acu sa deireadh. Scór deiridh: Áth Cliath 0-18 An Cabhán 0-11.

Dúshláin Níos Deacra

Fágann an bua seo gurb iad na Dubs atá ag barr na sraithe. Níl aon amhras ach go mbeidh cluichí níos deacra amach rompu, mar sin féin, ag tosú le Tír Eoghain Dé Sathairn. Is cúis mhór sásaimh do Jim Gavin, áfach, gur éirigh le deichniúr imreoirí éagsúla scóranna a aimsiú in aghaidh an Chabháin rud a léiríonn go bhfuil siad réidh don dúshlán atá amach rompu.

dwtvwce1
Gearóid Ó Mórdha agus Áine Ní Mhórdha i bPáirc Bhreifne

Cuirfidh Mickey Harte foireann láidir chun páirce Dé Sathairn. Beidh sé ag iarraidh stop a chur le sodar na Dubs ach beidh Gavin agus a fhoireann réidh dóibh. Beidh cath mór ann agus ní bhuafar an cluiche seo go dtí na nóiméid dheireanacha. Ba cheart go mbeadh slua mór ann, freisin.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Tábla na Sraithe

  I B CS C S G P
Áth Cliath 1 1 0 0 18 11 2
Tír Eoghain 1 1 0 0 18 12 2
Ciarraí 1 1 0 0 23 20 2
Muineachán 1 1 0 0 14 12 2
Maigh Eo 1 0 0 1 12 14 0
Dun na nGall 1 0 0 1 20 23 0
Ros Comáin 1 0 0 1 12 18 0
An Cabhán 1 0 0 1 11 18 0

 

Áth Cliath: S Cluxton, M Fitzsimons, P McMahon, E Lowndes, J McCarthy (0-02), J Small, J McCaffrey (0-01), B Fenton (0-01), MD Macauley (0-01), J Whelan (0-01), C Kilkenny (0-01), N Scully (0-02), P Mannion, D Rock (0-07), K McManamon (0-01)

Ionadaithe: C Costello (0-01) do P McManamon, C Basquel do J Whelan, E O’Gara do P Mannion, D Byrne do M Fitzsimons, C Reddin do MD Macauley, C McHugh do D Rock

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s