Tiobraid Árann 1-24 Áth Cliath 1-08

Tiobraid Árann 1-24 Áth Cliath 1-08

Páirc an Chrócaigh, 11 Feabhra, 2017

Níl aon amhras ach go bhfuil bliain uafásach dúshlánach roimh iománaithe na Dubs. Thug na Tiobraidigh léasadh ceart do fhoireann óg Ger Cunningham Dé Sathairn seo caite, 11 Feabhra, agus tá faitíos ann go bhfaighidh siad cúpla léasadh eile idir seo agus deireadh na Sraithe.

i-2

Má tá na Dubs ag iarraidh a bheith iomaíoch caithfidh na himreoirí is fearr atá acu a bheith ag imirt leo – bun agus barr an scéil. Níl imreoirí Chuala ar fáil do Cunningham fós ach tá roinnt imreoirí againn i mBaile Átha Cliath a bhfuil Craobh Laighean agus Sraith Náisiúnta buaite acu, nach bhfuil ar an bpainéal ar chúis amháin nó ar chúis eile. Teastaíonn na himreoirí seo ó na Dubs má tá siad le dul chun cinn a dhéanamh.

Tá foireann óg á tógáil ag Cunningham faoi láthair, ach ní féidir a bheith ag súil le míorúiltí nuair a chailltear a oiread imreoirí is a chaill na Dubs i mbliana. Tá fadhb ann agus caitear í a réiteach. Mara réirítear í cuirfear iománaíocht Átha Cliath agus an obair mhaith uilig a rinneadh le blianta beaga anuas siar deich mbliana.

Mar a chonaic muid Dé Sathairn tá muid tite siar go mór ón áit a raibh muid i 2013. Beidh sé fíordheacair ar na Dubs fanacht i Roinn 1a den tSraith Náisiúnta i mbliana. Bliain fhada atá amach romhainn ach caithfidh muidne, an lucht leanta, fanacht dílis do na himreoirí.

An cluiche féin

Thosaigh muid an cluiche go maith agus tar éis 16 nóiméad bhí muid chun tosaigh ar scór 0-04 go dtí 0-01. Níor éirigh linn ach cúig scór eile a aimsiú uaidh sin go deireadh an chluiche, áfach, agus rinne na Tiobraidigh scrios ar chúl Átha Cliath idir an dá linn. Bhí Aidan McCormack, Forde Forde agus Séamus Callanan iontach do Thiobraid Árann agus idir an triúr acu d’aimsigh siad deich gcúilín sa gcéad leath. Scór leathama: Tiobraid Árann 0-11 Áth Cliath 0-06.

Lean na Tiobraidigh orthu mar a chríochnaigh siad an dara leath agus d’aimsigh siad 12 den chéad 13 scór eile agus cul ó Forde i measc na scóranna sin. Tháinig Éamonn Dillon isteach do na Dubs don dara leath agus d’aimsigh sé cúl sa 60ú nóiméad rud a chuir snas beag ar chlár na scór. An scór deiridh: Tiobraid Árann 1-24 Áth Cliath 1-08.

Corcaigh

Tabharfaidh na Dubs aghaidh ar Chorcaigh tráthnóna inniu i bPáirc Uí Rinn agus beidh jab an-deacair ag Cunningham is ag an bhfoireann bainistíocta múinín agus misneach a spreagadh i measc na n-imreoirí. Ta Corcaigh ag imirt go maith ó thús na bliana agus níl aon amhras ach go mbeidh siad ag iarraidh díoltas a bhaint amach don slad a rinne na Dubs orthu sa tSraith anuraidh. Leathanta deacra atá romhainn amach…

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

Tábla na Sraithe

  I B CS C S G P
Tiobraid Árann 1 1 0 0 27 11 2
Corcaigh 1 1 0 0 21 14 2
Port Láirge 1 1 0 0 18 17 2
Cill Chainnigh 1 0 0 1 17 18 0
An Clár 1 0 0 1 14 21 0
Áth Cliath 1 0 0 1 11 27 0

 

Áth Cliath: G Maguire, P Smyth, E O’Donnell, S Barrett, C Crummey (0-01), L Rushe, S McGrath, B Quinn, D Fox, C O’Sullivan, N McMorrow (0-02), R O’Dwyer, O O’Rorke (0-01), D Burke (0-03), F McGibb (0-01)

Ionadaithe: J Madden do S McGrath, E Dillon (1-00) do C O’Sullivan, R McBride do D Fox, C Conway do O O’Rorke, A Quinn do F McGibb

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s