Áth Cliath 0-10 Tír Eoghain 1-07

Páirc an Chrócaigh, 11 Feabhra, 2017

Is beag duine i measc an 28,305 a bhí i láthair i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna Dé Sathairn, 11 Feabhra, a cheap nach mbeadh an bua ag Tír Eoghain tar éis 59 nóiméad den chluiche seo. Thaispséain na Dubs dúinn arís eile, áfach, an díocas agus an uaillmhian atá acu agus dhiúltaigh siad géilleadh do Thír Eoghain. Bhí na Dubs cúig chúilín taobh thiar agus gan ach deich nóiméad móide am cúitimh gortaithe fágtha ach d’éirigh leo comhscór a fháil le foireann Mickey Harte. Tá 31 cluiche sraithe is craoibhe i ndiaidh a chéile imeartha acu gan cailleadh anois! Ní hé seo an chloch is mó atá ar pháidrín na Dubs, ach is mór an t-éacht é mar sin féin.

te4

An Cluiche

Bhí sé soiléir ó thús an chluiche seo go raibh Tír Eoghain réidh do na Dubs. Thug Tír Eoghain sarthaispeántas cosanta dúinn go dtí gur cuireadh Mark Bradley den pháirc sa 51ú nóiméad. Bhí a gcuid cúlaithe uilig go hiontach agus bhí sé fíordheacair ag na Dubs deiseanna scórála a chruthú. Níor éirigh leo ach cúig scór a aimsiú sa gcéad 60 nóiméad den chluiche. Níor aimsigh siad ach trí cinn ar fad sa gcéad leath agus tháinig péire acu sin ó chúlaithe na Dubs – Philly McMahon agus Jonny Cooper. Insíonn sé sin a scéal féin. Dean Rock a d’aimsigh an scór eile do na Dubs agus d’aimsigh Peter Harte (0-02), Niall Sludden (0-02) agus Conor Meyler na scóranna do Thír Eoghain. Scór leathama: Tír Eoghain 0-05 Áth Cliath 0-03.

te2

Ní raibh na Dubs móran níos fearr ag tús an dara leath ach d’fhéadfadh rudaí a bheith i bhfad níos éasca dóibh dá n-aimseodh Rock cúl ón gcic éirice a fuair na Dubs, nuair a rinne Seán Cavanagh calaois ar Paul Mannion sa 38ú nóiméad. Sábháladh cic lag Rock, áfach, agus bhí an chuma ar an scéal go mbeadh an lá leis na hUltaigh. D’aimsigh Aidan McCrory cúl go gairid ina dhiaidh agus bhí Tír Eoghain ag buachan ar scór 1-06 go dtí 0-04.

Tharla eachtra chinniúnach an chluiche sa 50ú nóiméad nuair a cuireadh Bradley den pháirc théis go raibh sé féin agus Jonny Cooper in adharca a chéile. Athraíodh an cluiche ina dhiaidh sin agus d’éirigh leis na Dubs sé scór a aimsiú idir sin agus deireadh an chluiche. D’éirigh le Rock saorchic a aimsiú ó 50 slat amach leis an gcluiche a chothromú sa 73ú nóiméad. D’aimsigh Brian Fenton is Ciarán Kilkenny scóranna do na Dubs sa dara leath, freisin. Ba iad Declan McClure agus Sludden a fuair na scóranna eile do Thír Eoghain. An scór deiridh: Áth Cliath 0-10 Tír Eoghain 1-07.

Dún na nGall

Is cinnte go bhfuil an t-uafás oibre déanta ag na Dubs ar an bpáirc traenála le linn an bhriseadh sa tSraith Náisiúnta le seachtain anuas. Ní raibh an fuinneamh céanna le feiceáil iontu in aghaidh Thír Eoghain agus rinne siad go leor botún gan aon choinne. Chuaigh go leor pasanna ar strae. Ba cheart go mbeadh a gcuid imeartha níos slachtmhaire in aghaidh na gConallach. Tá go leor imreoirí tar éis painéal Dhún na nGall a fhágáil le bliain anuas agus beidh dúshlán mór rompu leis na Dubs a chloí.

Beidh lucht leanta na Dubs ag súil go mbeidh peileadóirí Átha Cliath in ann brú ar aghaidh uaidh seo go deireadh na bliana anois. Ba cheart go mbeadh Diarmuid Connolly, Paul Flynn, Paddy Andrews agus Bernard Brogan ag filleadh go luath rud a chruthóidh iomaíocht ghéar don 15 áit tosaigh ar an bhfoireann.

te1

Tír Eoghain

Maidir le Tír Eoghain, ní chuirfeadh sé puinn iontais orm dá bhfeicfeadh muid arís i mbliana iad. Foireann iad atá ag teacht in athuair agus beidh siad an-chontúirteach i mbliana. In ainneoin nár bhuaigh siad Dé Sathairn beidh siad réasúnta sásta gur éirigh lena gcuid cúlaithe foireann Jim Gavin a chloí don chéad chaoga nóiméad don chluiche. Is ag gabháil i dtreise a bheidh siad amach anseo.

Tábla na Sraithe

  I B CS C S G P
Áth Cliath 2 1 1 0 28 21 3
Tír Eoghain 2 1 1 0 28 22 3
Muineachán 2 1 1 0 21 19 3
Ciarraí 2 1 0 1 36 35 2
Maigh Eo 2 1 0 1 27 27 2
Dún na nGall 2 1 0 1 36 38 2
An Cabhán 2 0 1 1 18 25 1
Ros Comáin 2 0 0 2 27 34 0

 

Áth Cliath: S Cluxton, P McMahon (0-01), M Fitzsimons, J Cooper (0-01), J McCarthy, J Small, J McCaffrey, B Fenton (0-01), MD Macauley, N Scully, P Mannion, C Kilkenny (0-01), C Basquel, E O’Gara, D Rock (0-06)

Ionadaithe: E Lowndes do C Basquel, K McManamon do MD Macauley, C Reddin do P Mannion, D Byrne do J McCaffrey, J Whelan do J Small, D Daly do J Cooper

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s