Áth Cliath 2-19 Corcaigh 1-14

Páirc Uí Rinn, 18 Feabhra, 2017

(slua: 6,214)

Tabharfaidh iománaithe Bhaile Átha Cliath aghaidh ar Phort Láirge anocht. Sula ndírím ar an gcluiche sin, áfach, caithfidh mé súil siar anseo ar an mbua iontach a bhí ag foireann Ger Cunningham ar Chorcaigh coicís ó shin i bPairc Uí Rinn.

Níl aon amhras ach go bhfuil moladh ag gabháil do chuile dhuine a imríodh agus go mórmhór do na himreoirí óga a d’imir – leithéidí Caolán Conway, Eoghan Conroy agus Dónal Burke ach go háirithe. Ní rómhinic a bhíonn an bua ag na Dubs ar na Corcaígh agus freagra iontach a bhí anseo ar an gcáineadh a rinneadh orthu tar éis an chluiche in aghaidh Thiobraid Árann.

An cluiche féin

Tar éis an chéad 13 nóiméad, nó mar sin, den chluiche seo ní raibh rudaí ag breathnú ró-iontach do fhir na príomhchathrach. Bhí Corcaigh chun tosaigh ar scór 0-04 go dtí 0-01 agus cúpla seans eile curtha amú acu. D’éirigh leis na Dubs greim a fháil ar an gcluiche ina dhiaidh sin,áfach, agus d’aimsigh siad an chéad naoi scór eile agus cúl ó Ryan O’Dwyer i measc na scóranna sin. D’fhág sé sin go raibh Baile Átha Cliath chun tosaigh ar scór 1-09 go dtí 0-04 tar éis 26 nóiméad.

pg8conroy

D’fhéadfadh Baile Átha Cliath a bheith níos faide chun tosaigh murach gur shábháil Anthony Nash poc éirice ó Dhónal Burke sa 24ú nóiméad. Chríochnaigh Corcaigh an leath go láidir agus d’éirigh leo 1-04 a aimsiú idir sin agus leatham. Ba é Shane Kingston a fuair an cúl don fhoireann baile.

Ina measc siúd a fuair scóranna na Dubs sa gcéad leath, bhí Burke (0-04), O’Dwyer (1-00), Conroy (0-02), Rian McBride (0-02) agus cúilín an duine ó Conway, Chris Crummey is ó Fhionntán Mac Gib. Scór leathama: Áth Cliath 1-11 Corcaigh 1-07

An Dara Leath

Tugadh buille marfach do Chorcaigh go luath sa dara leath leath nuair a d’aimsigh Eoghan Conroy, a bhí ag imirt do na Dubs sa tSraith don chéad uair, cúl sa 40ú nóiméad. Bhí sé deacair ar fhoireann Kieran Kingston teacht ar ais ina dhiaidh sin. Chríochnaigh na Dubs an cluiche go réasúnta compordach in ainneoin gur cuireadh Chris Crummey den pháirc sa 55ú nóiméad, théis gur bronnadh an dara cárta buí air.

I measc na scórálaithe do na Dubs sa dara leath bhí de Búrca (0-04), Conroy (1-00) agus ceann an duine ó O’Dwyer, Chris Bennett, Eamonn Dillon is ó Chian O’Sullivan. An scór deiridh: Áth Cliath 2-19 Corcaigh 1-14.

Tábla na Sraithe

  I B CS C S G P
Tiobraid Árann 2 2 0 0 48 26 4
An Clár 2 1 0 1 39 33 2
Corcaigh 2 1 0 1 38 39 2
Port Láirge 2 1 0 1 33 38 2
Áth Cliath 2 1 0 1 36 44 2
Cill Chainnigh 2 0 0 2 29 43 0

Amach anseo

Léirigh lucht leanta na gCorcaíoch a míshástacht le taispeántas a bhfoirne agus ní raibh mórán acu fágtha i bPáirc Uí Rinn ag deireadh an chluiche. Tá go leor brú ar fhoireann óg seo na Dubs agus níl aon amhras ach go spreagfaidh an bua seo muinín, misneach is mórtas iontu sna cluichí amach romhainn.

Mar sin féin, tá na fadhbanna céanna fós ann agus teastaíonn réiteach orthu go práinneach. Má tá na Dubs le bheith iomaíoch in aghaidh na mboc mór i mbliana, caithfidh na himreoirí is fearr atá againn a bheith ar an bpainéal. Is iontach an rud é go bhfuil na leaids óga ag déanamh dul chun cinn, ach, tá imreoirí a bhfuil taithí na mblianta acu ag teastáil lena dtiomáint ar aghaidh. Tá mo dhóthain ráite agam go fóill beag!!

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: C Dooley, J Madden, E O’Donnell, S Barrett, B Quinn, L Rushe, C Crummey (0-01), C Conway (0-01), N McMorrow, E Conroy (1-02), R McBride (0-02), E Dillon (0-01), F Mac Gib (0-01), R O’Dwyer (1-01), D Burke (0-08)

Ionadaithe: C Bennett (0-01) do B Quinn, C Mac Gabhann do C Conway, C O’Sullivan (0-01) do R O’Dwyer, F Whitely do E Dillon, D Fox do D Burke

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s