Dún na nGall 2-05 Áth Cliath 1-08

Páirc Sheáin Mhic Cumhaill, 26 Feabhra, 2017

32 cluiche sraithe is craoibhe gan chailleadh…ach ar éigean é! Ba cheart go mbeadh lá níos compordaí ag na Dubs, ach, mar a tharla i gcluiche leathhcheannais na hÉireann anuraidh, rinneadh slad ar chúl Stephen Cluxton díreach roimh an mbriseadh leathama. D’fhág sé seo go raibh dúshlán is cath mór roimhe na Dubs sa dara leath. Díreach mar a tharla sa gcluiche leathcheannais sin in aghaidh Chiarraí, áfach, ghlac siad leis an dúshlán go fonnmhar is le díocas.

acvdl2

Cúis mhór sásaimh do Áth Cliath ab ea an fhoighid agus an díocas a léirigh siad théis do Dhún na nGall dhá chúl a aimsiú díreach roimh an mbriseadh. D’fheádfadh an cluiche seo a bheith caite in airde acu théis an dá bhuille mhóra sin ach choinnigh siad leis. ‘Speáin leithéidí Eric Lowndes agus Darren Daly arís eile dúinn go bhfuil siad in ann jab a dhéanamh má thagann an glaoch níos faide anonn sa samhradh.

B’fhéidir gur cheart go mbeadh an cluiche seo buaite ag na Dubs sa deireadh, ach beidh Jim Gavin sásta go leor leis an spiorad a léirigh a fhoireann.

Tugadh seans do go leor imreoirí atá ar imeall phainéal Bhaile Átha Cliath sa gcluiche seo. I measc na n-imreoirí a thosaigh an cluiche bhí Ciarán Reddin, Shane Carthy (Cumann Naomh Uinsionn), Niall Scully agus Conor McHugh agus tháinig Jason Whelan agus Eiméad Ó Conghaile isteach le linn an dara leath.

Imríodh an cluiche seo os comhair os cionn 10,00 duine i bPáirc Mhic Cumhaill i ndrochaimsir gheimhriúil agus níl aon amhras ach go raibh tionchar mór ag an drochaimsir ar an gcluiche.

An Cluiche Féin

Tar éis 25 nóiméad den chluiche seo bhí an chuma ar an scéal go mbeadh bua éasca ag na Dubs. Bhí siad 0-05 go dtí 0-01 chun tosaigh agus ag bogadh ar aghaidh go deas réidh nuair a baineadh an bonn uathu díreach roimh leatham, tar éis do na Conallaigh an dá chúl sin a aimsiú. Ba é Jason McGee a d’aimsigh an chéad chúl sa 32ú nóiméad agus d’aimsigh Ryan McHugh an dara cúl nóiméad ina dhiaidh sin. Ba iad Shane Carthy, Dean Rock, Ciarán Kilkenny, Conor McHugh agus Niall Scully a d’aimsigh cúilíní na Dubs. An scór leathama: Dún na nGall 2-02 Áth Cliath 0-05.

An Dara Leath

Sa 39ú nóiméad mhéadaigh Michael Murphy an bhearna go dtí ceithre chúilín agus bhí an chuma ar an scéal go raibh na Dubs i dtrioblóid. Bhí curaidh na hÉireann go hiontach ina dhiaidh sin, áfach, agus d’aimsigh siad 1-03 sular éirigh le Dún na nGall a gcéad scór eile a fháil deireanach sa gcluiche. Niall Scully a fuair an cúl do na Dubs.

acvdl

Bhí Áth Cliath cúilín chun tosaigh in am cúitimh gortaithe nuair a thug an réiteoir saorchic conspóideach do Dhún na nGall. Bhí Michael Murphy cruinn lena chic agus chríochnaigh na foirne cothrom. Ba iad Dean Rock (0-02) agus Davy Byrne (0-01) a fuair na scóranna eile do Áth Cliath sa dara leath. Scór deiridh: Dún na nGall 2-05 Áth Cliath 1-08.

Tábla na Sraithe

  I B CS C S G P
Muineachán 3 2 1 0 35 32 5
Maigh Eo 3 2 0 1 49 41 4
Áth Cliath 3 1 2 0 39 32 4
Tír Eoghain 2 1 1 0 28 22 3
Dún na nGall 3 1 1 1 47 49 3
Ciarraí 3 1 0 2 49 49 2
An Cabhán 2 0 1 1 18 25 1
Ros Comáin 3 0 0 3 41 56 0

 

Amach anseo

Cuirfidh Jim Gavin is a fhoireann fáilte roimh Mhaigh Eo go Páirc an Chrócaigh sa gcéad chluiche eile Dé Sathairn seo chugainn. Níl aon amhras faoi ach go mbeidh ar na Dubs a bheith níos fearr má tá siad leis an dá phointe a thógáil sa gcluiche sin. Tá Maigh Eo tar éis an dá chluiche dheireanacha a bhuachaint agus is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh díoltas a bhaint amach ar na Dubs.

Níl Áth Cliath ag imirt chomh maith is atá siad in ann faoi láthair. Ina ainneoin sin, níl siad ag cailleadh a gcuid cluichí. Ábhar mór dóchais é sin don chuid eile den bhliain. Beidh an fhoireann ag neartú de réir a chéile agus ní fada go mbeidh leithéidí Cian O’Sullivan, Diarmuid Connolly, Bernard Brogan, James McCarthy is Paddy Andrews ar ais. Beidh Gavin ag súil le rudaí móra ó Con O’Callaghan i mbliana, freisin.

Is cinnte go bhfuil Gavin sásta leis an spiorad a léirigh a fhoireann in aghaidh Thír Eoghain is Dhún na nGall. D’éirigh leo somhscór a fháil sna cluichí sin tar éis dóibh a bheith taobh thiar. Beidh sé ag súil go dtiocfaidh feabhas ar a fhoireann sna seachtainí amach romhainn, áfach.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: S Cluxton, P McMahon, M Fitzsimons, E Lowndes, D Daly, J McCaffrey, J Small, B Fenton, C Reddin, SB Carthy (0-01), C Kilkenny (0-01), N Scully (1-01), D Rock (0-03), E O’Gara, C McHugh (0-01)

Ionadaithe: P Flynn do SB Carthy, MD Macauley do C Reddin, K McManamon do E O’Gara, D Byrne (0-01) do J McCaffrey, J Whelan do C McHugh, E Ó Conghaile do D Daly

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s